‘Ní bhfuair muid glaoch i nGaeilge ón Nollaig’ – ranna rialtais ag maíomh gur beag éileamh atá ar sheirbhísí Gaeilge

Dúirt na ranna rialtais uile a bhí i láthair ag cruinniú i dTeach Laighean inné go mbíonn daoine ar fáil chun cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge ach gur ar éigean go mbíonn aon éileamh ar a leithéid

‘Ní bhfuair muid glaoch i nGaeilge ón Nollaig’ – ranna rialtais ag maíomh gur beag éileamh atá ar sheirbhísí Gaeilge

Deir ranna rialtais gur fíorbheagán éilimh a bhíonn ar sheirbhís i nGaeilge agus deir Roinn amháin nár lorgaíodh seirbhís i nGaeilge uathu ach cúig huaire le trí bliana anuas.

Bhí oifigigh ó cheithre cinn de ranna os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge inné chun léargas a thabhairt ar an tseirbhís dhátheangach a chuireann siad ar fáil don phobal. Dúirt an ranna uile a bhí i láthair go bhfuil daoine ar fáil i ngach ceann acu gur féidir leo cumarsáid i nGaeilge a fhreagairt, bíodh sin ar an teileafón nó i scríbhinn, ach gur annamh go ndéantar teagmháil leo i nGaeilge.

Dúirt Barry Quinlan ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, nach ndeachaigh daoine i dteagmháil leis an rannóg seirbhís custaiméirí sa Roinn trí Ghaeilge ach cúig huaire le trí bliana anuas. Dúirt sé gur seirbhís i nGaeilge a cuireadh ar fáil gach uair.

“Ní tharlaíonn sé go rómhinic ach faigheann siad an freagra tapa,” a dúirt Quinlan.

Dúirt Deirdre Ní Néill nach gcoinníonn Roinn na Leanaí sonraí ar líon na nglaochanna a fhaightear i nGaeilge toisc go bhfuil sé chomh híseal.

“An uair dheireanach go bhfuaireamar glaoch gutháin as Gaeilge, go bhfios dom, ná tuairim is an Nollag,” a dúirt Ní Néill, cé go mbíonn “teagmháil shuntasach le réimse leathan custaiméirí” i gceist le hobair na Roinne, dar léi.

D’aontaigh Bairbre Nic Aongusa ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail gur annamh go mbíonn seirbhís á lorg i nGaeilge. Dúirt sí go raibh sí ar dhuine de 12 duine sa Roinn a bhí ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt i nGaeilge ach nár iarradh uirthi ach uair amháin le cúig bliana anuas freagra a thabhairt ar cheist i nGaeilge.

Dúirt Naoise Grisewood ón Roinn Iompair go raibh naonúr “ar fáil” sa Roinn sin chun seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil ach go raibh an t-éileamh “an-íseal ar fad”. Mhaígh sé, mar shampla, nach raibh iarratas ar cheadúnas tiomána faighte i nGaeilge ag an Roinn le fada.

Tá ráite ag lucht cearta teanga go minic nach mbacann cainteoirí Gaeilge seirbhís trí Ghaeilge a lorg ó ranna rialtais ná ó chomhlachtaí poiblí toisc go dtaibhsítear dóibh nach mbeidh fáil ar an tseirbhís sin, go mbeidh an tseirbhís lochtach nó go mbeidh moill ag baint léi.

Leagann Oifig an Choimisinéara Teanga béim go minic ar an ngá le seirbhísí ar chomhchaighdeán leis an mBéarla a bheith ann chun tuilleadh daoine a mhealladh chun a gcearta teanga a éileamh agus iad ag plé leis an stát. Deirtear chomh maith nach mór do chomhlachtaí poiblí é a dhéanamh an-soiléir go bhfuil seirbhís i nGaeilge ar fáil agus ‘tairiscint ghníomhach’ a dhéanamh i leith na seirbhíse sin.

Dúirt na hoifigigh uile go dtugtar le fios ar chórais ghutháin na Rann go bhfuil seirbhís trí Ghaeilge ar fáil agus gur i nGaeilge a fhreagraítear gach cumarsáid a dhéantar leo i nGaeilge, rud a bhfuil dualgas orthu a dhéanamh de réir dlí.

Bhí an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an Roinn Forbartha Tuaithe ina measc siúd a mhaígh nach raibh aon difríocht ama ann idir freagra a fháil ar cheist i nGaeilge agus ceann a fháil ar cheist i mBéarla.

Fág freagra ar '‘Ní bhfuair muid glaoch i nGaeilge ón Nollaig’ – ranna rialtais ag maíomh gur beag éileamh atá ar sheirbhísí Gaeilge'

  • Agus Sin Sin

    D’éirigh mé as a bheith ag iarraidh seirbhísí i nGaeilge ón Státseirbhís agus ó Ranna Rialtais. Cé go mbeadh teachtaireacht ar an nguthán ag rá leat gur féidir seirbhís i nGaeilge a fháil, is minic má bhrúnn tú ar an uimhir le Gaeilge a fháil go mbíonn tú ag fanacht, nó go ndeirtear leat ‘deantar iarracht glaonna a fhreagairt as Gaeilge ach nach bhfuil sí ag chuile dhuine san eagraíocht’ agus ansin ceanglaítear thú le meaisín le teachtaireacht a fhágáil agus deirtear leat go nglaofaidh duine éigin ar ais ort…. ag an bpointe sin crochann tú agus glaonn tú ar ais as Béarla. Má tá an t-ádh ort duine le Gaeilge a fháil ar an bpointe, bíonn tú ag dul sa tseans an dtuigfidh siad do chuid Gaeilge ar chor ar bith, nó an dtuigfidh tú iad fiú. Is annamh nach mbíonn ach Gaeilge na leabhar ar a dtoil acu, agus cé nach gcuirim locht ar lucht foghlamtha Gaeilge, ní amhlaidh an bhfuil Gaeilge sách líofa ag roinnt daoine atá ag freagairt na nglaonna sin. Bíonn tú an amhras ar tuigeadh do cheist ar chor ar bith, go háirithe má tá práinn léi nó má tá sí casta. Níl tú chun dul sa tseans. Tá síad níos cleachtaithe sa Bhéarla.

  • donncha Ó hÉallaithe

    I mo thaithí, siad Na Coimisinéirí Ioncaim, an t-aon rannóg rialtais a éiríonn leo seirbhís shásúil a chur ar fáil i nGaeilge. D’éirigh mé as bheith ag iarraidh ar rannaí stáit eile píosa ó shin, mar bhíodh an iomarca moille i gceist. Níos minicí ná a mhalairt cur i gcéill a bhíodh ann go bhféadfaí seirbhís shásúil trí Ghaeilge a fháil agus ní bhíodh de thoradh ar an scéal ach cantal orm ar feadh an chuid eile den lá!

  • Pól

    Aontaím le Agus Sin Sin. Tá faitíos orm nach mbeidh an tseirbhís chuí ar fáil i nGaeilge. Ghlaoigh mé níos mó ná an uair amháin orthu agus críochnaíodh an obair a bhí le plé i mbéarla, teanga cheart an rialtais. Tá faitíos orm rud eicint tromchúiseach a fhágáil i lámha na “ngaeilgeoirí” atá sna ranna rialtais.

  • Pádraig

    Roinnt mí ó shin chuir mé scairt ar Oifig na bPasanna i mBAC le fiosrúchán faoi mo phas agus cé gur roghnaigh mé seirbhís trí Ghaeilge a fháil, thosaigh mo bhean ag caint i mBéarla liom.

  • Amergín

    Sheolas dhá ríomhphost as Gaelainn chuig an Roinn Talmhaíocht níos mó ná 8 mí ó shin agus táim fós ag feitheamh ar fhreagra.

    Chuireas glao ar uimhir Ghaeilge an RSA uair amháin agud Béarlóir a d’fhreagair me ar an taobh eile.

  • Bertie Ó hAinmhire

    Aontaím leis na tuairimi thuas. D’oibrigh mé ar feadh 23 bliain le Roinn a bhí ceaptha an teanga a chur chun cinn sa tír agus sa Ghaeltacht ach níor éirigh liom riamh seirbhís shásúil a fháil i nGaeilge ón taobh corporáideach den Roinn féin. In ionad sin mhothaigh mé go raibh tuairim in áiteanna sinsireacha sa Roinn gur fanaicigh muid maidir leis an teanga agus go raibh muid ródhíograiseach. Mar shampla iarradh orainn go minic comhfhreagras le Ranna Stáit eile a dhéanamh i mBéarla nó a aistriú go Béarla cé go raibh muid ag obair go hiomlán trí Ghaeilge. Gan amhras bhí eisceachtaí ann ach tríd is tríd mhothaigh mise go raibh an Státchóras naimhdeach don Ghaeilge. Is cur i gcéill iomlán é a rá go bhfuil seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ón Státchóras – seachas b’fhéidir ó na Coimisinéirí Ioncaim – agus tá soiniciúlacht is fimíneacht forleathan i gcoitinne ag an leibhéal is sinsearaí sa Státchóras. Ní bheadh aon duine sásta éileamh a dhéanamh ar seirbhís agus fios maith aici/aige nach bhfuil an tseirbhís sin ar fáil ar chaighdeán inghlactha!

  • Lurgan

    Bua mór eile don phlean 20 bliain le deireadh a chuir leis an teanga

  • Seaghan Mac Cormaic

    Caithfear taighde ceart a chur air seo.

    Comparáid ceart le déanamh (ag daoine atá cáilithe) idir sheirbhís i nGaeilge agus í i mBéarla.

    Ní bhacaim le seirbhísí fríd meán na Gaeilge mar gheall ar an dhroch-thaithí céanna libhse, san am a chuaigh thart.

    Ach b’fhéidir go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí ó shin?

    An fhírinne ná nach bhfuil a fhios againn.

    Seo an rud: ‘níl an t-am agam/againn’ an ‘turgnamh’ céanna seo a dhéanamh air, gach uair a bhfuil mé ag iarraidh freagra ghasta.

    Taighde neodrach, proifisiúnta, cuimsitheach ag teastáil.

    Ansin, Cár ceart ag an Choimisiún.

  • Aengus Ó Fionnagáin

    Sách ráite ag Bertie. Is trua nach féidir dúshlán na ndaoine seo a thabhairt nuair a thugann siad freagraí ar iarracht iad an dubh a chur ina gheal ar phobal na tíre seo.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Moladh: An chéad uair eile a chuirfimid scairt ghutháin ar sheirbhís rialtais/phoiblí nó ar chomhlacht a chuireann seirbhís éigeantach ar fáil (999, NowDoc, Comhairlí Contae, ionaid tástála carranna, ionaid dramhaíola, etc.) déanaimis taifeadadh fuaime de ‘ar chúiseanna a bhaineann le cáilíocht’ mar a deir siad féin. Déanaimis mar an gcéanna ag na cuntair (Oifig an Phoist, Rannóga Pleanála, Oifigí na Roinne Leasa Shóisialaigh, etc.). Ar ndóigh, abraimis ag fíorthús an chomhrá go bhfuilimid “á thaifeadadh seo ar chúiseanna a bhaineann le rialú cáilíochta”, agus “go mb’fhéidir go bhfoilseofaí an taifeadadh seo go poiblí”. Agus foilsítear leaganacha trascríofa de na taifeadtaí sin (ba ghá na sonraí pearsanta a cheilt, ar ndóigh). Arbh fhéidir suíomh idirlín a bhunú, áit a dtiocfadh an t-ábhar leasa phoiblí sin a fhoilsiú? Nó aip a dhearadh a ligfeadh don tsaoránach a chás a chur an taifead phoiblí? Bheadh an fhírinne le feiceáil ag an tsaol mhór ansin.

  • jpmorley0@gmail.com

    Ana-cheart ag COM! Cur ó dhoras agus muga magadh, sin uile. Labhróidh tú Gaeilge leis/léi agus freagrófar i mBéarla thú, má fhaigheann tú freagra ar bith. Leanaimse orm siar síos i gcónaí im theanga féin gan buíochas dóibh. Ná géilltear don impiriúlachas neamhchultúir atá i réim sa Státchóras gadaíochta seo.

  • Éamonn Ó Gribín

    Chuir mé glaoch ar an ‘Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide’ inniu.. (Uimhir ghuthán: 01 678 2000) agus chuir cainteoir Béarla fáilte romham agus d’fhiafraigh sí díom an raibh mé ag labhairt as Gaeilge!

    Níor thug sí ainm na Roinne domh i nGaeilge agus i mBéarla, mar atá ráite i Scéim Teanga na Roinne. (Deir an Scéim “Freagróidh oibrí an lasc-chláir an teileafón le hainm na Roinne i nGaeilge agus i mBéarla.”)

    Theip uirthi seirbhís i nGaeilge a thairiscint domh, agus bhí orm a mheabhrú di go bhfuil ‘Scéim Teanga’ ag an Roinn agus go “Tabharfar liosta d’fhoireann an lasc-chláir de chomhaltaí foirne na Roinne i ngach rannóg nó aonad atá in ann seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil.”

    ‘Mirable dictu’, bhí liosta ann, agus fuair sí amach go raibh beirt luaite ar an liosta!

    Shocraigh sí mé a chur tríd go dtí duine amháin acu ach ní raibh duine ar bith an chun a ghuthán sin a fhreagairt agus cuireadh mé ar aghaidh go dtí meaisín taifeadta, áit ar fhág a raibh teachtaireacht i mBéarla amháin!

    Níor fhág mé teachtaireacht, ach ligeas sruth eascainí asam agus mé ar tí lamh a chur i mo bhás féin!

  • Colmcille Ó Monacháin

    Bheinn ag súil go gcuirfeadh Coiste Oireachtais na Gaeilge athghlao ar urlabhraí na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le go n-iarrfadh siad uirthi/air míniú a thabhairt ar an neamhréir fhollasach idir an maíomh “nach raibh aon difríocht ama ann idir freagra a fháil ar cheist i nGaeilge agus ceann a fháil ar cheist i mBéarla” agus an fhianaise te bruite a thug Éamonn Ó Gribín, thuas.

  • Christina Chen

    Beag seans go gcloiseann na hairí uaisle seo faoi na daoine a ghlaonn isteach i nGaeilge agus a mbítear in ann an cheist a fhreagairt i mBéarla gan aon trioblóid…

    Mar a deir daoine eile tá go leor taithí agamsa ag glao agus ag éileamh seirbhísí i nGaeilge agus ní bhfuair mé seirbhís shásúil riamh.

  • Sibéal

    Tar éis freagra a lorg i nGaeilge ar cheist chasta cánach sa deireadh moladh dom an t-eolas cruinn a chuartú ó duine le Béarla i ránnóg eile mar nach raibh an státsheirbhíseach áirtihe (le Gaeilge an-mhaith) a bhí ag plé liom ag obair sa rannóg chuí.
    B’éigean dom an fhadhb a réiteach tré Bhéarla, murach sin bheadh airgead caillte agam agus go leor am curtha amú agam.

  • Éamonn Ó Gribín

    NB Feicim roinnt botún sa chéad dréacht…seo leagan níos fearr!

    Chuir mé glaoch ar an ‘Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Chumarsáide’ inniu.. (Uimhir Theileafóin: 01 678 2000) agus chuir cainteoir Béarla beannú dom agus d’fhiafraigh díom an raibh Gaeilge agam!

    Níor thug sí ainm na Roinne domh i nGaeilge agus i mBéarla, mar atá ráite i Scéim Teanga na Roinne. (Deirtear sa Scéim “Freagróidh oibreoir an lasc-chláir an teileafón le hainm na Roinne i nGaeilge agus i mBéarla.”)

    Theip uirthi seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil domh, agus bhí orm a mheabhrú di go bhfuil ‘Scéim Teanga’ ag an Roinn agus go dtabharfar “liosta d’fhoireann an lasc-chláir de bhaill foirne na Roinne i ngach rannóg nó aonad atá in ann. seirbhís a chur ar fáil chun an Ghaeilge a chur ar fáil.”

    ‘Mirable dictu’, bhí liosta ann, agus fuair sí amach go raibh beirt luaite ar an liosta!

    Chinn sí mé a chur tríd go dtí ceann acu, ach ní raibh aon duine ann chun an fón a fhreagairt agus cuireadh tríd go dtí meaisín taifeadta mé, áit a raibh teachtaireacht i mBéarla amháin fágtha!

    Níor fhág mé teachtaireacht, ach lig sruth eascainí asam mar bhí mé ar tí lámh a chur i mo bhás féin!

  • Séamas Mac Coitir

    eolas@tuairisc.ie

    Am amú is ea é labhairt i nGaeilge le Roinn Rialtais ar bith. Go hiondúil is i mBéarla a fhreagrítear an glaoch nó i nGaeilge a chodail amuigh, nó níos measa fós Gaeilge ghliogar na gcág!
    Bheadh sé chomh do dhuine a bheith ag feadaíl in aghaidh na gaoithe agus a bheith ag iarraidh aon ghnó práinneach a phlé trí Ghaeilge le ceachtar acu. Dá réir sin, níl rogha ón réiteach ach dul i muinín an tSacsBhéarla – an teanga a úsáidtear i gcoitinne ag na giollaí sna ranna rialtais.

  • Seán ÓM

    Bhí mise ag iarraidh an glaoch míchompordach, drochbhéasach agus borb sin a sheachaint nuair a sheol mé r-phost isteach chun seantortorthaí m’ardtheistiméireachta a De Mairt seo – agus mise ag smaoineamh: “beidh mise dílis don teanga AGUS beidh am acu oifigeach le Gaeilge a aimsiú – nach deas an comhréiteach sin” agus seo an freagra a fuair mé trí r-phost fiú!

    “HI

    Are you looking for your Junior or Leaving cert your email is all in Irish can you translate to English.

    Thankyou”

    Agus anois tá síad ag ligint orthu nach bhfuil aon éileamh ann do sheirbhísí as Gaeilge – ag an am céanna a bhíonn siad ag brú an Bhéarla ar shaoránaigh na tíre …… Agus ag éileamh seirbhísí aistriúcháin uathu!