Ní ag fás ach a mhalairt atá an freasúra ag prótacal an Tuaiscirt

Seacht mbliana i ndiaidh an reifrinn faoin mBreatimeacht is ag dul i bhfad atá liosta na gceisteanna gan freagra

Ní ag fás ach a mhalairt atá an freasúra ag prótacal an Tuaiscirt

Dhá léamh ar Chreat Windsor agus an prótacal iarBhreatimeachta le seachtain anuas. Léirigh suirbhé ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste méadú ar thacaíocht an phobail do na socruithe ach sheol an DUP cáipéis chuig rialtas na Breataine ag éileamh malairt ar an gCreat.

‘Tástáil na teochta’ a thugtar ar an tsraith suirbhéanna faoin bprótacal a dhéanann na taighdeoirí acadúla, an tOllamh Katy Hayward agus an tOllamh David Phinnemore. Sna torthaí ón 8ú pobalbhreith a foilsíodh Déardaoin nochtadh go raibh breis is seisear as deichniúr sásta gurb é an prótacal maille le creat Windsor an bealach is fóirsteanaí chun déileáil le héifeacht an Bhreatimeachta ar Thuaisceart Éireann.

Bhí an tacaíocht méadaithe ó 53% i mi Feabhra go 61%. Ba iad daoine a dúirt gur aontachtaithe de chineál iad (‘slightly unionist’) ba mhó faoi ndear an méadú. Mheas beagnach trí ceathrú (73%) de na daoine a d’fhreagair an suirbhé a rinne Lucid Talk thar ceann Post-Brexit Governance NI go raibh socruithe speisialta riachtanach do Thuaisceart Éireann chun iarmhairtí an Bhreatimeachta a bhainistiú agus chreid 62% nach chun leasa an Tuaiscirt é an tAontas Eorpach a fhágáil agus gur bhotún a bhí ann don Ríocht Aontaithe.

Ní dea-scéala é do Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP a dúirt cúpla lá roimhe sin go raibh an dochar ón gCreat follasach, agus a éifeacht ‘creimneach’ dar leis. Ní ag fás ach a mhalairt atá an freasúra don bprótacal. Bhí 34% go láidir i gcoinne na socruithe. Mionlach suntasach is ea é sin ach é laghdaithe ó 41% i mi Feabhra.

Cibé dochar a mheasann an DUP ata déanta ag an bprótacal/creat Windsor tá go leor eile den bharúil gurb é baghcat an DUP ar Stormont ó mhí Feabhra anuraidh a dhéanann an díobháil is mó. Sheol an DUP cáipéis 18 leathanach chuig rialtas na Breataine Dé Máirt ag liostáil na gcoinníollacha a bheadh riachtanach le go bhfillfidís ar roinnt na cumhachta. Níor foilsíodh na héilimh a rinne an páirtí ach bhí cuid acu bunaithe ar pháipéar a d’fhoilsigh an brúghrúpa Breatimeachta, The Centre for Brexit Policy ar scríobh Jeffrey Donaldson an réamhrá ann.

Deireadh leis an bprótacal/creat Windsor a éilíonn an páipéar sin. Filleann sé ar mholtaí a raibh caint orthu trí nó ceithre bliana ó shin agus nach raibh glacadh leo sa Bhruiséil ná i Londain. Baineann siad le comhsheiceáil ar earraí – go seiceálfadh an tAontas Eorpach earraí a d’iompórtálfaí ón Riocht Aontaithe agus go ndéanfadh an Ríocht Aontaithe an obair chéanna ar earraí isteach ón AE. Ní hamháin go gciallódh na moltaí sin go gcaithfí an idirbheartaíocht idir an AE agus an RA a thosú arís as an nua ach bheadh comh-iontaoibh nár facthas ariamh i gceist, ní áirím na fadhbanna a chothófaí maidir leis an teorainn idir Tuaisceart Éireann agus an Phoblacht.

Cé na ciallachais atá ag na héilimh sin d’athbhunú Stormont? Ar éigean má tá comharsanacht ar bith abhus nach bhfuil ciorruithe ar bhuiséad ag goilliúint orthu, cur chuige an Státrúnaí Heaton-Harris ag cur brú ar leith ar na boicht. Tá séasúr na máirseála i mbliana beagán níos guagaí ná a bhí le blianta beaga anuas, iarratais déanta ar chead do chúpla paráid a bheadh conspóideach. Ní chuidíonn an folús in Stormont.

Deacair a rá an moilleadóireacht sa bhreis a bheadh i gceist de bharr sheasamh an DUP. Bíonn cruinnithe gach seachtain ag ceannaire na státseirbhíse in Stormont agus na páirtithe a bheadh i bhFeidhmeannas dá mba ann dó chun obair ullmhúcháin a dhéanamh. Le haghaidh an fhómhair? Cá bhfios. I ndiaidh an chruinnithe Déardaoin dúirt ceannaire an DUP nárbh fhéidir talamh slán a dhéanamh de go n-athbhunófaí Stormont – braithfidh sé sin, ar sé, ar fhreagra an rialtais ar éilimh an DUP.

Seacht mbliana i ndiaidh an reifrinn faoin mBreatimeacht is ag dul i bhfad atá liosta na gceisteanna gan freagra. An bhfuil an pobal bogtha ar aghaidh beag beann ar bholscaireacht na bpolaiteoirí? Cé chomh géilliúil do Jeffrey is a bheidh Rishi Sunak i bhfianaise na bpobalbhreitheanna abhus? An mbeidh Jeffrey Donaldson toilteanach glacadh le comhghéilleadh agus in ann a pháirtí a bhreith leis? Céard a shásódh an DUP?

Fág freagra ar 'Ní ag fás ach a mhalairt atá an freasúra ag prótacal an Tuaiscirt'