Na focail is mó cuardach ar foclóir.ie in 2017 – an ‘grá’ fós á chuardach ag daoine ach ‘aip’ uathu freisin

Thug os cionn 1.5 milliún duine cuairt ar foclóir.ie le linn na bliana 2017 — méadú 37% ón mbliain seo caite

Na focail is mó cuardach ar foclóir.ie in 2017 – an ‘grá’ fós á chuardach ag daoine ach ‘aip’ uathu freisin

Tá an ‘grá’ fós á chuardach ag foghlaimeoirí Gaeilge agus tá an focal ‘love’ fós i measc na bhfocal is mó cuardach ar an suíomh foclóir.ie in 2017.

Tá liosta de na focail is mó cuardach in 2017 curtha ar fáil ag foireann an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge do Tuairisc.ie agus is beag athrú atá tagtha ar liosta na bhfocal is mó a bhíonn á gcuardach ar foclóir.ie. Tá leithéidí ‘for’ (do), ‘go’ (téigh), ‘to’ (chun/le/a) ar bharr an liosta arís i mbliana. Tá ‘love’ ann arís i mbliana freisin. Tá an focal ‘app’ (aip) ann den chéad uair i mbliana agus é sa dara háit.

I measc na bhfocal eile atá ar an liosta den 100 focal is mó cuardach tá ‘love’ (grá), ‘hello’ (heileo), ‘play’ (bheith ag spraoi), chomh maith le ‘get’ (faigh) agus ‘help’ (cuidiú).

Thug os cionn 1.5 milliún duine cuairt ar an suíomh le linn na bliana 2017 — méadú 37% ón mbliain seo caite agus an líon is mó cuairteoirí ó cuireadh an suíomh ar bun tuairim is ceithre bliana ó shin.

Thug an 1.5 milliún duine sin os cionn 3.6 milliún cuairt ar an suíomh i gcaitheamh na bliana agus bhreathnaigh siad ar 17,940,000 leathanach. Sin méadú 44% ar líon na gcuairteanna agus méadú 49% ar líon na leathanach ón mbliain seo caite.

Ba in Éirinn a bhí 75% de na cuairteoirí sin lonnaithe, méadú fíorbheag ar an 74% anuraidh. Ba i Meiriceá a bhí 12%, le hais an 13% a bhí ann anuraidh, agus sa Bhreatain a bhí 5%, an céatadán céanna le 2016. Bhí an 7% eile de na cuairteoirí lonnaithe i dtíortha éagsúla eile ar fud na cruinne.

Caitheann úsáideoirí an tsuímh beagnach cúig nóiméad, ar an meán, ar an suíomh. Caitear níos mó ama ar an suíomh Teanglann.ie cé gur lú daoine trí chéile a thugann cuairt ar an suíomh sin, ar a bhfuil leaganacha digitithe d’Fhoclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe.

Is mó úsáideoirí ar foclóir.ie a bhíonn lonnaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá ná sa Bhreatain, de réir na staitisticí atá curtha ar fáil ag lucht an fhoclóra do Tuairisc.ie le tamall de bhlianta anuas.

Ba í 2017 an chéad bhliain inar sháraigh líon na n-úsáideoirí ar fhóin phóca líon na n-úsáideoirí ar ríomhairí deisce. Tháinig 41% de na cuairteanna ó ríomhairí deisce i mbliana i gcomparáid le 48% ar fhóin phóca. Ó tháibléid a tháinig 11% de na cuairteanna.

Sheol Foras na Gaeilge focloir.ie ar an 1 Eanáir 2013 agus cuireadh an t-ábhar ar fáil saor in aisce agus in oiriúint do ríomhairí deisce agus do ghléasanna soghluaiste. 

Seoladh leagan aipe den suíomh ag Oireachtas na Samhna 2015 agus táthar ag súil go mbeidh leagan clóite den fhoclóir ar fáil amach anseo.

Thug beagnach 1.2 milliún duine cuairt ar an suíomh teanglann.ie i mbliana, méadú 52% ar líon na ndaoine a thug cuairt air anuraidh. Tugadh cuairt ar 22,545,000 leathanach le linn 3,391,250 cuairt agus chaith na húsáideoirí seacht nóiméad go leith, ar an meán, ar an suíomh le linn na gcuairteanna sin.

Seo thíos an 20 focal is mó cuardach ar Foclóir.ie in 2017:

Béarla

Gaeilge

Líon na gCuardach

For

Do

20,327

App

Aip

14,778

Love

Grá

14,552

Go

Téigh

13,893

Hello

Heileo

12,528

To

Chun/le/a

10,525

Play

Bheith ag spraoi

10,017

Warrior

Laoch

9,866

Get

Faigh

9,835

Help

Cuidiú

9,665

Brother

Deartháir

9,396

Irish

Gaeilge

9,270

Be

8,842

Like

Taitin le

8,685

Family

Teaghlach

8,586

Show

Seó

8,307

About

Faoi

8,266

From

Ó

8,221

Have

A bheith ag

8,208

Do

Déan

8,202

Fág freagra ar 'Na focail is mó cuardach ar foclóir.ie in 2017 – an ‘grá’ fós á chuardach ag daoine ach ‘aip’ uathu freisin'

  • Tomas

    Bíonn Béarlóirí ag súil go minic le focal iomlán éagsúil ar leithéidí ‘app’ sa Ghaeilge agus macasamhail ‘aip’ ina chúis m(h)agaidh ag a lán. Daoine iad sin nach dtuigeann dada beo faoi chúrsaí teanga toisc gan ach Béarla a bheith acu. Anseo san Indinéis mar shampla is treascríobh scun scan ón mBéarla an-chuid focal amhail ‘lif’ (ardaitheoir), ‘sentral’ (lár), ‘chek’ (seiceáil), ‘tiket’ etc agus ní heol dom teanga ar bith nach bhfuil an focal ‘taxi’ inti faoina chló féin. Agus is í Bahasa Malayu/Indonesia an cúigiú teanga is forleithne ar domhan. Thógadh daltaí ollscoile orm é an focal ‘zúmáil’ a úsáid. An tuairim a bhí acu ‘nár theanga cheart í an Ghaeilge’ ….(nó aon teanga eile a tharraingeodh focal mar sin chuici féin!) B’é an Béarla bas ar fad acu, dar ndóigh. Agus cosnaíonn cúngaigeantacht den sórt sin an-daor orthu ó thaobh fostaíochta de, sna comhlachtaí corpráideacha is eile. Féach gur allúraigh ar fad nach mór atá ag plé le cúrsaí teanga in Apple, Google etc. Is slat é an meon Angla-Mheiriceánach sin ag an aos óg a úsáideann siad chun iad féin a bhualadh agus a chur ó dhoras.