Na socruithe déanta do chluichí leathcheannais na hÉireann agus fios ag Gaoth Dobhair agus an Spidéal cá bhfuil a dtriall in 2019

Beidh Gaoth Dobhair ag triall ar Liatroim agus beidh an Spidéal ag imirt san Uaimh i gcluichí leathcheannais na hÉireann

Na socruithe déanta do chluichí leathcheannais na hÉireann agus fios ag Gaoth Dobhair agus an Spidéal cá bhfuil a dtriall in 2019

Kevin Cassidy (Gaoth Dobhair) agus Antaine Ó Laoi (An Spidéal).

Tá na socruithe déanta do chluichí Ghaoth Dobhair agus an Spidéil i mbabhtaí leathcheannais peile na hÉireann sa bhliain nua.

Tabharfaidh Gaoth Dobhair aghaidh ar sheaimpíní na hÉireann 2018, Cora Finne, i gcluiche leathcheannais na craoibhe sinsir Dé Sathairn 16 Feabhra. Is i bPáirc Sheáin Mhic Dhiarmada i gCora Droma Rúisc a imreofar an cluiche ag 1.30pm agus beidh sé á chraoladh beo ar TG4.

Imreofar an cluiche leathcheannais eile sa chraobh shinsir idir Mullach na Leachta agus Crócaigh Chill Airne an lá céanna. Is i Staid Semple i nDurlas a bheidh an cluiche idir seaimpíní Laighean agus seaimpíní na Mumhan ag 3.30pm.

Roimhe sin, beidh cumann Gaeltachta eile, an Spidéal, san iomaíocht i gcluiche leathcheannais na craoibhe idirmheánaí. Beidh curaidh na Gaillimhe agus Chonnacht ag imirt i gcoinne chumann Bhéal Feirste, Naomh Éanna, Dé Domhnaigh 20 Eanáir.

Is i bPáirc Tailteann san Uaimh ag 2.00pm a bheidh an cluiche sin agus é á chraoladh beo ar TG4 chomh maith.

Beidh an cluiche leathcheannais eile idir Cill Chuimín Chiarraí agus Teach an Dá Mhíle Chill Dara á imirt ag an am céanna i bPáirc na nGael i Luimneach.

Fág freagra ar 'Na socruithe déanta do chluichí leathcheannais na hÉireann agus fios ag Gaoth Dobhair agus an Spidéal cá bhfuil a dtriall in 2019'

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    ‘S do fheara breá in am an ghá, nár umhlaigh riamh roimh Ghall.
    Gaoth Dobhair abú!