1. Joe Connolly, An Ghaillimh, 1980
“A Mhuintir na Gaillimhe, tar éis seacht mbliana agus caoga, tá craobh na hÉireann ar ais i nGaillimh…”
An óráid Ghaeilge is cáiliúla dár tugadh riamh i bPáirc an Chrócaigh. Cé gur i mBéarla a bhí an abairt is mó a bhfuil cuimhne ag daoine uirthi – ‘People of Galway we love you…’ – ba dheacair an ceann seo a sharú.
Bhí gach rud anseo. An tagairt chliste sin do chuairt an Phápa an bhliain roimhe. An leagan spreagúil de ‘The West Awake’ ó Sheosamh Mac Donncha, a chuir clábhsúr ar óráid Joe. Agus sin gan trácht ar Cyril Farrell óg agus é ag feidhmiú mar ‘bodyguard’ ag an amhránaí.
2. Páidí Ó Sé, Ciarraí, 1985
“A mhuintir Chiarraí agus a chairde go léir, tá áthas ó chroí orm gur ormsa atá an phribhléid seo i mbliana Sam a thabhairt thar n-ais go dtí an Ríocht agus thar n-ais go dtí an Ghaeltacht…’
Fathach fir a cailleadh ró-óg agus d’fhágfadh óráid seo ó dhuine de Ríthe na Ríochta tocht i do scórnach. Ach seans gur ag deireadh na hóráide a bhí an ráiteas ba dhána ó Pháidí. Cé eile ach fear Ard a’ Bhóthair a mbeadh an misneach aige a fhógairt go mbeadh a chara Tommy Doyle ag glacadh le Corn Sam Mhic Uidhir an bhliain dar gcionn? Chun go dtiocfadh an tuar faoin tairngreacht, chaithfeadh Ciarraí Thiar craobh an chontae a bhuachan agus chaithfeadh Ciarraí craobh na hÉireann a bhuachan arís. Agus tháinig; ba é Tommy Doyle a d’ardaigh ‘Sam’ i 1986.
3. Dara Ó Cinnéide, Ciarraí, 2004
“Ardaíonn sé mo chroí go hard na bhFlaitheas an corn seo, buanchorn Sam Mhig Uidhir a dh’ardach thar cheann imreoirí, lucht bainistíochta, lucht urraíochta agus lucht tacaíochta na Ríochta…’
Chuir Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Seán Kelly an Cinnéideach i láthair mar dhuine de na “cainteoirí dúchais is fearr sa tír” agus ba dheacair easaontú leis an méid sin. An óráid Ghaeilge is cruinne agus is saibhre dár tugadh riamh i bPáirc an Chrócaigh. Bhí mothúchán le brath ar an tagairt chliathánach a rinne fear na Gaeltachta do chailliúint a chumainn féin i gCraobh Ceannais na gClub níos luaithe sa bhliain sin:
“Ní raibh faic i ndán dúinn le cúpla bliain anuas, fiú amháin leis an nGaeltacht Lá ‘le Pádraig, ach briseadh croí, gol agus gioscán fiacal. Tá deireadh go deo leis sin anois, is dóigh liom.”
Is é an trua, áfach, nár chuir an ‘Ardaíonn sé mo chroí…’ fileata sin deireadh go deo leis an abairt chaite ‘Tá an-áthas orm an corn seo a ghlacadh.’
4. Seán Óg Ó hAilpín, Corcaigh, 2006
“Is fada an turas é ó Fiji go Corcaigh agus ó Chorcaigh go Páirc an Chróchaigh…”
Cur síos iontach in aon líne amháin ag Seán Óg Ó hAilpín ar a chúlra ilchultúrtha agus ar a aistear ríshuimiúil ón Aigéin Chiúin Theas go dtí céimeanna cáiliúla Ardán Uí Ógáin.
‘Rebels’ an t-aon fhocal i mBéarla a bhí ag an nGael seo, agus mhaithfeá an méid sin don Chorcaíoch caithréimeach.
5. Lester Ryan, Cill Chainnigh, 2014
Óráid shlachtmhar lán-Ghaeilge nach raibh coinne ag aon duine leis. Foghraíocht bhreá agus fiú cúpla seanfhocal deas, is deacair Lester a chreidiúint nuair a mhaíonn sé nach bhfuil mórán Gaeilge aige ar chor ar bith. Is léir ó fhíseán eile youtube a bhí á roinnt ar líne an tseachtain seo caite go raibh an Rianach ag cuimhneamh ar a óráid le fada an lá. Deich mbliana d’aois a bhí sé nuair a thosaigh sé á chleachtadh!