Ní cinneadh éasca é ag Hamas glacadh le plean síochána Trump

Ag deireadh thiar níl aon cheart ag an Iarthar a rá cé a labhróidh thar ceann na Palaistíne

Ní cinneadh éasca é ag Hamas glacadh le plean síochána Trump

Tá fáilte ó chroí curtha roimh dheireadh a bheith leis an marú in Gaza, ach is cóir a bheith amhrasach fós faoina bhfuil ar intinn ag Iosrael maidir le Gaza agus leis an mBruach Thiar, áit a bhfuil na lonnaitheoirí i mbun foréigin ann i gcónaí.

Níl mórán muiníne ann go gcomhlíonfaidh Iosrael téarmaí phlean síochána Trump, nó gur bunús maith don tsíocháin fhadbhunaithe sa réigiún é plean Trump ach an oiread.

Tá ionsaithe ón aer déanta ag Iosrael cheana féin. Mháigh siad gur ag athbhunú an tsosa cogaidh a bhí siad I ndiaidh do Hamas é a shárú.

The Israeli military said it is reinforcing the Gaza ceasefire after it was “violated” by Hamas, signaling an end to strikes on the enclave that it claimed were carried out in response to earlier attacks on its forces.

Go bunúsach is é is aidhm don phlean go gcuirfí deireadh le Hamas ar fad: go ngéillfeadh siad a gcuid arm, nach mbeadh ról ar bith ag an eagraíocht taobh istigh de Ghaza is go n-imeodh a gcuid trodaithe as an gceantar ar fad – faoi phardún go tíortha Arabacha eile.

Tá na gialla scaoilte saor ag Hamas, agus roinnt príosúnach Palaistíneach scaoilte saor ó phríosúin Iosraelacha. Ach tá arm Iosrael fós sa gceantar. Tá siad in ainm is a bheith ag imeacht de réir a chéile ach cén t-iachall atá orthu?

Cé a rialóidh Gaza anois? Molann Trump Coiste Teicnealathach Neamhpholaitiúil Palaistíneach Sealadach a fheidhmeoidh faoi mhaoirseacht Bhord Síochána. Bheadh Trump féin i gceannas ar an mBord seo, agus leithéidí Tony Blair is daoine mór le rá idirnáisiúnta eile ann.

An chun leasa na bPalaistíneach a oibreos an Bord seo, nó chun leasa an impiriúlachais? An dtabharfar tús áite do chearta na bPalaistíneach nó an do bhrabach lucht infheistíochta ó Mheiriceá is ón Eoraip a thabharfar tosaíocht?

Is léir nach socrú maith é seo ach socrú a oireann don Iarthar is don iarchoilíneachas.

Ag an am céanna, ní reitric é ach fírinne go raibh cinedhíothú ar siúl ag Iosrael i nGaza, is na mílte maraithe, fiú fad a bhí sonraí an phlean seo á n-oibriú amach.

An bhfuil Iosrael ag glacadh leis an bplean mar a thuigeann muid é, nó an cleas é leis na gialla a thabhairt abhaile agus ansin dul ar ais ar an gcinedhíothú?

Faoin bplean, tá Catar, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Tuirc le bheith i nGaza le slándáil a riaradh, ach sa bhfadtéarma, an mbeidh na Palaistínigh – a bhfuil an oiread sin fulaingthe acu – sásta glacadh le máistrí nua coilíneacha, bíodh siad ina Meiriceánaigh, ina dTurcaigh nó ina nArabaigh?

Agus céard faoi na trodaithe féin i nGaza?

De réir an Wall Street Journal is daoine óga a earcaíodh le linn na coimhlinte seo an chuid is mó de na trodaithe atá fágtha i nGaza inniu. Daoine, b’fhéidir, a bhfuil a gcuid teaghlach ar fad scriosta, daoine a chonaic deartháir nó deirfiúr á marú ag naoscairí Iosraelacha.

Tá gráin as cuimse ag na daoine seo ar Iosrael agus ar an bhforghabháil, is ní féidir iad a lochtú mar gheall air sin. Níl eagla orthu roimh a mbás, ach díocas thar na bearta orthu díoltas a bhaint amach.

An nglacfaidh na trodaithe óga leis an bplean? Má éiríonn Hamas as, rachaidh cuid mhór de na trodaithe seo go dtí mion-eagraíochtaí eile, nó bunóidh siad a mion-eagraíochtaí féin.

Ní féidir lasracha na ceannairceachta a mhúchadh gan na Palaistínigh ar fad a mhúchadh.

Tá leid sa bplean seo gur i dtreo stát dá gcuid féin a rachaidh an scéal, ach níl aon rud cinnte, is tá sé séanta go láidir ag Netanyahu go nglacfadh sé lena leithéid.

Ag deireadh thiar níl aon cheart ag an Iarthar a rá cé a labhróidh thar ceann na Palaistíne, ach muintir na Palaistíne féin. Agus nuair a deir Micheál Martin gur eagraíocht sceimhlitheoireachta atá i Hamas, cé a thug an breithiúnas sin ach naimhde na Palaistíne?

Ní raibh sé stuama, i mo thuairim féin, ionsaí an 7 Deireadh Fómhair a dhéanamh ar Iosrael – bhí an praghas a d’íoc na Palaistínigh ró-ard – ach cé a déarfadh cén chaoi is cóir an máistir coilíneach a throid ach iadsan atá faoi chois aige?

Go pearsanta, is mó bá a bheadh agam leis an Údarás Palaistíneach ná le Hamas, ach ní cóir d’éinne glacadh leis an líomhain in aghaidh Hamas gur sceimhlitheoirí iad. Nó arbh sceimhlitheoir é Michael Collins?

Tá súil againn go bhfuil stop cinnte leis an marú, ach ní féidir éirí as an dlúthpháirtíocht mar gheall air sin. Tá ceart bunúsach ag na Palaistínigh stát dá gcuid féin a bheith acu, gan cead ó éinne.

Ag deireadh thiar, ní fiú dlúthpháirtíocht ar bith mura seasann muid leo sa bhfadtéarma agus iad ag lorg na saoirse faoi choinníollacha nua.

Ní féidir, sa gcomhthéacs sin, glacadh riamh le hIosrael mar stát dlisteanach amhail nár glacadh leis an nGearmáin Naitsíoch mar stát dlisteanach. Tá brú ar Iosrael faoi láthair agus orthu siúd a sheas leis fiú le linn an chinedhíothaithe seo.

Tá dualgas ar an saol mór a chinntiú go mbeidh stát Palaistíneach ann, stát a bheidh saor ón impiriúlachas agus saor ó bhagairt ó Iosrael.

Fág freagra ar 'Ní cinneadh éasca é ag Hamas glacadh le plean síochána Trump'