Nár bhreá an rud fios a bheith againn roimh ré cén rialtas a bheadh muid ag vótáil dó?

Is é an trua é nach mbíonn na páirtithe níos soiléire agus níos macánta faoi cé leis a rachaidís i mbun rialtais

Nár bhreá an rud fios a bheith againn roimh ré cén rialtas a bheadh muid ag vótáil dó?

Cén fhad go dtí go bhfeicfear don phobal go bhfuil a ndóthain díoltais faighte acu ar na páirtithe a bhí i rialtas le linn bhlianta na géarchéime? An bhfuil sé fós ar intinn an phobail go raibh Fianna Fáil i rialtas nuair a bhí an tír bancbhriste? An bhfuil muinín an phobail i bPáirtí an Lucht Oibre scriosta riamh ó shin, mar a dúirt an ceannaire polaitiúil is nua sa tír, Holly Cairns an tseachtain seo? Níor chuir sí fiacail ann nuair a dúirt sí nach ndéanfaidh a páirtí cónascadh leis an Lucht Oibre, an páirtí as ar eascair bunaitheoirí a páirtí féin.

Caithfear an cheist a chur mar sin féin – mura mbíonn na mionpháirtithe agus na páirtithe nua in ann rogha shoiléir a léiriú don phobal is deacair don phobal iad a thoghadh mar mhalairt rialtais. Chuir Pobal seachas Brabús tús le hiarracht an tseachtain seo rogha de shaghas éigin a thairiscint. Scríobh siad chuig páirtithe eile agus neamhspleáigh ar an eite chlé ar mhaithe le tús a chur le comhrá faoi bhunú rialtais. Ag Dia atá a fhios an éireoidh lena leithéid de chomhrá ach is cinnte gur bhreá le sciar áirithe den phobal vótála dá mbeadh rogha á tairiscint dóibh.

Tá an-rath ar Shinn Féin sna pobalbhreitheanna le tamall anois. Ceann de na cúiseanna atá leis sin go bhfeictear gur malairt iad ar an status quo agus, dá réir, gur féidir le daoine a míshástacht le cúrsaí a léiriú trí vótáil dóibh.  Mar sin féin dá mbeadh toghchán ann ar maidin amárach ní bheadh an oiread suíochán acu agus a chuirfeadh ar a gcumas rialtas a bhunú. Más fíor na deacrachtaí atá acu le hiarrthóirí a aimsiú agus an doicheall atá ar dhaoine dul leis an bpolaitíocht, d’fhéadfadh nach mbeidís in ann teacht i dtír ar an tacaíocht atá acu sna pobalbhreitheanna.

Fágann sin go mbeidh orthu breathnú ar cén páirtí a bheidh in ann rialtas a bhunú in éineacht leo. Deir siad nach dteastaíonn uathu dul ag obair le Fine Gael agus Fianna Fáil i gcomhrialtas. Nár bhreá, mar sin, dá mbeadh obair déanta roimh ré le malairt rialtais a chur i láthair an phobail?

Nó an ndéarfaidh na páirtithe ar fad sna seachtainí roimh thoghchán go mbraitheann sé ar an toradh agus mar a roinntear na vótaí? Má deir, is éard a chloisfidh an pobal ná ‘déanfaidh muid pé rogha a chinnteoidh, chomh fada agus is féidir, go mbeidh muidne i gcumhacht tar éis na vótaí a bheith comhairthe’.

Nár dheas dá bhféadfaí a rá – seo iad an dream atá againn faoi láthair agus seo mar atá ag éirí leo nó ag teip orthu. Tá an dream eile seo ag cur malairt rogha ar fáil agus b’fhéidir gurbh fhiú éisteacht a thabhairt dóibh. Ar ndóigh ní mar sin a tharlaíonn sé ach cuirfidh mé spéis sna freagraí s a gheobhaidh Pobal seachas Brabús ar na litreacha a sheol siad.

Fág freagra ar 'Nár bhreá an rud fios a bheith againn roimh ré cén rialtas a bheadh muid ag vótáil dó?'

  • Eoin Ó Murchú

    Sean-mhiotas iriseoirí. Cuirtear rialtas le cheile tré idirbheartaíocht idir na páirtithe. Ni féidir a fhios againn roimh ré mar ní bhíonn a fhios againn cén chumhacht atá ag na páirtithe faoi seach. I ndiadh toghcháin tá’s ag na páirtithe ce mhéad suíochán atá acu agus céard is féidir leo a bhaint amach san idirbheartaíocht.