Neamhaird curtha i leith an rialtais maidir leis an nGaeltacht agus an Plean Forbartha Náisiúnta

Deir an Teachta Dála Liam Quaide nach bhfuil tásc ná tuairisc níos mó ar ghealltanais a bhí déanta maidir leis an nGaeltacht sa leagan athbhreithnithe den Phlean Forbartha Náisiúnta

Neamhaird curtha i leith an rialtais maidir leis an nGaeltacht agus an Plean Forbartha Náisiúnta

Liam Quaide. Pic: Leah Farrell/ RollingNews.ie

Tá cáineadh déanta ag na Daonlathaithe Sóisialta ar an “neamhaird” atá déanta den Ghaeltacht san athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta a d’fhoilsigh an Rialtas.

Déantar briseadh síos sa bplean, a foilsíodh an tseachtain seo caite, ar bhreis is €100 billiún den chaiteachas caipitil atá le déanamh idir 2026-2030 ach ní raibh tagairt ar bith d’infheistíocht sa nGaeltacht ná sa nGaeilge déanta sa gcáipéis.

Deir an Teachta Dála Liam Quaide, urlabhraí Gaeltachta na nDaonlathaithe Sóisialta, go gcaithfear infheistíocht riachtanach a dhéanamh sna ceantair Ghaeltachta agus nach féidir glacadh leis an neamhaird atá déanta ag an rialtas orthu.

“Tá maoiniú do thograí tithíochta, fuinnimh, uisce agus iompair idir 2026 agus 2030 san áireamh san uasdátú ar Phlean Forbartha Náisiúnta an rialtais ach tá teipthe ar an rialtas an infheistíocht atá ag teastáil go géar sa nGaeilge agus inár gceantair Ghaeltachta a leagan amach,” a deir Quaide.

“Ní féidir glacadh leis an neamhaird seo atá á déanamh ag an rialtas ar ár dteanga náisiúnta agus ar phobail sa Ghaeltacht. Tá go leor réimsí ann ina dteastaíonn infheistíocht chaipitil, ina measc tá an tithíocht, pleanáil teanga agus forbairt ionad nua Gaeilge atá geallta. Níl tagairt ar bith déanta dóibh san uasdátú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, áfach.”

“Níl tásc na tuairisc fiú ar ghealltanais a bhí luaite sa leagan deireanach den Phlean Forbartha Náisiúnta (2021-2030), tacaíocht do na meáin Ghaeilge mar shampla,” a deir Quaide.

Dúradh sa gcéad leagan den phlean a foilsíodh in 2021 go ndéanfaí infheistíocht sa Ghaeltacht lena chinntiú go dtiocfaidh sí slán mar áit a bhfuil pobal bríomhar agus mar ‘thobar’ na Gaeilge agus deir Quaide go gcaithfear an gealltanas sin a chomhlíonadh.

“Tá infheistíocht phoiblí shuntasach i seirbhísí riachtanacha – i dtithíocht inacmhainne, sláinte agus iompar poiblí mar shampla – ag teastáil ónar bpobail Ghaeltachta. Caithfidh an rialtas fíor-thiomantas a léiriú chun [na ceantair Ghaeltachta] a chaomhnú agus a fhorbairt agus an caipitil atá de dhíth a chur ar fáil chun go mbeadh na pobail seo in ann maireachtáil, foghlaim agus oibriú inár dteanga náisiúnta.”

Deir Quaide gur i bhfonóta faoi aistriú cumhachtaí ó roinn amháin go dtí roinn eile an t-aon áit sa bplean a luaitear an focal ‘Gaeltacht’.

Cháin sé an rialtas as an bplean a fhoilsiú i mBéarla amháin chomh maith.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc an tseachtain seo caite gur údar náire a bhí san easpa “measa” a léirítear don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa bplean.

Bhí tacaíocht d’Údarás na Gaeltachta, an córas pleanála teanga, tacaíocht d’earnáil na gcoláistí samhraidh agus infheistíocht in ionaid caitheamh aimsire i measc na réimsí eile a bhain leis an teanga agus an Ghaeltacht a bhí luaite sa gcéad leagan den phlean.

De réir an phlean nua €273 milliún sa bhliain a bheidh le caitheamh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta idir 2026-2028 ach tiocfaidh laghdú air sin go dtí €255 milliún sa bhliain in 2029 agus 2030.

Fág freagra ar 'Neamhaird curtha i leith an rialtais maidir leis an nGaeltacht agus an Plean Forbartha Náisiúnta'