Naomh Conaill agus Cill Chua ag iarraidh craobh an chúige a thabhairt leo den chéad uair

Tabharfaidh fir na nGleanntach aghaidh ar sheaimpíní an Dúin i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Uladh ar an an Ómaigh tráthnóna

Naomh Conaill agus Cill Chua ag iarraidh craobh an chúige a thabhairt leo den chéad uair

Dermot ‘Brick’ Molloy (Naomh Conaill). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Naomh Conaill (Dún na nGall) v Cill Chua (An Dún)

An Ómaigh, 2pm (Beo ar TG4)

Lá stairiúil a bheidh ann do Naomh Conaill nó do Chill Chua tráthnóna mar tá an dá fhoireann ag iarraidh Craobh Shinsir Peile Uladh a thabhairt leo den chéad uair riamh.

Ní hé seo an chéad uair ag ceachtar acu áit a bhaint amach sa chluiche ceannais, ach níor éirigh leo an chreach a thabhairt leo.

Shroich Naomh Conaill cluiche ceannais 2010 agus cé go raibh siad chun tosaigh ar Raonaithe na Croise ag leath ama sa chluiche sin, chuaigh rudaí ina gcoinne sa dara leath.

Is iad boic mhóra Ard Mhacha chomh maith a fuair an ceann is fearr ar Chill Chua i gcluiche ceannais 2012. Bhain seaimpíní an Dúin an cluiche ceannais amach arís in 2016 ach chinn orthu an ceann is fearr a fháil ar Shleacht Néill an lá sin.

Aisteach go leor, is é an fear a bhí i gceannas ar fhoireann Dhoire an lá sin, Mickey Moran, atá anois i gceannas ar Chill Chua agus an cumann ag súil go dtabharfaidh a thaithí buntáiste breise dóibh inniu.

Bhuaigh Sleacht Néill Craobh Uladh trí huaire faoi cheannas Moran, in 2014, 2016 agus 2017, luaitear é ar dhuine de na bainisteoirí is fearr dá bhfuil ann.

Agus Craobh an Dúin buaite ag Cill Chua ocht n-uaire ó 2009, is maith an cleachtadh atá acu ar chluichí móra i gCraobh Uladh.

Beidh siad ag brath go mór ar Conor Laverty, fear a chaith na blianta ag imirt leis an Dún, agus ar Jerome Johnston agus ar Paul Devlin i measc na dtosaithe. Tá an-fhuinneamh sna deartháireacha Brannagan sa líne leathchúil chomh maith.

Caithfidh Cill Chua a bheith cruinn más leo cluiche an lae inniu a bhaint mar is cinnte nach scaoilfidh Naomh Conaill mórán deiseanna leo.

Stíl chosantach a bhíonn ag seaimpíní Dhún na nGall agus tá an-scil acu ag imirt ar an dóigh sin.

Níor scaoil siad isteach ach trí chúl sna deich gcluiche craoibhe atá imeartha go dtí seo acu i mbliana agus níl cúl ar bith géillte acu le cúig chluiche anuas.

Cé nach n-aimsíonn Naomh Conaill féin go leor cúl agus iad ar an ionsaí, tá Eoghan McGettigan agus Ciarán Thompson iontach cruinn ó chiceanna saora.

Is minic an choimhlint i lár páirce cinniúnach agus meastar go bhfuil imreoirí Naomh Conaill níos mó agus níos láidre ansin. Tá taithí na mblianta ag Leo McLoone agus is imreoir den chéad scoth é Thompson, atá ina chaptaen ar fhir na nGleanntach.

Nuair a thug Gaoth Dobhair Craobh Uladh leo anuraidh, ba í an chéad uair gur thug foireann as Tír Chonaill leo craobh an chúige le breis agus dhá scór bliain. D’fhéadfadh gur Conallach eile a bheidh ag glacadh le Corn Shéamuis Mhic Mhearáin ar an Ómaigh inniu.

Fág freagra ar 'Naomh Conaill agus Cill Chua ag iarraidh craobh an chúige a thabhairt leo den chéad uair'