Ní choinneoidh an trua beo ná slán ón mbagairt iarrthóirí tearmainn phobal na gcampaí

Tá os cionn 500 duine ag campáil ar an tsráid nó ar a laghad fágtha gan chosaint ar Shráid Sandwith i lár Bhaile Átha Cliath

Ní choinneoidh an trua beo ná slán ón mbagairt iarrthóirí tearmainn phobal na gcampaí

Bhí mé théis dinnéar deas a ithe i gceann de na bialanna Iodálacha atá flúirseach go maith i lár na cathrach. Pláta ‘pasta’ blasta a bhí agam agus ní fhéadfainn an ghloine fíona a dhiúltú ach an oiread.

Agus muid ag siúl abhaile thug ár n-aistear muid thar Shráid Sandwith. Thuig mé ar an bpointe go raibh muid ag dul thar an áit a raibh na campaí curtha ar an tsráid ag na hiarrthóirí tearmainn. An oíche roimhe sin a dódh na campaí agus a raibh iontu, go talamh.

Dinnéar pasta an bia deireanach a bhí ag duine de na campálaithe, freisin. Bhí an fuílleach fágtha sa bpota, díreach mar a dhéanaim féin, le go mbeadh béile éasca agam an lá dár gcionn. Ní bheidh éinne ag filleadh ar an ionad cócaireachta seo.

Bhí suíocháin agus tolg nó dhó, bosca leabhar, seanrothair, boscaí agus potaí cócaireachta caite timpeall, iad uilig dóite scriosta.

‘Ná bí ag glacadh mo phictiúir,’ a d’fhógair lead amháin a bhí ag léimneach thart sa smionagar. Buachaill áitiúil a bhí ann, a cheap mé. Thriail mé ceist nó dhó a chur air faoin dóiteán nuair a dúirt sé go raibh sé i láthair ag an eachtra.

‘Cén uair a tharla sé? An raibh sé i lár na hoíche?’ a d’fhiafraigh mé de.

‘Sin ceist nach gcuirfeadh na cops (gardaí) orm,’ dúirt sé go mímhúinte liom.  Bhí an chosúlacht air féin agus ar a chuid cairde go raibh siad fós in aois na bunscoile. Ach bhí sé go láidir den tuairim nár cheart do na teifigh ná na hiarrthóirí tearmainn a bheith campáilte ansin. Ná ní raibh aon cheart acu a bheith sa tír seo ach an oiread, bhéic sé agus é ag rith.

Ghlac mé cúpla pictiúr. Ba dheacair a shamhlú go raibh daoine ina gcónaí sa lána beag suarach seo, in aice Sráid Sandwith, go dtí lár na hoíche roimhe sin.

Ba ghearr go bhfuair mé amach cá raibh siad. Timpeall an choirnéil agus i spás leathan in aice na hoifige a dhéileálann le hiarratasóirí cosaint idirnáisiúnta, chonaic mé an líne fhada de champaí beaga. Bhí cuid acu coinnithe le chéile ag téip ghreamaitheach agus bhí ceann nó dhó ann a bhí nua as an bpíosa.

Chuala mé raidió agus ceol ag teacht as ceann de na campaí. Ní bheinn ag súil go mbeadh daoine ag fanacht istigh iontu luath san iarnóin, ach cé a d’fhágfadh an t-aon áit chónaithe a bhí acu agus an cúpla ball éadaigh agus earraí eile a bhí acu agus baol ionsaithe ag bagairt orthu chuile nóiméad?

Bhí triúr fear ina seasamh in aice na gcampaí – sórt iarracht lag ghardála. Bhí an tsráid an-chiúin ach bhí an scéala cloiste acu go mbeadh ‘léirsiú’ eile ann an tráthnóna sin ag lucht na heite deise. Bhí faitíos orthu go ndófaí go talamh na campaí san ionad nua seo.

Chaill duine den triúr gach rud a bhí aige an oíche roimhe. Lead as an Nigéir a bhí ann. Bhí duine tar éis cuairt a thabhairt ar an ionad seo agus bhronn sé campa beag, nua as an bpíosa orthu.

Dúradar go raibh daoine san ionad seo le hos cionn sé seachtaine anuas – nuair a chuamar thar an gcoirnéal chonaiceamar líne eile campaí socraithe in aice an bhalla gar dóibh. De réir na dtuairiscí tá os cionn 500 duine ag campáil ar an tsráid nó ar a laghad fágtha gan chosaint anois. Ní san ionad seo atá siad sin ar fad.  Níl a fhios cá bhfaigheann siad áiseanna níocháin agus eile.

Ba léir gur scanraigh eachtraí na hoíche roimhe sin iad. Tháinig na sluaite léirseoirí i lár na hoíche agus thosaigh ag béicíl agus ag bagairt orthu go gcaithfidís an tír a fhágáil. Tháinig na gardaí agus choinnigh siad an dá dhream scartha óna chéile. Ba i ndiaidh dóibh na hiarrthóirí tearmainn a threorú amach as an áit a raibh na campaí a dódh go talamh iad.

Ní raibh aon fhocal moltach ag an dream ar labhair mé leo faoi na gardaí. Léigh mé i dtuairisc nuachta ina dhiaidh sin gur ghabh siad duine a ‘raibh siad in amhras faoi’ ach gur scaoileadh saor é ina dhiaidh sin.

Tugann roinnt mhaith daoine cuairt orthu – daoine ó charthanachtaí éagsúla a thugann bia agus riachtanais eile na beatha dóibh. Sop in áit na scuaibe ceart atá sa méid sin. Ach níl freagra éasca ná sciobtha ag aon duine.

Achar gairid roimhe sin, b’Úcránach í an cailín a thug mo bhéile pasta dom sa mbialann. Ghlac Katherina buíochas liom as ucht an méid atá déanta ag muintir na hÉireann ar son mhuintir na hÚcráine. Tá sí ag obair sa mbialann le hos cionn bliana anois, ach tá a tuismitheoirí fágtha ina diaidh aici agus gan seans aici filleadh abhaile.

‘Níl aon phas agam – d’fhág mé an Úcráin gan pháipéir ach amháin mo theastas breithe.’ Ach tá sé ag cinniúint uirthi aon dul chun cinn a dhéanamh le hAmbasáid na hÚcráine anseo – tá foireann bheag acu agus tá os cionn 75,000 de mhuintir na tíre sin in Éirinn anois.

Bhí mé lán le trua do Khatherina bhocht nach bhfaca a máthair le hos cionn bliana anois, go dtí gur casadh an triúr fear orm in ionad na gcampaí sráide.

D’iarr duine amháin orm an bhféadfainn dídean a thabhairt dó. Bhain sé siar asam toisc nár cuireadh an cheist dhíreach sin orm riamh roimhe sin. Ní fhéadfainn. Thug mé roinnt bheag euro dó agus d’imigh ar mo bhealach.

Ní choinneoidh an trua beo iad, ná slán ón mbagairt.

Fág freagra ar 'Ní choinneoidh an trua beo ná slán ón mbagairt iarrthóirí tearmainn phobal na gcampaí'