Ní féidir ach go bhfuil rud éicint san aer sa gcuid sin de Mhaigh Eo

Éacht a bhí i dtógáil Chruinneachán NUIG Chomhairle Chonnacht, mar a mbeidh Comhdháil Bhliantúil CLG ar siúl an tseachtain seo chugainn

Ní féidir ach go bhfuil rud éicint san aer sa gcuid sin de Mhaigh Eo

Bhí léargas agaibhse a chonaic aon bhlas de na cluichí i Sraith Peile FBD a ndearna Comhairle Chonnacht sruthú orthu i dtús na bliana seo ar an éacht atá déanta ag an eagraíocht sin i dtógáil an chruinneacháin san áit a bhfuil a gceannáras ar an mBéacán in aice Bhéal Átha hAmhnais.

Níl a leithéid sa tír agus ní bheadh sa gcúige is lú ach an oiread ach amháin a gComhairle siúd a bheith stuama, fadbhreathnaitheach, go háirithe a bpríomhfheidhmeannach Seán Ó Pronntaigh.

Ní féidir ach go bhfuil rud éicint san aer sa gcuid sin de Mhaigh Eo. Deich míle trasna na tíre uaidh atá Aerfort Chnoc Mhuire. Nuair a bhásaigh an t-iriseoir Jim Fahy cúpla seachtain ó shin, trócaire air, chuimhnigh mé ar an ngiota nuachta inar chuir an Fathach giniúint an aerfoirt os comhair an tsaoil.

Thaispeáin an ceamara é agus é amuigh i lár an tsléibhe – ag léimneach ó pholl portaigh go poll portaigh nó faoi dheireadh gur bhain sé barr cnoic amach. Ansiúd roimhe bhí scór meaisín ag cartadh agus ag réabadh. Ag fanacht leis freisin bhí an Moinsíneoir Séamus Ó hÓráin, meangadh ó chluas go cluas air.

‘Céard sa diabhal atá ar siúl anseo?’ a d’fhiafraigh fear RTÉ de. ‘Tá muid tosaithe ar aerfort a thógáil,’ a d’fhreagair an cléireach agus gan le feiceáil ar a chúl ach lagphoill, bruacha móna, criathrach agus ceannbháin bhána.

Ní baileach go bhfuil an talamh chomh dona céanna timpeall Chruinneachán NUIG Chomhairle Chonnacht, ach ina bhealach féin ní lú sin an t-éacht atá déanta ag Mac Uí Phronntaigh agus a chriú.

Sa mbliain 2007 cheannaigh siad 63 acra talún i mBéacán agus thosaigh ag forbairt sé pháirc imeartha. Cúig bliana dár gcionn tógadh ceannáras an chúige ann agus idir an dá linn bhí na páirceanna thar a bheith fóinteach, go háirithe ag coláistí dara leibhéal, a bhfágann doineann an gheimhridh go mbíonn sé deacair orthu i gcónaí a theacht ar áiteacha lena gcluichí a imirt iontu.

Bhí sé ar intinn i gcónaí acu áis imeartha faoi dhíon a thógáil ach nuair a luadh costas €50 milliún a bheith lena leithéid thuigeadar nach mbeidís ina acmhainn. Tráthúil go leor bhí an comhlacht innealtóireachta a bhí ag plé leis an gceannáras tar éis cuairt a thabhairt ar chúpla cruinneachán aeir sa nGearmáin achar gairid roimhe sin. Mheasadar siúd go mba tuairim is €3 milliún a chosnódh ceann a d’fheilfeadh CLG Chonnacht.

D’fhág Scéim Athnuachana na Tuaithe a bhí maoinithe eatarthu ag an AE agus ag Rialtas na hÉireann go raibh fáil láithreach ar dheontas €2.1 milliún. Idir sin, síntiús ó Pháirc an Chrócaigh agus a gcuid airgid féin, tá an costas iomlán glanta faoi seo.

150m ar a fhaid, 100m as a leithead agus 26m ar airde atá an cruinneachán. I chuile chluiche atá imeartha ann tá iarrachtaí tugtha ag peileadóirí an díon a bhualadh de chic liathróide, roimhe, ina dhiaidh nó ag leath ama – níor éirigh fós le haon duine acu. Tá an áit feilteach d’iománaíocht freisin.

Ní iontas beagán den éad a bheith ar theachtaí na gcúigí eile an deireadh seachtaine seo chugainn nuair a fheicfidh a bhformhór an cruinneachán don chéad uair le linn dóibh a bheith ann ag Comhdháil Bhliantúil CLG.

Mar is gnách, d’uireasa toghchán uachtaránachta, is teacht le chéile ciúin go maith a bheas i gceist déarfainn, cé ar ndóigh go mbeidh iarracht eile á déanamh athrú a chur ar leagan amach na Craoibhe Sinsir Peile.

Beidh rún eile ar an gclár nach bhfuil baol ar an méid céanna aeir faighte aige ach a d’fhéadfadh caint a tharraingt freisin – sin moladh nach ceadmhach feasta níos mó ná 16 foireann shinsearach ná idirmheánach a bheith i gcomórtais na craoibhe in aon chontae.

Moladh é a tháinig ón tascfhórsa a chuir Cumann Lúthchleas Gael le chéile le hathchóiriú a dhéanamh ar chomórtais náisiúnta agus logánta na heagraíochta.

Ós rud é gur 16 foireann atá i mórchuid de na contaetha ar aon nós, ní chuirfidh sin isteach orthu siúd, ach ní hamhlaidh do Ghaillimh ná do Thiobraid Árann, go háirid ó thaobh na hiomána.

Bhí 24 foireann san iomaíocht ar chorn an chontae i nGaillimh anuraidh agus má ghlactar leis an moladh beidh ocht gcinn acu sin le cur go dtí an grád idirmheánach sa dá shéasúr seo romhainn.

An chinniúint chéanna a bheadh i ndán do phéire de chlubanna sinsearach peile an chontae – 18 club ansiúd faoi láthair.

Tá sé ráite ag cathaoirleach Choiste na Gaillimhe, Paul Bellew, nár cheart don cheannáras a bheith ag cur a ladar isteach i leagan amach aon chontae, ach ní féidir leis a bheith ag súil le mórán tacaíochta, seachas ó Thiobraid Árann b’fhéidir.

Is acu siúd atá an chraobh shinsir is mó agus is casta sa tír – 32 foireann iomána istigh uirthi, a imríonn a chéile ar dtús ar bhonn logánta agus ansin ina ngrúpaí. Bhí 35 cluiche imeartha i gCraobh Shinsearach Iomána Thiobraid Árann 2021 faoin am ar thug Luachma-Caisleán Laighnigh leo Corn Dan Breen.

Ba iad a bhuaigh craobh shinsearach peile an chontae freisin ar ndóigh agus faoin am a raibh a gcuid iomaíochta i gCraobhacha na Mumhan déanta acu sa dá ghrád bhí siad gaibhte chun páirce 19 deireadh seachtaine as a chéile.

Beidh obair ar Paul Bellew a áitiú ar theachtaí go gcaithfear a leithéid sin a sheachaint.

Fág freagra ar 'Ní féidir ach go bhfuil rud éicint san aer sa gcuid sin de Mhaigh Eo'