Ní éalóidh scríbhneoir óna mhuintir riamh, ach…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Éiríonn an scríbhneoireacht rud beag níos éasca nuair nach mbíonn do mhuintir ag breathnú thar do ghualainn

Ní éalóidh scríbhneoir óna mhuintir riamh, ach…

Aleksandr Solzhenitsyn. Emily Dickinson. Eibhlín Dubh Ní Chonaill. Dhá shraith – os cionn fiche imleabhar tiubh i ngach ceann acu – faoin dara cogadh domhanda. 

Dé Céadaoin, bhí cúig bliana is fiche ann ó fuair m’athair bás agus ar chúis éigin bhí mé ag iarraidh cuimhneamh cé hiad na leabhair a mbíodh dúil aige iontu. Na húdair thuas agus an dá shraith faoin gcogadh a rith liom, ba é sin an méid. Tá mórchuid cuimhní ar m’athair ceilte – de thimpiste nó d’aon ghnó, nílim cinnte – ag ceonna m’aigne. 

‘Más fíor do Freud,’ a scríobh mé i ngearrscéal tráth, ‘tá sé de mhí-ádh ar gach mac go gcaithfidh sé dúshlán a athar a thabhairt agus é ag fás aníos. Bhí sé de mhí-ádh ormsa go bhfuair m’athair bás sular tháinig deireadh leis an troid shiombalach sin.’ 

Ní éiríonn liom glór m’athar a thabhairt chun cuimhne go beacht. Ritheann corrchomhrá liom, corr-imeartas focal, corrmhana a bhíodh aige. Ach bhain tairngreacht amháin dá chuid macalla as cnámha mo bhlaoisce ar feadh i bhfad: ‘ní bhfaighidh tú post in Éirinn riamh; níl mórán postanna le dáileadh acu mar atá agus is dá gcineál féin a thabharfaidh siad aire ar dtús.’ 

An tseachtain chéanna a bhfuair m’athair bás, foilsíodh an chéad eagrán de Foinse, an nuachtán ina bhfaighinn mo chéad phost mar iriseoir bliain go leith ina dhiaidh sin. Ní fhaca m’athair m’ainm i gcló riamh; ní raibh deis agam aon cheann de na seacht leabhar a scríobh mé a thaispeáint dó. 

Má tá cuma na páistiúlachta air sin, féach an méid thuas faoi Freud. 

‘Ní bhíonn néal gan gealán’ ceann de na seanfhocail ab fhearr le m’athair. An gealán a bhain le néal a bháis thobainn ná nach raibh orm mo chuid ficsin a phlé leis riamh. 

Mar is eol do léitheoirí na leathanach seo, seans, tá galar Alzheimer ar mo mháthair le roinnt mhaith blianta anuas. Níl orm mo chuid ficsin a phlé léi sin a thuilleadh ach oiread. Agus, go maithe fórsaí na cruinne dom é, is mór an faoiseamh é. 

Ní deas an rud le rá é, ach is cinnte go n-éiríonn an scríbhneoireacht rud beag níos éasca nuair nach mbíonn do mhuintir ag breathnú thar do ghualainn. 

Rud beag. Ach oiread le haon duine eile, ní féidir le scríbhneoir éalú óna thuismitheoirí, fiú tar éis a mbáis. Is iad a mhúin a chuid scileanna teanga dó nuair a bhí sé ina thachrán agus beidh lorg a gcuid cainte ar a chuid scríbhneoireachta féin go brách. 

Fág freagra ar 'Ní éalóidh scríbhneoir óna mhuintir riamh, ach…'

  • Eoin Ó Riain

    Chuir tú mé siar ag smaoineamh ar m’athair féin agus an caidreamah a bhí eadrainn. Ní raibh sé ró dhona – bhíomar “cúramach” lena chéile d’fhéadfá a rá. Is minic go mbíonn bród ag aithreacha ina mic agus nach deireann siad leo é!

    Is cuimhin liom Sagart ag rá liom tráth – “Catheann muid an chuid dár saol ag athshlánú ó damáiste a rinne ár dtuismitheoirí dúinn!” Nach mór dúinn ceacht a fhoghlaim ionas nach mbeadh gá le hathshlánú ag ár bpáistí féin?

    Gura maith agat as seo a scríobh.