Na hullmhúcháin faoi lán seoil i dTuar Mhic Éadaigh do Chomórtas Peile na Gaeltachta

Reáchtálfar Comórtas Peile na Gaeltachta i dTuar Mhic Éadaigh den chéad uair in 2017 agus tá lucht eagraíochta an chomórtais ag moladh do dhaoine ag gcuid lóistín a chur in áirithe go luath

Na hullmhúcháin faoi lán seoil i dTuar Mhic Éadaigh do Chomórtas Peile na Gaeltachta

“Go leor déanta, go leor fós le déanamh.” Sin a deir Micheál Ó Fhlainn, duine de choiste eagrúcháin Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017 i dTuar Mhic Éadaigh,  agus iad ag fáil réidh do theacht an chomórtais i dtús an Mheithimh.

Cé nach bhfuil na foirne a bheidh ag glacadh páirt ann ach díreach imithe ar ais ag traenáil don bhliain nua, tá cuid mhaith den obair chrua déanta cheana féin ag lucht eagraithe an chomórtais.

“Tá a lán de na jabanna móra, an pháirc, an clubtheach, an t-ollphuball agus lóistín do na foirne socraithe againn,” a deir Ó Fhlainn.

Agus 2017 anois sroichte againn, tá an comhaireamh síos tosaithe i gceart i dTuar Mhic Éadaigh agus deir Ó Fhlainn go bhfuil an baile anois ag tnúth go mór le teacht an chomórtais.

Is í seo an chéad uair a bheidh an comórtas náisiúnta ar siúl i dTuar Mhic Éadaigh agus deir Ó Fhlainn gur mór an t-athrú atá tagtha, agus a thiocfaidh fós, ar an áit ó rinneadh an cinneadh in 2013 an comórtas a reáchtáil ann. Tá €600,000 caite chun feabhas a chur ar áiseanna Pháirc Naomh Muire ó shin, mar shampla.

“Tá páirc amháin againn faoi láthair ach tá muid ag tógáil ceann nua chomh maith agus tá súil againn go mbeidh sí réidh don chomórtas. Mura bhfuil, beidh muid in ann páirceanna a úsáid sna paróistí in aice linn ach ba cheart go mbeadh sí réidh in am, tá an féar ag fás uirthi anois!

“Tá clubtheach á thógáil chomh maith againn agus beidh sé sin oscailte don chomórtas. Beidh ceithre sheomra feistis agus halla spóirt breá ann.”

Tá feachtas ar bun ag an gcoiste eagrúcháin faoi láthair le daoine a spreagadh chun a gcuid lóistín a chur in áirithe don deireadh seachtaine.

“Tá seomraí curtha in áirithe againn do na foirne agus na himreoirí uile a bheidh ag glacadh páirt ach beidh ar a lucht tacaíochta a gcuid lóistín féin a chuir in áirithe. Is áit bheag í Tuar Mhic Éadaigh ach tá go leor áiteanna timpeall orainn, An Fhairche, Cathair na Mart, Áth Cinn gur féidir lóistín a fháil iontu,” a deir Ó Fhlainn.

Tá an t-óstán beag sa bhaile lán go béal cheana féin agus cé go bhfuil neart áiteanna timpeall ar Thuar Mhic Éadaigh gur féidir le daoine leapacha a fháil faoi láthair, molann Ó Fhlainn gan fanacht rófhada.

“Tá a lán daoine ag teacht abhaile chuig Tuar Mhic Éadaigh, ón mBreatain agus ó Mheiriceá, don chomórtas agus bíonn a lán turasóirí timpeall na háite sa samhradh chomh maith. Is féidir lóistín a fháil faoi láthair ach b’fhéidir faoi cheann cúpla seachtain go mbeidh díomá ar dhaoine.”

Tá siad ag súil le slua mór deireadh seachtaine na Cincíse agus deir Ó Fhlainn go bhfuil bua eile ag Tuar Mhic Éadaigh toisc gur áit sách lárnach é dóibh siúd a bheidh ag teacht ann an deireadh seachtaine sin.

“Tá muid in aice le Conamara, níl sé ach dhá uair a chloig ó Dhún na nGall, dhá uair go leith ó Bhaile Átha Cliath, beagáinín níos faide ó Chiarraí.”

Chomh maith leis sin, agus iad buailte ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus Glasbhealach Mór an Iarthair, tá neart áiseanna eile thart chun na sluaite a mhealladh i mí an Mheithimh.

Mar a bhíonn gach bliain, beidh go leor ag brath ar an aimsir!

Fág freagra ar 'Na hullmhúcháin faoi lán seoil i dTuar Mhic Éadaigh do Chomórtas Peile na Gaeltachta'

  • Seán Mac Sheáin

    “comhaireamh síos”???

  • Seán Mac Sheáin

    Ina theannta sin, tá sé dochreidte amach is amach go bhfuil an oiread sin airgid á chaitheamh ar chomórtas Gaeltachta in áit nach féidir í ndáiríre Gaeltacht a thabhairt uirthi in aon chor agus a bhfuil níos mó ná leath dá pobal lonnaithe anois i Chicago Mheiriceá. Cur amú airgid atá ann. Ba chóir an t-airgead sin a chur isteach sna ceantair Ghaeltachta a bhfuil dóchas fós ann dóibh.

  • Rúnaí CLG Thuar Mhic Éadaigh

    Seán Mac Sheáin, beidh fáilte mór romhat go dtí Tuar Mhic Éadaigh. Bí linn ag an gComórtas ! D’oibrigh muid go crua ag bailliú airgid sa cheantair seo agus fuair muid cabhair ó na ndeoraí thar lear.