Ní féidir cúis na héiceolaíochta a chosaint agus neamhaird a thabhairt ar an nGaeilge

Caithfear dlús a chur le bonneagar intleachtúil na tíre a thógáil in ionad a bheith de shíor ag cur béim ar an mbonneagar fisiciúil - sliocht ón leabhar nua An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht

Ní féidir cúis na héiceolaíochta a chosaint agus neamhaird a thabhairt ar an nGaeilge

Ag tús an chéid seo ba léir go raibh rogha ag Éirinn dul bealach amháin nó bealach eile. Bealach amháin ná dul i dtreo forbairt a bheadh bunaithe go príomha ar nuálaíocht, ar eolas, ar acmhainní cultúrtha na sochaí Éireannaí. An bealach eile ná forbairt a bheadh bunaithe ar earnáil na tógála, ar impireacht na mbrící agus ar theacht isteach ioncaim ó dhleacht stampála.

Roghnaíodh an dara bealach, faraor, agus tar éis 2008 bhí an tír in umar na haimléise. Thaispeáin an tréimhse sin i stair na tíre an baol a bhaineann le monachultúr. Má bhíonn geilleagar nó sochaí ag brath ar aon chur chuige amháin, ar aon léamh amháin ar dhul chun cinn na tíre, bíonn leochaileacht de shíor mar dhlúthchuid de thodhchaí na sochaí. Bíonn blas ar an mbeagán agus is fíorshearbhasach an blas é go fadtéarmach mura mbíonn ann ach an beagán.

Thaispeáin cruachás na hÉireann go suntasach tábhacht phrionsabal na hathléimneachta. Is ionann prionsabal na hathléimneachta agus béim a chur ar éagsúlacht a chruthú agus a chaomhnú i sochaí, éagsúlacht chultúir, éagsúlacht teanga, éagsúlacht chreidimh, éagsúlacht luachanna. I gcás géarchéime, is féidir dul chuig an iliomad tobar eagna seachas a bheith i dtólamh ag tarraingt ón tobar aonair, spleáchas cultúrtha a chothaíonn éiginnteacht agus leochaileacht i measc an phobail.

Conas prionsabal na hathléimneachta a chur i bhfeidhm in Éirinn? Céim amháin ná dlús a chur le bonneagar intleachtúil na tíre a thógáil in ionad a bheith de shíor ag cur béim ar an mbonneagar fisiciúil. Ciallaíonn bonneagar intleachtúil tionscnaimh nó gréasáin a fhorbairt nó a mhaoiniú a chothaíonn tóir an eolais, fás na cruthaitheachta agus scaipeadh na smaointeoireachta, bunchlocha na héagsúlachta in aon tír faoi leith.

Ar ndóigh, deirtear go minic gurb í sin an sprioc atá ag ‘sochaí an eolais’ nó ag an ‘geilleagar cliste’ ach de ghnáth ní chuirtear san áireamh ach an eolaíocht agus an teicneolaíocht agus na téarmaí sin á lua ag polaiteoirí agus ag lucht na meán, agus déantar neamhshuim de chuile ghné eile de chultúr na sochaí. Fiú na maithe agus móruaisle a tháinig le chéile i dTeach Farmleigh in 2010, d’aithin siad go raibh fiúntas faoi leith ag baint le saibhreas cultúrtha na tíre agus b’amaideach gan tairbhe a bhaint as an stór luachmhar sin. Luíonn sé le réasún mar sin go mbeadh ról lárnach ag an nGaeilge agus an bonneagar intleachtúil seo á fhorbairt againn.

An loighic fhóntaíoch atá taobh thiar de léirscrios acmhainní nádúrtha an phláinéid, is follas go bhfuil sí ag feidhmiú freisin laistigh den díspeagadh ar an teanga mar ábhar ‘úsáideach’ nó scil ‘phraiticiúil’. Ní féidir, mar sin, cúis na héiceolaíochta a chosaint agus neamhaird a thabhairt ar an nGaeilge. Baineann marthanas na timpeallachta le loighic fhrithfhóntaíoch a aithníonn tosaíochtaí sa saol seachas a bheith úsáideach, a thugann ómós don ilghnéitheacht agus don éagsúlacht.

Braitheann teacht aniar an éiceachórais ar réimse leathan roghanna sa chóras ionas go mbeidh an córas in ann déileáil le fadhbanna nach raibh aon choinne aige leo. Conas is féidir sa chomhthéacs sin polasaithe a fhorbairt i leith na timpeallachta in Éirinn agus gan faic ann faoi ról na teanga? Mar níl aon teacht ar roghanna breise mura bhfuil a fhios ag éinne go bhfuil siad ann. Is é sin a rá go mbíonn chuile shochaí ag brath ar réimeas na hairde sin atá i gceannas inti. Tugann na saoránaigh suntas don rud seo nó don rud siúd agus ní hionann na hábhair shuntais ó shochaí go sochaí, cúrsaí ciníochais sna Stáit Aontaithe, todhchaí na gcoillte san Fhionlainn, forbairt an deiscirt san Iodáil. Ní rud neodrach é, áfach, an aird. Caitheann comhlachtaí móra an t-uafás airgid ag iarraidh ár n-aird a dhíriú ar earraí nó ar sheirbhísí faoi leith ar an idirlíon nó trí na meáin shóisialta.

Níl aon earra níos luachmhaire sa gheilleagar comhaimseartha ná ár n-aird. Tuigeann polaiteoirí freisin cé chomh tábhachtach is atá sé aird an phobail a tharraingt ar ghné amháin de scéal agus gan aon aird a dhíriú ar ghné eile, pobalóirí ag tabhairt amach faoi ualach na n-imirceoirí ar an gcóras sláinte agus iad ina dtost ar fad i dtaobh ollchuidiú eacnamaíoch na n-imirceoirí céanna.

Baineann réimeas airde go dlúth le teanga. Tugaim suntas do rudaí áirithe trí na hacmhainní a chuireann an teanga ar fáil dom. Is tríd an nGaeilge a fhaightear léamh iomlán éagsúil ar chruth agus ar stair na tíre. Cuireann an teanga faoi do bhráid an iliomad gnéithe de thimpeallacht nádúrtha agus daonna an oileáin nach bhfuil ar fáil sa Bhéarla. Agus an ghéarchéim aeráide ag teannadh linn ní féidir linn a thuilleadh bheith dall ar chumas múscailte na teanga. Níl an dara rogha againn nó ní thiocfaidh ár lá go deo na díleann. 

Tá an Ghaeilge agus an Éiceolaiocht foilsithe ag An Timire & Foilseacháin Ábhair Spioradálta

Fág freagra ar 'Ní féidir cúis na héiceolaíochta a chosaint agus neamhaird a thabhairt ar an nGaeilge'

  • Gabriel Rosenstock

    ‘Deepening understanding of inclusion, diversity and difference’ ceann de na manaí atá ag an British Council i mBaile Átha Cliath, más fíor don suíomh gréasáin acu ach féach nach bhfuil áit imeallach (gan trácht ar áit lárnach) ag an nGaeilge mar chuid den fhís bhreá sin acu. I bhfocail eile, bíonn an port iontach sin ag go leor eagraíochtaí cultúrtha agus oideachais sa tír seo, thuaidh agus theas – éagsúlacht, ilchineálacht etc etc atá uathu! Tá sé in am acu go léir beart a dhéanamh de réir a mbriathair.
    Cuid dár n-oidhreacht, sa chiall is leithne den fhocal sin, is ea páirceanna náisiúnta na tíre seo.
    Theip orm teacht ar leagan Gaeilge den suíomh gréasáin atá ag Páirc na Cúile, cuir i gcás:
    https://www.coolepark.ie/education/
    Agus ní raibh an pháirc náisiúnta i gCill Airne pioc níos fearr.
    Tá ‘an scríbhneoireacht ar an mballa’ mar a deirtear sa Bhíobla, agus is i mBéarla atá an scríbhneoireacht sin.

  • Gaeilge sa Chomhaontas Glas

    Tá an ceart ar fad ag údar an ailt (an leabhair) seo. Aithnítear sin, mar shampla, i bpolasaí Gaeilge an Chomhaontais Ghlais anseo https://tinyurl.com/w7bxo57 agus anseo https://www.facebook.com/GaeilgeSaChomhaontasGlas/

  • Eoghan Ó Néill

    Deireadh m’athair mór, atá imithe le fada, ” Ná cuir do chuid uibheachaí ar fad san aon chiseán amháin!” agus chuir an t-alt seo de chuid Micheal Cronin é i gcuimhne domh inniu. Ba chomharsana iad mo mháthair fhéin agus máthair Michael nuair a bhí siad beirt beo bríomhar fiche bliain ó shin.

  • Cumar na dTrí Uisce

    D’imigh an tuiscint ar na logainmneacha agus ar na hainmneacha dúchasacha a bhain leis an nádúr nuair a dimigh an Ghaeilge.
    Mar shampla, d’imigh an t-eolas domhan a bhí againn ar an fheamainn agus chailleamar ainmneacha na gcuanta agus na gcarraigeacha.
    Chothaigh an folús sin deighilt idir muintir na hÉireann agus an tír ina bhfuil siad ina gcónaí.
    ” The tide gone out for good. Thirty two words for seaweed whiten on the foreshore.” mar atá scríofa ag an bhfile Aidan Matthews.