Ní bheidh tada arís idir Gaillimh agus an Clár

D’fhéadfadh na gortuithe uilig atá ag cur as dóibh cor a chur i gcinniúint na Gaillimhe, ach má tá a gceachtanna foghlamtha acu ón gcluiche i bPáirc an Chrócaigh, ba cheart go dtiocfaidís slán

Ní bheidh tada arís idir Gaillimh agus an Clár

Jonathan Glynn (Gaillimh) agus Conor Cleary (An Clár) i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Gaillimh v An Clár – Staid Semple, 2.00i.n.

Bheadh an t-ádh glan linn tráthnóna dá bhfaigheadh muid cluiche a bheadh leath chomh maith féin leis an gceann a imríodh i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite.

Cluiche na bliana a bhí idir an Clár agus Gaillimh. Bhuel ba ea nó gur bhain Luimneach agus Corcaigh an barr dóibh 24 uair a chloig ina dhiaidh sin!

Cinnte, tá an chuma ar Ghaillimh go mbeidh siad beagáinín bacach ó tharla imreoirí dá gcuid a bheith gortaithe. B’éigean do Joe Canning, Gearóid McInerney agus Adrian Tuohey uilig an pháirc a fhágáil an deireadh seachtaine seo caite. Ní dhéanfaidh an cluiche breise aon mhaith do Dháithí Burke ach an oiread agus gortú rúitín ag spochadh leis.

Seans go mbeidh Canning in ann dul chun páirce ach é ar leathchois agus d’fhéadfadh Tuohey a bheith tagtha chuige féin ón víreas a bhí ag cur as dó ach is beag seans go bhfeicfear McInerney ag imirt inniu.

Cruthaíonn sé seo fadhb ollmhór do Ghaillimh agus iad ag iarraidh ionadaí a fháil dó. Tá gradam All-Star buaite ag Dáithí Burke mar leathchúlaí láir ach ní dhéanfadh sé mórán céille é a bhaint as an líne lánchúil. D’fhéadfadh Pádraic Mannion bogadh trasna ach bhí sé ar fheabhas ar an gcliathán i mbliana agus ní leathchúlaithe láir ó mhianach iad Seán Loftus ná Paul Killeen, an bheirt chosantóirí a tháinig isteach ón mbinse Dé Sathairn.

Thit Tony Kelly, leaththosach an Chláir, siar an pháirc i rith chluiche an deireadh seachtaine seo caite, rud, b’fhéidir, a d’fheilfeadh Gaillimh inniu agus iad gann ar leathchúlaí láir ach ní fhéadfaidh siad ligean do Kelly an tionchar céanna a bheith aige ar an imirt agus a bhí sa gcluiche comhscóir.

Idir é féin agus David Fitzgerald, a bhí ar fheabhas nuair a tháinig sé isteach sa dara leath, d’éirigh le contae an Chláir an ceann is fearr ar Johnny Coen agus David Burke. Mar sin féin, léirigh Burke a chumas ag pointí tábhachtacha sa dara leath agus d’aimsigh sé trí chúilín. Caithfidh sé a bheith ar a mhaidí ó thús an chluiche seo i nDurlas.

Ceann de na ceisteanna is mó atá á gcur faoi chluiche an lae inniu ná an mar chosantóir le cois a bhainfidh an Clár leas as Colm Galvin arís? Bhí fear Chluain Lára iontach nuair a bhog sé siar os comhair na líne lánchúil tar éis 15 nóiméad.

Is léir gur tháinig an cinneadh sin aniar aduaidh ar Ghaillimh mar go hiondúil, bíonn siadsan scafánta go maith ag déileáil leis an gcóras sin. Tá Loch Garman agus Port Láirge cloíte acu le cúpla bliain anuas, dhá fhoireann a bhíonn ag brath go mór ar an gcosantóir le cois, agus is cinnte go mbeidh siad níos ullmhaithe don chleas sin tráthnóna.

An bealach is éifeachtaí chun an ceann is fearr a fháil ar an gcóras sin ná an sliotar a bhualadh amach ar na cliatháin. Tá iománaithe den scoth ag Gaillimh ansin, leithéidí Conor Whelan agus Cathal Mannion, agus má fhaigheann siadsan an sliotar agus beagán spáis, déanfaidh siad scrios.

Ba iad Gaillimh rogha láidir na n-údar roimh an gcéad chluiche ach tar éis don Chlár taispeántas chomh maith sin a thabhairt i bPáirc an Chrócaigh, tá sé i bhfad níos deacra tuar a dhéanamh faoi chluiche an tráthnóna.

B’fhéidir gur fhoghlaim Gaillimh níos mó ón gcéad chluiche agus is cinnte gur féidir leo a bheith níos fearr, go háirithe ó thaobh a bheith níos cruinne agus iad ag tabhairt faoi scóranna.

Dá bharr sin, is acu atá an buntáiste.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Ní bheidh tada arís idir Gaillimh agus an Clár'

  • tara

    An Clár abú!

  • tara

    “Linn”?? Ní daoine as Gaillimh amháin a léann Tuairisc, bíodh fhios agat!

  • peg

    Trácht ar bith ar an éacht a rinne Peter Duggan sa chluiche sin..