Muineachán v Ciarraí – Páirc Naomh Tiarnach, 4pm
Cén freagra a bheidh ag Ciarraí ar theip an deireadh seachtaine seo caite? Tar éis dóibh Craobh na Mumhan a thabhairt leo gan aon stró, bhí daoine ag súil le gaiscí móra le foireann óg Chiarraí ach chlis go hiomlán orthu i gcoinne na Gaillimhe.
Tá brú ollmhór anois ar Éamonn Fitzmaurice agus a chuid imreoirí rudaí a chur ina gceart nó is fada crua an geimhreadh a bheidh amach rompu arís i mbliana.
Ar a laghad, drochsheans go bhféadfadh Ciarraí a bheith chomh dona agus a bhí siad Dé Domhnaigh seo caite. Seachas David Clifford, an fear ab óige ar an bpáirc, ní dócha go mbeadh aon Chiarraíoch eile sásta leis an taispeántas a thug siad i bPáirc an Chrócaigh.
Thréig na bunscileanna iad agus bhíodar ag cur pasanna éasca amú ó thús go deireadh. Chuir na Gaillimhigh iad faoi bhrú i lár na páirce agus d’éirigh le fir an iarthair roinnt mhaith de chiceanna amach na Ríochta a bhuachan. Beidh feabhas ollmhór ag teastáil más fúthu Muineachán a bhualadh tráthnóna.
Ní hiad Muineachán an fhoireann is cumasaí sa tír ach níl mórán foirne ann atá níos díograisí ná iad. Ní raibh chomh maith sin an deireadh seachtaine seo caite in aghaidh Chill Dara, ach bhí sé de mhianach iontu an cluiche a bhuachan. Bhí Karl O’Connell ar fheabhas ar fad sa líne leathchúil agus má bhíonn an tionchar céanna aige ar an gcluiche tráthnóna, beidh Ciarraí i dtrioblóid.
Ní bheidh aon easpa spreagtha ar na foirne inniu. Beidh a fhios ag fir óga Chiarraí nach spárálfar iad má chailleann siad agus beidh a fhios ag Muineachán go bhfuil deis iontach acu cluiche leathcheannais na hÉireann a bhaint amach den chéad uair ó 1988.
Fiú má chailleann Muineachán, beidh a fhios acu go mbeidh deis eile acu cáiliú sa chluiche deireanach ach beidh siad ar a mine ghéire ag iarraidh Ciarraí a chloí i gCluain Eois.
Rogha Tuairisc.ie: Muineachán
Cill Dara v Gaillimh – Páirc Naomh Conlaith, 2pm
Beidh súil ag Cill Dara foireann Chonnacht a shárú sa Droichead Nua den dara huair i mbliana agus na Gaillimhigh ag tabhairt a n-aghaidh soir ar Pháirc Naomh Conlaith tráthnóna. Tar éis dóibh a gcéad chluiche i gcomórtas an tSár-Ochtair a chailleadh an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Mhuineacháin, tá sé ríthábhachtach do Chill Dara go n-éireoidh leo cluiche an lae inniu a bhuachan le go mbeadh aon seans acu teacht slán óna ngrúpa.
Ní raibh mórán idir Cill Dara agus Muineachán an tseachtain seo caite ach nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá sa 15 nóiméad deireanach, ba í taithí Mhuineacháin a sheas leo.
Tá tosaithe den scoth ag Cill Dara ach i gcoinne Mhuineacháin bhí siad ag rith isteach sa mhullach ar chosantóirí an fhreasúra. Lá fliuch ab ea é agus chaill siad an liathróid arís agus arís eile. Má dhéanann siad iarracht an rud céanna a dhéanamh i gcoinne chosantóirí crua na Gaillimhe, is é an rud céanna a bheidh i ndán dóibh.
Tá fir an iarthair lán muiníne faoi láthair. Sháraíodar Ciarraí sa chraobh den chéad uair ó 1965 Dé Domhnaigh seo caite agus má bhuann siad anocht, beidh siad beagnach cinnte d’áit i gcluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair ó 2001.
Is mór an buille dóibh nach mbeidh Paul Conroy ar fáil dóibh agus ó tharla Ciarán Duggan agus Fiontán Ó Curraoin a bheith gortaithe go fóill, fágann sin go bhfuil siad gann ar imreoirí lár páirce.
Gach seans gurb é Peter Cooke a thosóidh tráthnóna in áit Conroy. Bhí cluiche maith ag fear Mhaigh Cuilinn nuair a tháinig sé isteach ón mbinse an deireadh seachtaine seo caite, mar a bhí ag go leor d’ionadaithe na Gaillimhe sna cluichí a imríodh go dtí seo i mbliana.
Nuair a tugadh Adrian Varley isteach, bhí an-tionchar aige ar an gcluiche i gcoinne Chiarraí díreach mar a bhí i gcoinne Mhaigh Eo níos túisce i mbliana, agus b’ionadaí eile, Patrick Sweeney, a d’aimsigh an cúl a chinntigh an bua in aghaidh Chiarraí.
Tá imreoirí ag Cill Dara atá breá ábalta deacrachtaí a chruthú do Ghaillimh ach seo é an cúigiú deireadh seachtaine as a chéile acu a bheith ag imirt agus ní bheidh sé éasca acu tráthnóna.
Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh
Fág freagra ar 'Cén freagra a bheidh ag Ciarraí ar theip an deireadh seachtaine seo caite?'