Súil ar chúrsaí spóirt na Gaeltachta

Breathnaíonn Tuairisc.ie ar na cúig scéal is mó a bhaineann le foirne Gaeltachta ón deireadh seachtaine seo caite.

Mark McHugh ó Chill Chartha ar theip orthu cáíliú don chéad bhabhta eile i gCraobh Peile Dhún na nGall
Mark McHugh ó Chill Chartha ar theip orthu cáíliú don chéad bhabhta eile i gCraobh Peile Dhún na nGall

Peil Dhún na nGall

Tá seampíní Chomórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo, Cill Chartha, curtha amach as Craobh Peile Dhún na nGall. Bhuaigh siad an cluiche deireanach a bhí acu sa ghrúpa in aghaidh Réalt na Mara ach ní dhearna siad a ndóthain chun cáiliú don chéad bhabhta eile.

Cuireadh Gaoth Dobhair amach as an gCraobh chomh maith tar éis dóibh cailleadh in aghaidh an Tearmainn, 0-14 in aghaidh 1-9. D’éirigh le Naomh Conaill, Naomh Adhamhnáin, Na Ceithre Mháistir, Ard an Rátha, An Clochán Liath, An Tearmann, Gleann tSúilí agus Naomh Michéal áit a bhaint amach sna cluichí ceathrú ceannais a imreofar an deireadh seachtaine seo chugainn.

Peil na Gailimhe

Nuair a bhuail Bearna agus Naomh Micheál ar a chéile i gCluiche Leathcheannais Peile na Gaillimhe inné, bhí an dá fhoireann ag iarraidh áit a bhaint amach sa chluiche ceannais den chéad uair. Is ag fir na cathrach a bhí an bua, le dhá phointe, 0-9 in aghaidh 0-7, agus imreoidh siad in aghaidh Chora Finne an Domhnach seo chugainn.

D’aimsigh imreoir na Gaillimhe, Eddie Hoare ceithre chúilín do Naomh Micheál agus bhí cúig phointe idir na foirne leath bealaigh tríd an dara leath. Laghdaigh fir Chonamara an bhearna idir na foirne sa deich nóiméad dheireanacha ach ní bhfuair siad an cúl a bhí ag teastáil uathu.

Peil Chiarraí

Bhain an Ghaeltacht áit amach i gCluiche Ceannais Peile Faoi-21 i gCraobh Chiarraí den chéad uair tar éis buachan ar An Teampall Nua, 3-14 in aghaidh 1-9, ar an Satharn.

Cé nach raibh siad ach pointe amháin chun tosaigh ag leath ama, 1-5 in aghaidh 0-7, chuir said a ngob chun tosaigh le dhá chúl eile sa dara leath. Leag Roibeárd Ó Sé an bhunchloch don bhua le sár-thaispeántas i lár na páirce, ach fuair sé an-chúnamh ó Caoimhghin Ó Beaglaíoch agus ó Éanna Ó Conchúir, agus óna thuilleadh nach iad. Is tuar dóchais é an bua seo don Ghaeltacht tar éis dóibh cúpla bliain chorraitheacha a chur díobh. Tabharfaidh siad aghaidh ar Na Crócaigh sa chluiche ceannais.

Peil Phort Láirge

Níor éirigh leis An Rinn a gcéad Chluiche Ceannais Peile riamh i bPort Láirge a bhaint amachnuair a chaill siad le pointe amháin in aghaidh na hUidhre sa chluiche leathcheannais, 0-10 in aghaidh 0-9. Bhí An Uidhir cúig phointe chun cinn agus gan ach 20 nóiméad fágtha. D’oribrigh An Rinn go crua chun teacht aniar a dhéanamh sa choimhlint ach theip sa deireadh orthu an pointe cinniúnach a fháil.

Cé go raibh ar Liam Ó Lonáin an pháirc a fhágáil de bharr gortú, d’éirigh le Donie agus Bilí Breathnach na scóranna a aimsiú. Faraor, fuair Donie cárta dubh roimh dheireadh an chluiche agus ní raibh An Rinn in ann an buille comhscóir a fháil dá uireasa.

Iománaíocht na Gaillimhe

Ní minic go bhfeictear dhá fhoireann Gaeltachta i gcluiche ceannais iomána na Gaillimhe ach tá an deis sin fós againn i gcomórtas Sóisear A sa chontae. Bhí an bua ag An Spidéal in aghaidh An Turlaigh Mhóir, 1-14 in aghaidh 0-13, sa chluiche leathcheannais an Satharn seo chaite. D’aimsigh Cillín Ó hEochaidh agus Fiontán Ó Cuanaigh na scóranna tábhachtacha ar an lá. Beidh athimirt sa chluiche leathcheannais eile idir Cumann Micheál Breathnach agus Eanach Dhúin toisc gur chríochnaigh siad ar comhscór, 2-12 in aghaidh 3-9. Cé go raibh na Breathnaigh chun tosaigh le píosa fada, is ag brath ar phointe déanach ó Mhaidhc Ó Conghaile a bhí said lena chinntiú go mbeadh athimirt ann.