Naomh Conaill agus Naomh Adhamhnáin ar ais le chéile i nDún na nGall agus cluiche mór ag an Daingean

Tá cluiche tábhachtach ag peileadóirí na Rinne an deireadh seachtaine seo i gCraobh Shinsir Peile Phort Láirge agus iománaithe Mhaigh Cuilinn ag dul chun páirce sa chraobh i nGaillimh

Naomh Conaill agus Naomh Adhamhnáin ar ais le chéile i nDún na nGall agus cluiche mór ag an Daingean

Dún na nGall

Cuireadh cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall ar athló an tseachtain seo caite in ómós dóibh siúd a cailleadh i dtubaiste an Chraoslaigh ach tabharfaidh Naomh Conaill agus Naomh Adhamhnáin aghaidh ar a chéile tráthnóna agus iad sa tóir ar Chorn an Dochtúra Mhig Uidhir.

Chas na foirne seo ar a chéile i gcluiche ceannais 2021chomh maith ach murab ionann agus anuraidh, is iad na fir as Leitir Ceanainn rogha na coitiantachta sa cheann seo. Bhí gach duine ag súil go mbuafadh Naomh Conaill a dtríú craobh as a chéile anuraidh ach thug Naomh Adhamhnáin taispeántas iontach uathu sa chluiche ceannais chun fir na nGleanntach a chur de dhroim seoil, 1-11 in aghaidh 0-4.

Tá Naomh Adhamhnáin imithe ó neart go neart ó shin agus thug an-taispeántais chun an cluiche ceannais seo a bhaint amach arís. Imreoirí idirchontae iad Caolán Ward, Peter McEniff, Shane O’Donnell, agus Niall O’Donnell ach is é cúl báire Dhún na nGall, Shaun Patton, a thuill moladh ar leith as an taispeántas a thug sé in aghaidh Chill Charthaigh sna babhtaí leathcheannais. Tá Patton chomh cruinn sin ó na ciceanna amach go bhfuil sé nach mór cinnte go gcoinneoidh Naomh Adhamhnáin seilbh na liathróide agus fágfaidh sin cinneadh le déanamh ag Naomh Conaill an mbrúfaidh siad suas ar chiceanna Patton nó an ngéillfidh siad dó.

Cé gurb é seo an séú cluiche ceannais as a chéile atá á imirt ag Naomh Conaill, is beag duine atá ag tabhairt seans dóibh amárach. É sin ráite, níl aon amhras ach go bhfuil an taithí agus an cumas ag fir na nGleanntach an cluiche a bhaint. Tá an-choisíocht agus fuinneamh ag leithéidí Jeaic Mac Ceallbhuí, Ethan O’Donnell agus na Dohertys – Odhrán agus Eunan – agus beidh Leo McCloone, Charles McGuinness, Ciarán Thompson agus Dermot Molloy breá ábalta scóranna a fháil.

Beidh Naomh Conaill ag iarraidh taispeántas níos fearr a thabhairt ná mar a thug siad anuraidh, nuair nár scóráil siad ach ceithre phointe sa chluiche ceannais, ach spreagadh maith a bheidh ann freisin go bhfuil trí cinn de na cúig chluiche ceannais roimhe seo caillte acu. Níor tugadh mórán seans do Naomh Adhamhnáin anuraidh agus beidh Naomh Conaill ag súil le toradh gan choinne eile amárach.

Dé Sathairn, 15 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall
Naomh Conaill v Naomh Adhamhnáin – Páirc Mhic Cumhaill, 2.45in

Ciarraí

Measadh roimh thús na craoibhe i gCiarraí nach dtiocfadh foireann ar bith i bhfoisceacht scread asail d’fhoireann chumasach Chiarraí Thoir i mbliana. Tá an fhoireann nach mór lán d’imreoirí a chaith geansaí Chiarraí uair éigin, bíodh sin faoi aois nó do na sinsir, agus scata imreoirí i measc na n-ionadaithe a bhainfeadh áit ar fhoireann ar bith eile sa chontae.

Níor bréagnaíodh an tuairim sin nuair a thug siad stánáil do chumann Uí Cheirín-Uí Rathaille sa chéad bhabhta ach tá cúrsaí athraithe beagáinín ó shin agus tá seans nach beag ag an Daingean sa chluiche leathcheannais idir na foirne amárach.

Ar an gcéad dul síos, ní raibh cuma chomh láidir ar Chiarraí Thoir ó shin. Cé gur bhuadar na trí chluiche a bhí acu, ceann in aghaidh an Daingin san áireamh, ní gan dua a rinneadar sin.

Ar an lámh eile, tá an Daingean beagáinín níos fearr ná mar a cheap daoine. Ní róshásta a bhí fir na Gaeltachta lena bhfeachtas anuraidh nuair nár bhaineadar ach na babhtaí ceathrú ceannais amach ach tá faobhar orthu i mbliana.

Sháraíodar an Spá agus Ó Ceirín-Ó Rathaille go héasca sa ghrúpa agus cé go raibh cúig phointe le spáráil ag Ciarraí Thoir orthu sa chluiche sin i bPáirc an Ághasaigh, bhí an dá fhoireann slán sna babhtaí ceathrú ceannais faoin tráth sin.

Is é an taispeántas a thug an Daingean in aghaidh na gCrócach seachtain ó shin is mó a thabharfaidh misneach do lucht tacaíochta na foirne agus foireann Phádraig Corcoran i bhfad rómhaith d’fhir Chill Airne.

Níl na Crócaigh chomh láidir agus a bhí áfach agus scéal eile a bheidh ann greim a fháil ar leithéidí David Clifford, a dheartháir Paudie agus James O’Donoghue. D’fhéadfadh an Daingean Tom O’Sullivan a chur ag marcáil David Clifford ach scóráil an Súilleabhánach cúig phointe sa bhua ar na Crócaigh agus is mór an chailliúint a bheadh ann don fhoireann dá mba í an chosaint an t-aon chúram a bheadh air.  Rogha eile é Mark O’Connor, a bhfuil cáil bainte amach aige san AFL mar fhear atá breá ábalta imreoir eile a stopadh.

Ar an taobh eile den pháirc, beidh sárthaispeántas de dhíth ó Paul Geaney agus a chol ceathrair Dylan más leis an Daingean an lá a thabhairt leo, agus tá an cumas iontu.

Dé Domhnaigh, 16 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Chiarraí
An Daingean v Ciarraí Thoir – Páirc Aibhistín de Staic, 2.30in

Port Láirge

Caithfidh peileadóirí na Rinne cluiche dícháilithe a bhuachan an deireadh seachtaine seo más leo fanacht sa Chraobh Shinsir Peile sna Déise an bhliain seo chugainn.

Tar éis dóibh réamhbhabhta ceathrú ceannais a chailliúint in aghaidh Chill Rosanta an tseachtain seo caite, caithfidh fir na Gaeltachta an ceann is fearr a fháil ar Chumann an tSlánaitheora nó beidh siad ag imirt sa Phríomh-Chraobh Idirmheánach in 2023.

Fuair an Rinn an ceann is fearr ar an bhfreasúra céanna sna babhtaí dícháilithe anuraidh, 0-9 in aghaidh 0-7, agus beifear ag súil le dea-thoradh eile amárach.

Dé Domhnaigh, 16 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Phort Láirge
An Rinn v Cumann an tSlánaitheora – An Chill, 12.30in

Gaillimh

Tá deis ag Maigh Cuilinn na babhtaí ceathrú ceannais de Chraobh Shinsir Iomána na Gaillimhe a bhaint amach tráthnóna agus éacht déanta cheana féin ag dream a bhí ag imirt sa Chraobh Idirmheánach anuraidh.

Bhuaigh Maigh Cuilinn a gcéad cheithre chluiche sa Chraobh Shinsir B i mbliana chun ardú céime go dtí an príomhghrád a bhaint amach agus cé gur chaill siad in aghaidh Órán Mór-Meáraí i mBabhta 5, bhaineadar áit amach i gcluiche an lae inniu in aghaidh Cheapaigh an tSeagail le bua i gcluiche iontach i gcoinne Liam Uí Mhaoilíosa.

Níor chaill Ceapaigh an tSeagail ach ceann amháin de na cúig chluiche a d’imir siad go dtí seo ach níor éirigh leo an bua a fháil ach i bpéire acu. Bhain siad babhtaí leathcheannais na craoibhe amach ceithre huaire le cúig bliana anuas ach dá n-éireodh le Maigh Cuilinn Ja Mannion agus an bheirt Chróiníneach, Liam agus Declan, a choinneáil faoi chois, d’fhéadfadh go mbeadh leo.

Dé Sathairn, 15 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Iomána na Gaillimhe
Ceapaigh an tSeagail v Maigh Cuilinn – Staid an Phiarsaigh, 3.45in

Fág freagra ar 'Naomh Conaill agus Naomh Adhamhnáin ar ais le chéile i nDún na nGall agus cluiche mór ag an Daingean'