Ní bhfuair Christy O’ Connor deis riamh imirt san Augusta Masters, ach d’imir sé in aghaidh phlúir ghalfairí SAM

Bhuaigh sé na déaga de na comórtais ghairmiúla gailf ba mhó a bhí sa tír seo agus sa mBreatain agus ba é a thug leis an duais ba mhó a tairgeadh sa spórt go dtí sin nuair a bhuaigh sé an John Player Classic

Christy O'Connor

I bpobalbhreith ag tús na bliana seo vótáil léitheoirí an nuachtáin an Curadh Connachtach go mba é Christy O’ Connor Senior an laoch spóirt is mó le rá de chuid na Gaillimhe atá fós ina bheatha. Faraor, nuair a tháinig oíche an bhronnta ní raibh an Conchubhaireach in ann a bheith i láthair, mar go raibh iarraidh de shlaghdán air agus nach mór dó aire a thabhairt dó féin anois agus na ceithre scór go leith caite aige.

Ba bheag an t-achar a ghlac sé ar a mbunáite siúd a léirigh a dtuairim sa bpobalbhreith a rogha a dhéanamh, déarfainn.

Nuair a bhí Christy i mbarr a réime sa leath deireanach den chéad seo caite, ba bheag tír a raibh níos mó ná stáisiún teilifíse amháin inti agus ba lú ná sin spóirt a bhí á spáint acu. Cheadaigh nuachtáin trí leathanach ar a mhéid don ábhar – ceann acu sin ag rásaíocht capall faoi féin, níos minicí ná a chéile.

Fós, bhí aithne leitheadach ar Christy O’ Connor ní amháin ina thír dhúchais agus sa mBreatain, ach freisin sna Stáit Aontaithe, mar gur imir sé in aghaidh phlúir ghalfairí na tíre sin deich n-uaire as a chéile i gCorn Ryder agus ar son na hÉireann i gCorn Domhanda an Ghailf cúig huaire lena chois sin.

Bhuaigh sé na déaga de na comórtais ghairmiúla gailf ba mhó a bhí sa tír seo agus sa mBreatain ag an am agus ba é a thug leis an duais ba mhó a tairgeadh sa spórt go dtí sin nuair a bhuaigh sé an John Player Classic agus £25,000 sa mbliain 1970 (£5,000 a fuair buaiteoir Chraobh Oscailte na Breataine an bhliain sin).

Is minic ráite ag Christy gur de thimpiste den chuid ba mhó a ghlac sé an bóthar a thaistil sé. Murach go raibh garraí a bhí ag a athair Michael (feiliméara beag agus Gaeilgeoir ó dhúchas) in aice na céad phlásóige ar Ghalfchúrsa na Gaillimhe, tá seans gur ar chamán, ar shluasaid nó ar láí a bhéarfadh sé, ach cé go ndearna sé sin freisin ba faisean leis, lena dhearthair John agus le cúpla comharsa dá gcuid i gCnoc na Cathrach, an claí a chaitheamh de léim agus beagán imeartha a dhéanamh ‘ar chúl téarmaí’ ar an gcuid sin den chúrsa nach raibh aon fheiceáil air as an gclubtheach.

Lucht gustail amháin a bhíodh ag plé leis an ngalf ag an am, ach bhí sé d’ádh freisin ar Christy gur thug an galfaire gairmiúil a bhí i nGaillimh ag an am, Pat Quinn, cumas an ógánaigh faoi deara agus gur chuir sé trealamh agus maidí ina bhealach nuair a d’fhág siad siúd a bhí acmhainneach na seanchinn adhmaid ina ndiaidh agus nuair a chuaigh siad ag plé leis an maide cruaiche.

Galfaire gairmiúil darbh ainm Bob Wallace a tháinig i gcomharbacht ar Quinn agus thug seisean cuireadh den Chonchubhaireach a bheith mar chúntóir aige.

Cé go raibh fanacht cúpla bliain air sula bhfuair sé cead imeartha i gcomórtais Chumainn Ghalfairí Gairmiúla na hÉireann (I.P.G.A.) agus na Breataine mar go ndearna an Bhailíseach dearmad a ainm a chlárú leo, bhí tús curtha ag Christy lena ghairm bheatha.

Bhí sé aistrithe chuig Galf Chumann Thuama faoin am a dtáinig an cead imeartha agus i 1951 bhailigh na baill ansiúd £70 eatarthu lena chur go Port Rois, áit a raibh Craobh Oscailte na Breataine ar bun. Sa 19ú háit a chríochnaigh sé agus fuair sé £19. Ní raibh aon stopadh air as sin amach.

Chuaigh sé as Tuaim go Bun Dobhráin, áit ar mháistrigh sé a cheird agus an doineann a shéideann isteach ansiúd ón Atlantach mar chabhair aige ina phrintíseacht.

Lá dá raibh, bhí Christy agus triúr galfairí aimitéireacha den scoth ag imirt an 13ú poll i mBun Domhráin (Par 3, 235 slat ) nuair a d’fhiafraigh duine de na haimitéirigh den Chonchubhaireach cén maide a bhuail sé den tí. “Uimhr 4” , a deir Christy. “M’anam gur Uimhir 5 a bhuail mise”, a deir mo dhuine, ag tabhairt le tuiscint go mba mhó de ghaisce a bhí déanta aige féin! Leag Christy uaidh an mála. Ceann ar cheann thóg sé aníos gach a raibh de mhaidí ann, an ‘putter’ san áireamh agus murar thuirling an buille a bhuail sé ar an bplásóg, ní i bhfad uaidh a bhí sé!

Bhí O’ Connor sa dara háit i gCraobh Oscailte na Breataine i 1965 nuair a bhuaigh an tAstrálach Peter Thompson i Birkdale. D’imir sé sa gcomórtas sin 26 uair ar fad agus bhí sé le n-áireamh ar an deichniúr ab fhearr a rinne 8 n-uaire acu. Bhí Harry Bradshaw mar chomrádaí aige nuair a bhuaigh Éire an Corn Domhanda sa nGalf i 1958. As féin bhuaigh sé na déaga arda de mhórchomórtais agus Craobh Gairmiúil a thíre dhúchais deich n-uaire.

Ní bhfuair fear Chnoc na Cathrach deis riamh imirt san Augusta Masters, comórtas a bhuaigh Gary Player, Arnold Palmer agus Jack Nicklaus  dosaen uair eatarthu nuair a bhí Christy i mbarr a réime. Ach, de bharr an Choirn Ryder, bhí aithne mhaith acu ar a chéile agus i 1991 nuair a hosclaíodh cúrsa Mount Juliet tugadh Nicklaus anall go n-imreodh sé fhéin agus Ó Conchubhair a chéile i gcluiche taispeántais. Beagán le cois an leathchéid a bhí an Meiriceánach, Christy i bhfoisceacht 3 bliana den trí scór go leith. Nuair a chríochnaigh an imirt, is é an scéala a bhí ag clár an scóir. O’ Connor 72, Nicklaus 74.

Fág freagra ar 'Ní bhfuair Christy O’ Connor deis riamh imirt san Augusta Masters, ach d’imir sé in aghaidh phlúir ghalfairí SAM'