An tráth seo bliana agus muid ar fad i gcruth pléascadh le dea-mhianta agus soilíos is ea a bhíonn teacht againn ar thuarascálacha ó eagraíochtaí go leor, áisíneachtaí fóirithinte is forbartha san áireamh.
Meabhrú í Nollaig na mBan faoina raibh sa tuarascáil is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe faoi cheann de na 17 sprioc forbartha inmharthana ar ghlac na ballstáit leo in 2015 agus a ceapadh a bhaint amach faoi 2030.
Comhionannas inscne agus mná agus cailíní a chumasú an cúigiú ceann de na spriocanna uaillmhianacha sin ach faraor sa tuairisc is déanaí dá gcuid is amhlaidh gur donú seachas feabhsú atá á fheiceáil – a bhuíochas cuid mhaith don athrú aeráide, srianta an Chovid, cúlú eacnamaíochta, cogaíocht agus an teitheadh agus an dídhaonnú a leanann í.
Is bocht an scéal é go ndeir na NA anois gur 286 bliain eile (ag an ráta a bhfuil reachtaíocht á leasú ar fud na cruinne) seachas na seacht mbliana as seo go 2030, a theastódh leis an gcomhionannas a chur i bhfeidhm. Tuigimid go maith freisin nach ionann dlí go minic agus an ceart sin a riar.
Céard go díreach atá le hathrú? Ar ndóigh tá an inscne fite fuaite le gach gné den saol – an eacnamaíocht, an saol sóisialta is baile, an pholaitíocht agus an comhshaol – a chomhartha sin go luaitear gné na hinscne i 10 gcinn de na 17 sprioc forbartha.
Tá tíortha ar leith ann nach áit mhaith don bhean iad. Rangaigh an eagraíocht Concern na deich dtír is measa ó thaobh cearta a cheilt ar mhná agus bhí an Afganastáin sa gcéad áit, an tSiria sa dara háit agus seacht dtír i mbolg na hAfraice ina ndiaidh sin.
Nach deacair cuimhneamh go maraíonn duine dá teaghlach féin cailín gach 11 nóiméad. Bhí beagnach duine as cúigear [19.5%] cailíní pósta sula rabhadar 18. Dúirt duine as gach deichniúr ban a bhí os cionn 15 bliain go ndearna páirtí ionsaí fisiciúil nó gnéasach orthu.
Tá mná go leor fós [43%] nach bhfuil teacht acu ar chúram sláinte riachtanach. Tá ciorrú á dhéanamh fós ar bhaill ghiniúna cailíní óga agus is amhlaidh atá an t-ocras agus an ganntan ag cur borradh faoin ngnás cailíní beaga a chur á bpósadh cheal deis a mbeathaithe.
Ní call a rá nach chun a leasa ceachtar gnás agus gur díchumasú, fulaingt agus bás anabaí a dtoradh go minic.
Ceann de na gnéithe de shaol na dtíortha i mbéal forbartha is suntasaí ná an lear oibre a dhéanann mná ach cé gur mná iad leath na bhfeirmeoirí, de réir na tuairisce seo ó na Náisiúin Aontaithe níl an ceart sealúis céanna ag mná is fir ach i gceithre thír as 52 tír a scrúdaíodh.
San Afganastáin faoi láthair bean atá i mbun teaghlach amháin as gach ceithre cinn de réir a bhfigiúirí féin. Cuid de na mná sin bhíodar ag obair do na heagraíochtaí daonnachtúla ar ordaigh an Taliban dóibh gan aon bhean de chuid na tíre a fhostú nó go gcaillfidís a gceadúnas. An toradh? Chomh maith lena slí bheatha tá mná go leor d’uireasa na seirbhísí sláinteachais, fothana, cothaithe agus cosanta a bhí á soláthar ag na heagraíochtaí sin a shocraigh nach bhféadfaidís glacadh leis an reacht sin.
Nach trua an bhaintreach nó an bhean aonraic a bhfuil a comhluadar ag brath go hiomlán uirthi agus gan cead taobh amuigh den doras aici gan tionlacan fir?
Is mairg don bhean bhocht a bheadh ag brath ar an Taliban agus í ag cur i leith a fir go raibh sé á hionsaí ná ag tromaíocht uirthi. Ní chloisim aon tuairisc go dtugtar lascadh poiblí d’fhir faoi choireanna morálta. Cuimhnigh ar na cailíní bochta sna scoileanna a bhfuil cead ag fir armtha dul isteach sa rang agus cur faoi ndeara d’fhoireann na scoile scrúdú colainne a dhéanamh ar chailíní óga ar fhaitíos go mbeidís fós ar scoil agus iad tagtha chun caithreachais.
Ar ndóigh tuigeann an Taliban agus a leithéidí go maith go dtagann muinín agus cumasú as an oideachas agus as slí bheatha is ioncam de do chuid féin. Tuigimid féin sin agus mall go maith a d’éalaigh mná ár dtíre as croimeasc na díthscolaíochta agus an neamh-ioncaim.
Tá an eagraíocht Mná na Náisiún Aontaithe a bhfuil cumasú ban agus cothú comhionannas mar sprioc aici fós ag obair san Afganastáin agus feiceann siadsan an toradh atá ar imeacht na n-eagraíochtaí fóirithinte. A mbreithiúnas sin gur chóir do cheannairí Moslamacha i dtíortha eile brú a chur ar chinnirí na hAfganastáine mar gur mó seans go bhfaigheadh siadsan éisteacht.
Dea-scéal amháin chugainn – sin go bhfuil ag éirí thar cionn le clár a reáchtáiltear i scoileanna Sierra Leone do na scoláirí ar fad, buachaillí agus cailíní, le cuidiú leo an daille inscne a aithint, an éigeart a sheachaint le go mbeidh mná in ann a gcuid a dhéanamh go sábháilte sa tír.
Dea-smaoineamh i ngach tír?
B’aisteach liom ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Chinn an Dá Lá Dhéag nó Nollaig na mBan mar fhéirín do mhná agus lá amháin saor as 365 a ‘bhronnadh’ ón mbráca tís is teaghlaigh ach tar éis na tuarascála seo, is fiú ceiliúradh.
Tá an t-ádh dearg ar gach bean a bhfuil cead aici bualadh amach an doras nó fanacht sa gcathaoir mhór inniu agus a bhfuil an mhuinín agus an acmhainn aici sin a dhéanamh dá stuaim féin. Bainimis sásamh as an lá ach mo ghraidhin go deo na deirfiúracha atá fós ar an anchaoi.
Fág freagra ar 'Ná déanaimis dearmad Lá Nollaig na mBan ar na cearta nach bhfuil bainte amach againn go fóill'