Rud amháin leagan cainte a fheiceáil scríofa ach rud eile ar fad é a chloisteáil beo beathach i measc an phobail. Bhí cara liom ag míniú dhom an lá faoi dheireadh gur drochphraghas atá le fáil ar chapaillíní Chonamara faoi láthair. ‘Ní bhfaighfeá tochas do mhagairlí orthu anois,’ a dúirt sé.
Bhíodh ‘tochas do dhroma’ ann roimhe seo ach féach go raibh an leagan neartaithe tuilleadh ag mo chara.
Galar gan náire é an tart ach sháraigh an tochas é, a deirtear.
Tart, tochas agus grá, trí ní nach féidir a cheilt.
D’aithneodh sé an difríocht idir a thochas agus a scríobadh, a deirtí freisin, i.e., an rud a bheadh ar mhaithe leis agus an rud nach mbeadh.
Tochas agus díth ingne, mallacht Chromail.
Dá mbeadh tochas i do shrón, comhartha a bheadh ann go bhfaighfeá litir go luath.
Dá mbeifeá ag tochas do chinn bheadh ábhar éicínt ag dul ó mheabhair ort.
Bíonn a fhios ag chuile dhuine cá mbíonn an tochas air féin. D’fhéadfá é sin a rá ar bhealach eile freisin, is ag duine féin is fearr a fhios cá luíonn an bhróg air.
Dá mbeadh tochas ar bith sa mbaile acu, ní imeodh a leath go Sasana, i.e, dá mbeadh obair éigin acu, fiú scríobadh na talún ar nós na circe.
Fág freagra ar 'Nach gránna é? ‘Ní bhfaighfeá tochas do mhagairlí orthu anois…’'