Na díospóireachtaí nach bhféadfaí a ligean i ndearmad

Léiríonn Best of Enemies scannán nua faoin naimhdeas idir Gore Vidal agus William Buckley go gcaithfear teas polaitiúil a ghineadh uaireanta toisc gur ón dteas a thagann an solas

best-of-enemies

Agus é ag déanamh cur síos ar a shaol cúpla bliain sarar bhásaigh sé róluath, mhaígh Christopher Hitchens go raibh difríocht mhór idir é féin agus formhór scríbhneoirí Meiriceánacha.

“For a lot of people, their first love is what they’ll always remember. For me it’s always been the first hate, and I think that hatred, though it provides often rather junky energy, is a terrific way of getting you out of bed in the morning and keeping you going.”

Ba chóir mar gur baineadh úsáid as Hitchens féin sa scannán nua seo a dhéanann scagadh ar na díospóireachtaí clúiteacha teilifíse idir William F. Buckley, Jr, agus Gore Vidal ar ABC le linn chomhdháil náisiúnta an GOP i 1968.

D’fhoghlaim Hitchens an-chuid mar gheall ar an naimhdeas polaitiúil ó Bhuckley agus Vidal. Thug Buckley seans do Hitchens labhairt ar a chlár tábhachtach Firing Line, agus ba mhór an chabhair é nuair a bhíodh leabhar nua á bhrú ag Hitchens. (Nuair a rinne Hitchens ionsaí ar Mother Theresa sna nóchaidí, thráigh ar thobar carthanachta Bhuckley, áfach).

Agus mhúin Vidal ceacht uilíoch do Hitchens: tá an dá saghas cuireadh ann nár cheart diúltiú dóibh riamh –  an cuireadh chun leapa agus an cuireadh chuig stiúideo teilifíse. Ina chuid tráchtaireachta sa scannán, cuireann Hitchens béim ar a dháiríre is a bhí an naimhdeas idir Buckley agus Vidal. Ní cur i gcéill ná pleidhchíocht teilifíse an bhruíon seo: “each thought the other was quite dangerous. There is nothing feigned. They really do despise each other.”

Agus más ea, bheartaigh an bheirt acu iarracht a dhéanamh an duine eile a scrios beo ar an dteilifís. Chrom Vidal ar thaighde pearsanta a dhéanamh sna míonna roimh na díospóireachtaí, agus bhain sé leas sé giotaí as altanna Buckley sa National Review chun a chur in iúl don lucht féachana gur chreid a chéile comhraic, mar shampla, gur chóir búama núicléach a úsáid i Vietnam. Chuir Buckley pornagrafaíocht anróiteach i leith Vidal, agus leag sé béim ar leith ar an leabhar conspóideach Myra Breckinridge.

910523ca-8ffa-426f-9307-959841e434af-620x372

Fé dheireadh, dheineadar beirt ionsaithe fíochmhara ar a chéile. “Crypto-Nazi” ab ea Buckley, dar le Vidal, toisc gur thug sé tacaíocht do phóilíní brúidiúla Chicago agus don Ghinearál Westmoreland i Vietnam. Ba “queer” é Vidal, dar le Buckley, agus tháinig bagairt in éineacht leis an masla sin. “Stop calling me a crypto-Nazi or I’ll sock you in the goddamned face, and you’ll stay plastered.”

Níor chomhrá Sócraitéach é seo, ach shoilsigh sé na coimhlintí cultúrtha i Meiriceá i 1968 go glinn glé. In eireaball an scéil a bhronntar orainn seoid de bhlúire eolais nach raibh aon choinne againn leis.

Chuaigh sé an-dhian ar Vidal agus Buckley dearmad a dhéanamh ar na díospóireachtaí seo. Bhí náire an domhain ar Bhuckley toisc gur cuireadh ar a súile go soiléir do na milliúin gur chreid sé go raibh ní ba mheasa ná an Naitsíochas ann – is é sin, caidreamh collaí idir bheirt fhear.

Ina sheanfhear dó san Iodáil, casadh Gore seantéip den díospóireacht gach aon oíche, b’fhéidir chun go dtabharfadh a chuairteoirí a meas ar thaispeántas, nó b’fhéidir chun troid mhór a shaoil a athghabháil. Níor tháinig aon athrú ar pholaitíocht Mheiriceá de thoradh na ndíospóireachtaí seo, ná ní cóir comparáid a dhéanamh idir Miami 1968 agus eachtraí an Dealey Plaza, nó Selma.

Ach thug siad le fios nach bhfuil a leithéid de rud ann is via media sa pholaitíocht nuair atá bunphrionsabail á bplé. Ar uairibh, caithfear teas polaitiúil a ghineadh toisc gur ón dteas a thagann an solas.

Fág freagra ar 'Na díospóireachtaí nach bhféadfaí a ligean i ndearmad'