Nach sinne a bheadh awesome agus orgasmach san Aonú Stát is Caoga?

Táimid níos Meiriceánaí ná na Meiriceánaigh féin faoin tráth seo agus tá sé in am againn an chéad chéim awesome eile a thabhairt….

Nach sinne a bheadh awesome agus orgasmach san Aonú Stát is Caoga?

Anois go bhfuil Dónall Mac an Trumpalláin gróigthe go te, compordach ina Thúr Óir mar uachtarán tofa ar na Stáit Aontaithe tá rogha nó dhó nó trí le déanamh aige. An dtógfaidh sé falla mórthimpeall SAM chun na hainchreidmhigh ghránna a choinneáil amach? An gcuirfidh sé an ruaig ar bhreis agus 10 milliún ainchreidmheach atá laistigh den tír cheana féin? An mbainfidh sé leas as céastóireacht uisce chun ainchreidmhigh a chéasadh agus a sciúrsáil? Nó an dtabharfaidh sé neart beorach agus toitíní dóibh ionas go mbeidís chomh mór sin ar meisce go ndéanfaidís gach eolas atá de dhíth ar lucht a gcéasta a thabhairt dóibh agus an inchinn sa leathcheann acu?

Roghanna! Roghanna! Roghanna! Creidim féin go bhféadfadh sé rogha bhreise a dhéanamh. Sea, tá teideal an ailt léite agat, a léitheoir. Maith thú! Fairsingeoidh sé na Stáit Aontaithe trí stát breise, stát nua a chruthú. Déanfaidh sé machnamh domhain agus an rogha seo á déanamh. Gheobhaidh sé cruinneog mhór, dhaite agus cuirfidh sé ar an mbord os a chomhair amach í agus tosnóidh sé á casadh thart. Agus dúnfaidh sé a shúile agus a thúisce is a stopfaidh sí ag casadh leagfaidh sé méar ar áit éigin ar an gcruinneog. An-seans gur ar áit éigin ar an gCiorcal Artach a leagfadh sé a mhéar óir, áfach!

Cad chuige go ndéanfadh sé a leithéid ar aon nós? Nach bhfuil aonú stát is caoga réamhdhéanta ann cheana féin? Cad chuige go mbeadh sé ag cur strus air féin ina Thúr Óir ag casadh cruinneoige ar feadh an lae nuair atá nithe níos tábhachtaí le déanamh aige i seomra na locar nó i seomra éigin eile? Ó, tá stát réamhdhéanta ag feitheamh go foighneach le tvuít ón bhfear fionn, déadlonrach. Á, a léitheoir, tá an donas ort! Tá tú chun tosaigh orm arís. Tán tú ró-ghéarchúiseach ar fad. Éire. Sea, Éire. Éire Chuinn. An Béar Beag. Táimid ag barr na scuaine don phribhléid seo le fada an lá. Chun tosaigh ar gach tír eile ar chlár na cruinne ag an bpointe seo. Táimid níos Meiriceánaí ná na Meiriceánaigh féin. Caithfidh go mbaintear stangadh uafásach as ár gcuid gaolta i Meiriceá nuair a fhilleann siad ar a dtír dhúchais agus nuair a chloiseann siad na tuineacha Meiriceánacha agus na gothaí Meiriceánacha a chuireann ár gcraoltóirí, ár gceoltóirí, ár gclúiteálaithe, ár scríbhneoirí, ár n-iriseoirí gan trácht ar ár mic léinn agus ár bpáistí scoile orthu féin. Caithfidh go mbraitheann a gcuid páistí féin de bhunús Mheiriceá iad ó dhúchas in áit na leathcent agus iad ina gcomhluadar.

Wow! I’m like speechless? OMG, that dress you are wearing is, like, awesome. It’s like so cool. Wow! Ó, sea, táimidne anseo in Éirinn ag íoc as ceadúnas teilifíse chun breathnú ar réaltaí móra féincheaptha, féinfhógartha ag cur gothaí Mheiriceá orthu féin. Iad faoi gheasa ar fad ag cultúr Mheiriceá. Iad ag éirí corraithe, oibrithe faoi gach gné de shaol Mheiriceá. Iad i gcásanna áirithe ag éirí orgasamach, cheapfá, leis an ngliondar a bhíonn orthu agus iad ag ríomh scéalta móra Mheiriceá beo ar an aer. Is ag dul i méid in aghaidh an lae atá líon na ndaoine sna meáin chumarsáide, sna healaíona, sa tsochaí i gcoitinne atá dúnta i ngrá le gach rud Meiriceánach. Tá scríbhneoirí agus filí nár chaith maidin fhliuch gheimhridh riamh thall ansin ag lonnú a gcuid úrscéalta, a gcuid dánta agus a gcuid saothar ealaíne i dTír Tairngire SAM agus ar eiseamláir na Stát Aontaithe. Tá ár dteangacha amuigh againn le cíocras chun a bheith Meiriceánach ó bhaithis an chinn go bonn na coise, gan trácht ar an limistéar sin atá idir ár gcluasa.

Féach ar na buntáistí a bheadh le baint as a bheith ar an aonú stát is caoga. Deireadh le himirce. Deireadh le cártaí glasa agus cártaí víosa. D’fhéadfadh craoltóirí, ceoltóirí, clúiteálaithe, iriseoirí, scríbhneoirí postanna a fháil thall sa Tír Tairngire gan aon stró. D’fhéadfadh a macasamhail de ghrúpaí ó Mheiriceá theacht anonn anseo agus a bheith ag craoladh, ag ceol, ag clúiteáil, ag iriseoireacht agus ag scríobh anseo in Éirinn Chuinn is ní thabharfadh duine ar bith i dtír bheag seo na Naomh is na nOlagón faoi deara é. Táimid ullamh. Tá an t-am tagtha. Oscail Route 66 láithreach bonn. OMG man, I’m like I can’t wait any longer. Bring it on, buddy! Bring it on!

Fág freagra ar 'Nach sinne a bheadh awesome agus orgasmach san Aonú Stát is Caoga?'

  • Joe

    bheadh sé go breá dá bhféadfaimís bheith mar stát – seachas mar nua-choilíneach dá gcuid.

  • Fearn

    Dheara, a Mhiceáil, that’s so, like, random! Seo domhandúchán! Get with the program! Neamhspléachas cultúrtha? Uncool, dude!

  • Críostóir

    B’fhearr dom Stát Aontaithe, thar Bhallstát Eorpach i ndáiríre. Seachas b’fhéidir na gunnaí a thiocfas ó Mheiriceá isteach i ngach aon áit.

  • Glór Í Eo

    Tá sé bun os cionn agat. Meiriceá mar an 33ú chontae atá uainn. Bíodh deireadh le Nua Eabhrac agus Philadelphia, fáilte go Ath-Chorcaigh agus Baile an Ghrá. Ath-Dhoire seachas New Jersey agus ar ndóigh deireadh le Baton Rouge agus fáilte go Bata Dearg.