NACH DEAS É? Ceol na ngiolcach…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Ceol na ngiolcach…

Ceol na nGiolcach a thug Pádraig Óg Ó Conaire ar cheann de na leabhair a scríobh sé. Siosarnach na gaoithe trí na giolcaigh ar bhruach locha a bhí sé a mheabhrú. Bhí an leagan seo aige i leabhar eile, Mian a Croí, ‘bhain sinneán gaoithe ceol uaigneach as an gcíb a bhí le taobh an bhóthair’.

Scríobh an dialannaí Amhlaoibh Ó Súilleabháin (1783-1838) an méid seo: ‘an ghaoth ag fídeadh trí ghort cruithneachta’. Ag feadáil a bhí sí, lena rá ar bhealach eile. Is ionann fid agus fead.

Ceoltán a thugtar ar fhéar beag, crua, tirim a fhásas in áit a bhíonn bocht agus a mbíonn caonach air. Bíonn torann aige dá siúlfá air. Féar boilgíneach ainm eile air.

Dúirt Pádraig Mac Piarais nach raibh ceol ba bhinne ná Gaeilge ag teacht as béal páiste.

Is iomaí cineál ceoil ann: ceol éan, ceol conairte, ceol sruthán, ceol na farraige.

Is féidir an focal a úsáid ar bhealaí eile freisin:

Ceol a bhaint as an saol.

Is mairg ná baineann ceol as an óige an fhaid a bhíonn sí aige.

Ceol a chur i gcuideachta—beocht a chur i gcomhluadar.

Chuir an bia ceol ann.

Mo cheol thú! (Bravo!)

Tá ceol i mo chluasa.

Bainfidh mise ceol as ach a dtiocfaidh sé abhaile – buailfidh mé é, ionsóidh mé le caint é, nó díbreoidh mé é.

Ceol a chur le véarsaí.

Tá an-cheol ann—tá sé aclaí, lúfar, beoga, anamúil.

Tiocfaidh lá fós a mbeidh ceol ag na fuiseoga—beidh an aimsir go breá arís.

Is iomaí ceol thar píobaireacht—ní ar aon chaoi amháin a bhíos duine.

Chomh ceolmhar le fideog.

Seinntear ceol le fonn agus ceol le mífhonn—go ndéantar rud le toil duine nó ina haghaidh.

Nuair a stadann an ceol stadann an rince – stopfaidh an obair d’uireasa ábhair.

“Níl ceol binn milis na n-éan ann,

Le hamharc an lae a dhul uainn,” a dúirt an file agus é ag caoineadh Chill Chais.

Dúirt sé freisin go raibh súil aige go dtiocfadh an t-am a mbeadh “rincí fada ag gabháil timpeall,

Ceol veidhlín is tinte cnámh.”

Seo rann a bhíodh ag imeacht. ‘Amadán’ a thug freagra ar shagart nuair a d’fhiafraigh sé de cén uair a dtiocfadh ceol don fhiach dubh:

‘Nuair a thiocfas an míol mór ar an moing,

Nuair a thiocfas an Fhrainc go Sliabh Mis,

Nuair a chaillfeas na sagairt a saint,

Tiocfaidh ceol binn don fhiach dubh.’

Bhí rann eile ann:

‘An gcuala tú ariamh ceol ba bhinne,

Ná dhá shaor déag ag déanamh loinge;

A thua féin i láimh gach duine,

Is iad suas is anuas buille ar bhuille.’

Bhí tuiscint faoi leith ag Oisín ar cheol:

‘Binn sin a loin Doire an Chairn,

Ní chualas in aird san mbith,

Ceol ba bhinne ná do ghuth

Agus tú faoi bhun do nid.’

Ceol na ngiolcach. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Ceol na ngiolcach…'