‘Ní cosúil go bhfuil aon phlean ceart ann maidir le cur le líon na ndaoine le Gaeilge sa státseirbhís’ – An Coimisinéír Teanga

Tá ráiteas tugtha ag an gCoimisinéir Teanga faoin scéal nach bhfuil sé i gceist spriocdháta a chur leis an moladh sa reachtaíocht teanga nua go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís ina nGaeilgeoirí

‘Ní cosúil go bhfuil aon phlean ceart ann maidir le cur le líon na ndaoine le Gaeilge sa státseirbhís’ – An Coimisinéír Teanga

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur chosúil nach bhfuil aon “pleanáil cheart” déanta go fóill maidir le cur le líon na ndaoine sa státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu.

Bhí an Coimisinéir ag tagairt don scéal gur thug Stiúrthóir na Gaeilge Roinn na Gaeltachta le fios i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné nach bhfuil sé i gceist spriocdháta a chur leis an moladh sa reachtaíocht teanga nua go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís ina nGaeilgeoirí.

“Nuair a fógraíodh ceannteidil an Bhille nua, thart ar an am seo anuraidh, tugadh dóchas go raibh an Stát ag aithint an riachtanais go gcaithfí cur go mór le líon na gcainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí. Fáiltíodh roimh an méid sin ach chomhairligh muid go gcaithfí na mionsonraí a fheiceáil, go gcaithfí fanacht go mbeadh ‘feoil ar na cnámha’.

“Ní cosúil go bhfuil pleanáil cheart déanta go fóill maidir leis an líon daoine atá ag teastáil le seirbhís phoiblí, ar chaighdeáin sásúil, a chur ar fáil i nGaeilge,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Deirtear i gceannteidil an Bhille Teanga a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go gcinnteofaí go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí amach anseo.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go mbeifí ag súil go mbeadh níos mó pleanála déanta faoi cheist na hearcaíochta faoin am seo.

“Bheifí ag súil faoin tráth seo go mbeadh samhail agus tuiscint bheacht ann den líon daoine le Gaeilge a chaithfí a earcú as seo go ceann roinnt blianta chun soláthar seirbhísí poiblí a chinntiú, go mbeadh figiúr curtha ar an méid atá ag teastáil agus plean cuimsitheach déanta, le hamchlár leagtha síos chun an earcaíocht sin a bhaint amach. Níl an méid atá á mholadh feicthe agam fós, ach ní cosúil go bhfuil sin ann,” a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill.

Dúirt an Coimisinéir go raibh córas nua na gcaighdeán, a mholtar sa dréachtreachtaíocht,  agus soláthar seirbhísí poiblí i nGaeilge “ag brath ar a dhóthain daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa tSeirbhís Phoiblí”.

“Má tá an moladh seo go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge sách tábhachtach, ba chóir a leithéid de phlean a bheith ann, mar thacaíocht leis an mbille nua seo, mar atá molta agam cheana féin,” a dúirt an Coimisinéir.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn cheana gur “teip eile” a bheidh san iarracht is déanaí cur le líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu sa státchóras mura gcuirtear spriocdháta leis an moladh maidir le 20% d’earcaigh nua.

 

Fág freagra ar '‘Ní cosúil go bhfuil aon phlean ceart ann maidir le cur le líon na ndaoine le Gaeilge sa státseirbhís’ – An Coimisinéír Teanga'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Nach mbeadh sé réasúnta go mbeadh sé mar sprioc 20% ar a laghad de na oibrithe ar fad sa tseirbhís poiblí a bheith inniúil ar an dá theanga oifigiúil taobh istigh de 10 mbliana? Le sin a bhaint amach ní leor ar chor ar bith 20% de earcaigh nua a bheith mar sprioc ag an státchóras.

  • Máiread

    Uair amhain, b’eigean duit bheith in ndan gaeilge a scríobh agus a labhairt sa Staid Serbhise.