Neamhaird tugtha ar dhualgais teanga i gcás leath na gcomharthaí poiblí ag ceithre cinn d’Ollscoileanna – Tuarascáil nua

Moltaí déanta ag an gCoimisinéir Teanga le dul i ngleic le sárú rialacháin teanga in Ollscoileanna agus ag suíomhanna oidhreachta

Neamhaird tugtha ar dhualgais teanga i gcás leath na gcomharthaí poiblí ag ceithre cinn d’Ollscoileanna – Tuarascáil nua

Níl a ceart tugtha don Ghaeilge ar bhreis is leath na gcomharthaí poiblí (53%) atá curtha in airde ag ceithre cinn de príomh-ollscoileanna na tíre a bhfuil iniúchadh déanta ag an gCoimisinéir Teanga orthu de réir tuarascáil nua faireacháin de chuid na hOifige sin don bhliain 2019 a foilsíodh inniu.

Bhí toradh níos dearfaí ar staidéar eile ar chomharthaí poiblí a rinne an Oifig sin ar dheich gcinn de shuíomhanna oidhreachta ar fud na tíre, áit go bhfuarthas go raibh trí cheathrú cuid acu (75%) ag cloí leis an dlí ó thaobh ceartúsáid theangacha oifigiúla na tíre.

Ceithre cinn de chuid Ollscoileanna Náisiúnta na hÉireann – Gaillimh, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Má Nuad a bhí i gceist san iniúchadh.

Fuarthas go raibh 47% den chomharthaíocht sna hollscoileanna ag sárú rialacháin atá déanta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chuireann cosc ar chomharthaíocht i mBéarla amháin. De réir na rialachán sin, caithfidh comharthaí a bheith i nGaeilge nó dátheangach ach sa chás is go mbeidís dátheangach caithfidh an téacs i nGaeilge a bheith chun cinn, chomh feiceálach agus chomh hinléite leis an téacs i mBéarla.

Ollscoil na hÉireann Gaillimh is fearr a chruthaigh sa staidéar, áit a raibh dhá thrian (68%) den chomharthaíocht a scrúdaíodh ag teacht leis an dlí teanga. Dúradh go raibh “líon suntasach” (28%) de na comharthaí san iniúchadh i mBéarla amháin cé gur chomharthaí sealadacha iad os cionn leath acu sin a d’fhéadfaí a leasú go héasca.

I gcás Ollscoil Chorcaí bhí 56% de na comharthaí a scrúdaíodh ag teacht leis an reachtaíocht teanga ach ní raibh ach 41% amhlaidh i gcás Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Ba in Ollscoil Mhá Nuad is measa a bhí an scéal agus níor tugadh cothrom na Féinne don Ghaeilge ach ar bheagán le cois aon trian (37%) de na comharthaí san ollscoil sin. Bhí os cionn leath na gcomharthaí (54%) a scrúdaíodh ar fud an champais i mBéarla amháin.

Le linn an iniúchadh a rinneadh i Má Nuad, thug an Coimisinéir Teanga suntas don scéala go raibh ‘National University of Ireland Maynooth’ in úsáid i mBéarla amháin ar chomharthaí áirithe i dteannta lógó na hOllscoile, d’ainneoin moltaí a bheith déanta aige sa bhliain 2016 gur ghá go mbeadh a leithéid dátheangach. Dúirt Rónán Ó Domhnaill go raibh sé “ag féachaint ar na céimeanna breise is féidir liom a thógáil i bhfianaise na neamhairde” a bhí déanta ar na moltaí a rinne sé faoin ábhar roimhe seo.

Maidir leis na suíomhanna oidhreachta a ndearna Oifig an Choimisinéara iniúchadh orthu, cinneadh scrúdú a dhéanamh ar dheich gcinn acu lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, ina measc Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne, Teamhair, Caisleán Chill Chainnigh, Ionad Cuairteoirí Ghleann Dá Loch agus Cluain Mhic Nóis.

Scrúdaíodh 662 comhartha poiblí ar fad agus fuarthas go raibh 498 acu (75%) ag teacht leis na rialacháin teanga. I gCaisleán Chill Chainnigh amháin a bhí gach comhartha poiblí (100%) iomlán cruinn agus ceart ó thaobh úsáid na Gaeilge agus an Bhéarla. I dTeach Cogaidh an Ghorta Mhóir ní raibh ach an tríú cuid (35%) de na comharthaí ag teacht leis an gcleachtas dlíthiúil.

Tá moltaí déanta ag an gCoimisinéir Teanga i gcás na n-ollscoileanna agus na suíomhanna oidhreachta maidir le leasú a dhéanamh ar na comharthaí poiblí a bí ag sárú na rialachán.

Fág freagra ar 'Neamhaird tugtha ar dhualgais teanga i gcás leath na gcomharthaí poiblí ag ceithre cinn d’Ollscoileanna – Tuarascáil nua'