Le Colm Ó Ceallacháin
Leabhar Breac a d’fhoilsigh; €15
Is cinnte gur mhothaigh tú na sraitheanna sin teilifíse de chuid na mór-roinne – ón Fhrainc; ón Danmhairg; ón Ghearmáin; ón tSualainn – sraitheanna ina mbíonn cúrsaí coiriúlachta nó polaitíochta nó croí faoi chaibidil agus na haisteoirí ar fad ag spalpadh Fraincise nó Gearmáinise nó Danmhairgise nó cibé cén teanga lenár tógadh iad.
Is iomaí sin uair – agus mé i muinín na bhfotheideal – gur smaointigh mé gur mar sin a bheadh cás na hÉireann ach an Ghaeilge a bheith i mbéal an phobail mhóir; go mbeadh muid greamaithe den teilifíseán agus lucht teilifíse ár mealladh lena mbriathra binne, seachtain i ndiaidh seachtaine, sraith i ndiaidh sraithe.
Ní minic a d’éirigh le lucht teilifíse na Gaeilge an bob sin a bhualadh orainn mar lucht féachana; ní minic gur éirigh leo saol mór gránna an Bhéarla a ruaigeadh agus muid a mhealladh go tír na teanga, an Ghaeltacht bheo uile-oileánda, Éire bhréige na teanga nár cailleadh, nár briseadh, nár polladh.
Is orainn atá an t-ádh, mar sin, go raibh aos pinn in ann ag an obair; bhí riamh. Tig leatsa casadh siar ar chosán na cuimhne agus do rogha féin a dhéanamh as na húdair a chuir pobal na hÉireann ag caint Gaeilge: Ó Conaire; Ó Flaithearta; Titley agus Mac Cóil gan ach dornán a lua.
Tá glúin eile i mbun pinn fosta. Scríobh Eoghan Mac Giolla Bhríde cnuasach gearrscéalta den scoth anuraidh, Cnámh, agus seo chugainn cnuasach breá eile, Ré na bhFathach le Colm Ó Ceallacháin, an dara cnuasach dá chuidse.
Ag an Dochtúir Róisín Ní Ghairbhí, léachtóir ollscoile, atá cúpla focal molta ar chúl an leabhair: ‘Tá gach scéal anseo go hiontach agus an daonnacht go smior agus go fial sna scéalta. Tá úire agus samhlaíocht agus slacht as an ngnách ag baint leis an insint agus leis na plotaí.’
Sea, sea agus sea faoi thrí.
Tá taomanna uile an chroí dhaonna le fáil anseo agus iad ag cuimilt ar a chéile, seal go garbh agus seal go mín. Seo daoine a shiúlann faoi chrúba an tsaoil; seo daoine atá gonta agus daoine a ghoineann, daoine a bhfuil greim ar éigean acu ar an phláinéad agus é ag tiontú leis beag beann orthu.
Tá an bua annamh sin ag Ó Ceallacháin go gcuireann an scríbhneoir carachtair in aithne duit mar léitheoir ach go gcuireann an léitheoir aithne orthu mar dhaoine. Aithníonn muid an fhuil agus an fheoil atá ceilte sna focail agus sa dúch. Seo chugainn scéal a bhfuil scáil deachtóra air, scéal a bhagraíon tubaiste ar lánúin ach nach léiríonn sé an tubaiste sin duit. Fágtar faoin do shamhlaíocht críoch a n-aistir a shamhlú.
Nó scéal faoi na leannáin a ghéilleann an chuid is rúnda dá gcolainn sula ngéilleann siad rúin a gcroí. Scéal beag ciúin faoi phósadh, chomh ciúin tostmhar sin nach mbacfadh léitheoir mífhoighideach leis ach scéal na coimhlinte atá ann a bhíonn i ngach aon phósadh, an tost cealgach. Nó scéal an athar atá ar snámh sa tsaol, fear a bhfuil lámh níos fearr aige ar stiúir a bháid bhig ná mar atá aige ar chúrsaí ar talamh. Is cruálaí i bhfad na bóithre atá le taisteal ar tír mór aige ná tonnta na farraige atá le ceansú ó lá go lá aige.
Agus iad uilig scríofa ar bhealach dochreidte maith: comhrá idir daoine a bhraitheann tú a bheith fíor agus réalaíoch agus cur síos ar thíortha a cheapann cith agus gealán in eangach focal. Beidh tú den tuairim gur seafóideach an cur síos é “dochreidte” sa chomhthéacs seo. Ba cheart don léirmheastóir iarracht ní b’fhearr a dhéanamh le teacht ar aidiacht ní ba ghéarchúisí le cur síos a dhéanamh ar an leabhar. Ach dochreidte atá an cnuasach; tá sé dochreidte gur éirigh leis an údar an saol a chur bunoscionn agus droim ar ais agus an saol mór iontach comhaimseartha Eorpach a chuir romhainn i nGaeilge.
Sraith scéalta atá le moladh go hard na spéire agus í curtha ar fáil go slachtmhar ag Leabhar Breac mar is dual. Ní bheidh an t-éad céanna orm feasta leis na sraitheanna teilifíse.
Fág freagra ar 'Ní haon seafóid a rá go bhfuil an cnuasach gearrscéalta Gaeilge seo dochreidte'