Díreach mar a bhí súil leis, tá na cosa ar ais faoi Chúige Laighean. Chláraigh siad a gcéad bhua le linn dóibh a bheith ag imirt a gcéad chluiche baile den séasúr nua. Ní raibh tásc ná tuairisc ar an dá lagiarracht le linn an chéad dá chluiche san Afraic Theas. Más tada é, spreag an tús sin, imirt a bhí i bhfad ó ghnáthchaighdeán na Laighneach, iad chun greadadh 31 – 8 a thabhairt d’fhoireann eile ón Afraic Theas, na Sharks i mBabhta 3.
Ba iad na Connachtaigh an t-aon chúige a chaill an deireadh seachtaine seo caite agus iad as baile sa mBreatain Bheag. D’aimsigh na Muimhnigh an tríú bua sna trí iarracht mar a rinne na hUltaigh agus iad ag cur na mBulls ó dhoras i mBéal Feirste.
Is ar Ghaillimh a bheas trial na mBulls i mBabhta 4 agus iad ag tabhairt dúshlán Chonnacht. Níl ach trí áit agus ceithre phointe idir na foirne seo, na Bulls sa séú háit ar an tábla tar éis trí chluiche. Tá Cúige Chonnacht sa naoú háit cé nach bhfuil ach dhá chluiche imeartha acusan go dtí seo. Roimh thús an chomórtais seo, bhí bua i chuile chluiche baile mar sprioc ag Lancaster, cóitseálaí nua Chonnacht. Ba léir nach raibh sé róshásta leis an taispeántas a thug a chúram agus iad ag cailleadh i gcoinne Caerdydd. Tá seans acu sa gcluiche baile seo i mBabhta 4 rudaí a cheartú.
Cuirfidh Cúige Uladh tús amárach lena gcuairt dhá chluiche ar an Afraic Theas agus iad i gcoinne na Sharks, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo. Seo é an chéad chluiche baile ag na Sharks. D’imir siad a gcéad trí chluiche abhus sa limistéar seo. Creideann siad gur deis é an cluiche seo i gcoinne Chúige Uladh chun maithiúnas a fháil óna lucht leanúna agus an léasadh sin a fuair siad ó Chúige Laighean i mBabhta 3 a chur as a gcuimhne. Beidh sé deacair ag Cúige Uladh pointe amháin féin a fháil as an gcoimhlint seo.
Ach seans gur ar an mórchoimhlint idir Chúige Laighean, curaidh an URC, agus Cúige Mumhan i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna amárach a bheas aird dhomhan an rugbaí. Níor cheart go mbeadh mórán stró ar Chúige Laighean. Tá na geallghlacadóirí den tuairim chéanna. Ach ní mar sin a thiteann an cluiche idirchúige amach i gcónaí.
Cinnte, ar fhianaise na himeartha ón dá chúige i mBabhta 3, tá an ceart ag na geallghlacadóirí. Ach mar sin féin, níl siad ag tabhairt aitheantas ar bith do stair, spiorad ná traidisiún trodach na Mumhan agus iad i gcoinne namhad. Creid uaim é, níl namhaid níos mó i ndomhan an rugbaí ag na Muimhnigh ná foireann Laighean.
Cé nach bhfuil an séasúr ach ina thús tá gortuithe chuid dá n-imreoirí chéad rogha ag crá na Mumhan. Níl fáil ar Craig Casey chun an nasc sin a dhéanamh idir na tosaithe agus na cúlaithe agus bhí amhras freisin maidir le cé chomh haclaí is atá Tadhg Beirne, cé go bhfuil sé ainmnithe ar an bhfoireann.
Tá mise ag súil le sárchluiche rugbaí a bheas thar a bheith fisiciúil óna thús. Tá súil agam nach mbeidh mórán idir an foirne ach a gcríochnóidh sé ach tá imní orm go mb’fhéidir go mbeidh Cúige Laighean, agus tuilleadh dá gcuid Leon ag filleadh, róláidir do na Muimhnigh ar feadh ochtó nóiméad.
Fág freagra ar 'Na Muimhnigh ag brath ar spiorad agus traidisiún trodach chun Cúige Laighean a chloí'