‘Ní cogadh amháin atá i gceist anseo, ach dúnmharú mhuintir na hÚcráine’

Agus ionradh na Rúise ar an Úcráin ar siúl don séú lá, deir ceannasaí na hÚcráine go bhfuil coireanna cogaidh á ndéanamh ag an Rúis

‘Ní cogadh amháin atá i gceist anseo, ach dúnmharú mhuintir na hÚcráine’

Deir Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky gur cheart do bhinse fiosrúcháin idirnáisiúnta an Rúis a thabhairt chun trialach as coireanna cogaidh a dhéanamh.

Dúirt Zelensky go raibh a thír á bombardú as éadan agus na Rúisigh ag díriú ar shibhialtaigh d’aon ghnó.

Dúirt sé nach raibh aon amhras ann ach gur “coir chogaidh” a bhí sna hionsaithe roicéid a rinneadh ar chathair Kharkiv.

“Cathair shíochánta. Ceantair shíochánta ina bhfuil daoine ina gcónaí iontu. Gan radharc ar bith ar oiread is rud míleata amháin,” arsa Zelensky.

Dúirt Igor Terekhov, méara Kharkiv, gur léirigh na hionsaithe nach cogadh amháin a bhí i gceist.

“Léirigh an lá inniu nach cogadh amháin atá anseo, dúnmharú atá i gceist, dúnmharú sinne, muintir na hÚcráine,” ar sé.

I bhfíseán amháin a scaip Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine ar na meáin shóisialta, taispeánadh diúracán á scaoileadh inniu le Cearnóg na Saoirse in Kharkiv.

D’fhógair an príomh-ionchúisitheoir sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta san Háig aréir go gcuirfidh sé fiosrúchán ar bun faoi choireanna cogaidh nó coireanna in aghaidh na daonnachta a bheith déanta ag an Rúis.

Dúirt Karim Khan aréir go raibh sé “réasúnta” a chreideamh gur tharla a leithéid.

Seo an séú lá d’ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an tír faoi ionsaí ó gach taobh.

Cé go bhfuil na hÚcránaigh ag cur go láidir in aghaidh ghluaiseacht chun tosaigh na Rúiseach, tá ag méadú ar an imní atá ar dhaoine agus conbhua Rúiseach 40 míle ar fad díreach ó thuaidh de Chív maidin inniu, Dé Máirt.

Agus muintir na hÚcráine ag cur go dian in aghaidh an ionraidh, tá sé ina imní go rachaidh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin i muinín uirlisí troda níos marfaí fós.

De réir tuairiscí áirithe tá ceantair a bhfuil go leor daoine ina gcónaí iontu curtha faoi léigear ag na Rúisigh agus bia, uisce agus soláthairtí riachtanacha eile á gceilt acu ar na daoine.

Deir na Náisiúin Aontaithe gur theith breis is leathmhilliún duine ón Úcráin ó thús an ionraidh. Trasna na teorann chun na Polainne a chuaigh a bhformhór agus chuaigh daoine eile go dtí an Rómáin, an tSlóvaic, an Mholdóiv agus an Ungáir.

Tuairiscítear nár deineadh aon dul chun cinn sna cainteanna sos cogaidh a bhí ar siúl san Bhealarúis inné.

Fág freagra ar '‘Ní cogadh amháin atá i gceist anseo, ach dúnmharú mhuintir na hÚcráine’'

  • Seán Cinnsealach

    Cosúil le Hitler, ní ghlacann Putin le heasaontas agus mar sin tá eagla an domhain ar a gcomhairleoirí focal a rá in aghaidh an ionraidh. Is cuma leis an sár nua Putin cé mhéid duine a mharofar san ionradh seo. Is cuimhin liom na cogaidh i Chechnya idir 1994 agus 2000 agus an scrios a rinneadh ar an bpríomhchathair Grozny agus na mílte duine neamhchiontach a bhású. Is léir go bhfuil cuspóir ag Putin an rud céanna a dhéanamh agus ‘chun ceacht a mhúineadh do na hÚcránaigh’ – sin é, ‘ná déan neamhaird dom go deo mar íocfaidh sibh praghas ard’. Stalin arís.