Nach deas é? ‘Ón rabharta dtí’n mallmhuir’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach Deas e

Chuir ‘Nach deas é?’ an tSíthigh an tseachtain seo caite ag cuimhneamh mé. Ní nach ionadh, mar cuireann obair phinn agus obair cheamara Sheáin ag cuimhneamh go minic mé – teist na dea-scríbhneoireachta agus na dea-iriseoireachta.

Rith sé liom go bhfuil ár dteanga anso i gCorca Dhuibhne, agus i mórán ceantar Gaeltachta eile, fite fuaite le saol na mara, agus rian ana-láidir ag an bhfarraige ar ár nGaelainn, sa tslí go dtaibhseofaí dhuit go minic ná beadh aon tuiscint fén spéir ag stróinséirí ar allagar na nDuibhneach.

An duine a bheadh fliuch báite ag an tsín, dá thoil féin, déarfaí ‘Leathadh na leathóige ort’ leis – bheadh sé ina leathóigín (Pleuronectes platessa) ag an mbáisteach, nó “ar nós circe droich-dhriucha go mbeadh a cuid clúimh as cleitidhe ceangailte dá creat”, mar a deireadh Seán a’ Chóta. Tá aithne againn ar fad ar dhonnáin (Lotidae) – seandaoine críonna aimlithe béiteálta lán de dhathacha is de chrampaí is d’ainnise – nó b’fhéidir go bhfuil cuid agaibh i bhur ndonnáin cheana féin.

Dá ndéarfaí leat nach bhfuil ionat ach léasán lice (“saghas éisc gurb é a dhúthchas bheith ceangailte de chloich ar thóin puill a’s nuair scarann an mhuir léi é bíonn ag imtheacht léi da threóir” dar leis an gCóta), bheadh sé ag cuir id’ leith gur duine neamhphointeáilte, neamhshlachtmhar, neamhphraitinniúil tú.

“Nach deas an bád í”, a chloisfeá ar uairibh, cé ná beadh bád ná nao id’ thimpeall – is ag trácht ar cheithinseach mná éigin a bheifí. Bhuailfeadh rabharta ban fear, agus é dulta bán chun spéirbhean a fháil dó féin.

Dá mbuailfeá leis maidin tar éis dó a bheith ar a sheacht ndícheall d’iarraidh stuaire chiúin chailce a mhealladh istigh sa Daingean an oíche roimh ré, déarfá leis “An raibh faic ag imeacht aréir?” – an rud céanna a déarfá le hiascairí a bheadh tar éis an oíche a chaitheamh ag sealgaireacht ar an bhfarraige. B’fhéidir go mbeadh seans éigin aige ar bhean a fháil mura mbeadh sé ‘síos go gunail inti’ – is é sin, lán dtí poll an paidrín le pórtar.

Focailín beag ana-úsáideach agus ana-sholúbtha is ea ‘cor’. Don iascaire, cor is ea an aga a bhíonn líon curtha i bhfarraige, nó an méid éisc a bhíonn ann. D’fhéadfá cor éisc millteach a bheith agat, nó d’fhéadfá a bheith cor ar chor ó dhubh dubh agus gan faic dá bharra agat. Ach ar an dtalamh tirim, d’fhéadfá cor a chur i muineál coiligh chun é a mharú; nó cor coise a chur fé pheileadóir; thiocfadh cor id’ shaol agus bheifeá dulta ón rabharta dtí’n mallmhuir agus gan agat ach uireasa in áit rachmais.

Agus ár leathbhádóir thuas a bhí scoite chun mná? Bhuel, dá bhfaigheadh sé bean, agus dá bhfaigheadh sé cor na maidine sara dtiocfadh sé amach as an leaba, tabhair fé ndeara go mbeadh clab go cluas air ar feadh an lae.

‘Sea, b’fhearra dhomsa a bheith ag glinneáil liom agus maidí a chur ar dholaí sara mbáfaidh tonn gáirsiúlachta ar fad sinn.

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Ón rabharta dtí’n mallmhuir’'