Na hainmniúcháin fógartha do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018

Naoi ngradam a bhronnfar le linn an tsearmanais bhronnta a bheidh ar siúl ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne i mbliana, gradam nua don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta ina measc

Na hainmniúcháin fógartha do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais tráthnóna. Naoi ngradam a bhronnfar le linn an tsearmanais bhronnta a bheidh ar siúl ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne i mbliana.

Bronnfar gradam nua i mbliana, an gradam don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta, agus ní bheidh aon ghradam á bhronnadh i mbliana don suíomh idirlín is fearr ná níl aon ghradam á bhronnadh i mbliana ach oiread atá dírithe go sonrach ar iriseoireacht scríofa na Gaeilge.

Dúirt Máirín Nic Dhonnacha, Oifigeach Polasaí agus Straitéise, Oireachtas na Gaeilge le Tuairisc.ie gur toisc “éagsúlacht rómhór” a bheith ag baint le suíomhanna idirlín Gaeilge a bheartaigh lucht an Oireachtais an rannóg sin a bhaint de chlár na ngradam i mbliana.

Dúirt Nic Dhonnacha go mbíonn uasdátú á dhéanamh “go leanúnach” ar rannóga na ngradam ionas go dtabharfaí “aitheantas do na forbairtí éagsúla agus na modhanna nua a bhíonn in úsáid go laethúil in earnáil na cumarsáide Gaeilge”. 

Tá ceithre fheachtas sóisialta “a bhaineann úsáid as réimse meán éagsúil” ainmnithe do ghradam an fheachtais is fearr ar na meáin shóisialta: #Nílsécgl, feachtas de chuid Chiara Ní É, #Gaeilgechliste feachtas a bhunaigh Bláthnaid Libh (Raidió na Gaeltachta), #anláseo le Molscéal agus #MurdairMhámTrasna le TG4.

Sé chlár ar fad atá ainmnithe don ghradam  ‘Sraith Teilifíse na Bliana’ i mbliana: clár cainte an BBC An Focal Scoir, an tsraith GAA Nua ar RTÉ agus trí léiriú de chuid TG4, Camino an tSáile, an tsraith faisnéise faoi chriú naomhóige ó Chorca Dhuibhne go Santiago de Compostela, an tsraith turasóireachta Beidh Mé Ar Ais, an dráma Grace Harte agus Cúl Stáitse, clár a taifeadadh le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne anuraidh.

Ceithre chlár a bhaineann le scéalta as Conamara atá ainmnithe sa rannóg ‘Scannán/Dráma na Bliana’: Murdair Mhám Trasna, an scannán faisnéise drámaíochta, an clár faisnéise faoin dornálaí Seán Ó Mainnín, Rocky Ros Muc, an clár faoi phobal Iorras Aithneach, Anseo i Lár an Ghleanna, agus an fadscannán faisnéise faoi shaol agus faoi shaothar an amhránaí sean-nóis, Joe Éinniú, Song of Granite.

Sa rannóg ‘Iriseoir na Bliana’ tá triúr ó Raidió na Gaeltachta ainmnithe, Cóilín Ó Neachtain, láithreoir Adhmhaidin Gormfhlaith Ní Thuairisg agus láithreoir Cormac ag a Cúig, Cormac Ó hEadhra. Beidh triúr an raidió á fhéachaint le Seán Mac an tSíthigh ó Nuacht TG4/RTÉ.

Sa rannóg ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’ beidh an t-aisteoir de chuid Ros na Rún, Anna Maria Nic Dhonnchadha san iomaíocht le beirt láithreoirí de chuid TG4, Caitlín Nic Aoidh agus Micheál Ó Ciaraidh, an tráchtaire Brian Tyers agus Máire Bhreathnach, a chuireann An Focal Scoir i láthair ar BBC 2.     

Ar ghearrliosta ‘Pearsa Raidió na Bliana’ tá ceathrar craoltóirí de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta Helen Ní Shé, Rónán Mac Aodha Bhuí, Bláthnaid Ní Chofaigh agus Máirín Ní Ghadhra. Tá áit bainte amach ar an ngearrliosta chomh maith ag an gcraoltóir óg Niamh Ní Shúilleabháin le An Bricfeasta Blasta, clár maidine ar Raidió na Life.

Is painéal moltóirí a roghnóidh na buaiteoirí i ngach ceann de na rannóga seachas ‘Réalta Óg na Bliana’, mar a mbeidh vóta poiblí ann. Bronnfar chomh maith ag an ócáid ‘Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais’, gradam a bhronntar ar dhuine nó eagraíocht a roghnaíonn an tOireachtas féin aitheantas speisialta a thabhairt dóibh.

Eiseofar sonraí maidir leis na hainmniúcháin do ‘Réalta Óg na Bliana’ go luath.

Sláine Ní Chathaláin, craoltóir le Raidió na Gaeltachta a thug léi an duais sin anuraidh agus Stiofán Ó Fearail, ón mbanna ceoil Seo Linn a thug leis é in 2016.

Seo thíos liosta iomlán na n-ainmniúchán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018.

 

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
An Focal Scoir Below The Radar
Beidh Mé Ar Ais Adare Productions
Cúl Stáitse Aniar TV
Camino an tSáile Anú Pictures
GAA Nua Meangadh Fíbín
Grace Harte Wildfire Films
CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA
Murdair Mhám Trasna ROSG
Rocky Ros Muc Below The Radar
Anseo i Lár an Ghleanna Mordán
Song of Granite Marcie Films, Amerique Film Production le Harvest Films, South Wind Blows, Roads Entertainment
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Anna Maria Nic Dhonnchadha Bobbi Lee: Ros na Rún
Caitlín Nic Aoidh Láithreoir: TG4
Brian Tyers GAA BEO: TG4
Máire Bhreathnach An Focal Scoir: BBC Thuaisceart Éireann
Micheál Ó Ciaraidh Láithreoir: TG4
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Adhmhaidin RTÉ Raidió na Gaeltachta
Seo an saol BBC Raidió Uladh
An Spota Dubh Raidió na Life
Bláthnaid Libh RTÉ Raidió na Gaeltachta
Blas BBC Raidió Uladh
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Helen Ní Shé RTÉ Raidió na Gaeltachta
Rónán Mac Aodha Bhuí RTÉ Raidió na Gaeltachta
Niamh Ní Shúilleabháin Raidió na Life
Máirín Ní Ghadhra RTÉ Raidió na Gaeltachta
Bláthnaid Ní Chofaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta
IRISEOIR NA BLIANA
Seán Mac an tSíthigh RTÉ agus TG4
Cormac Ó hEadhra RTÉ Raidió na Gaeltachta
Gormfhlaith Ní Thuairisg RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cóilín Ó Neachtain RTÉ Raidió na Gaeltachta
FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA
#Nílsécgl Ciara Ní É
#Gaeilgechliste Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
#anláseo Molscéal, TG4
#MurdairMhámTrasna ROSG

Fág freagra ar 'Na hainmniúcháin fógartha do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018'