Na Connachtaigh ag iarraidh fanacht chun tosaigh i gcath na gCúigí

Tá sárchluichí romhainn sa Pro 12 inniu agus amárach agus na Cúigí ag tabhairt faoina chéile

Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton
Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Fiú agus cúpla cluiche fós le n-imirt ag na cúigí i gCorn na gCuradh, tá sé chomh maith a rá go bhfuil rás Chúige Laighean agus Chúige Mumhan rite. Chinntigh bua iontach na nUltach agus iad as baile i dToulouse go bhfuil deis fós acu siúd a bheith i measc na bhfoirne a bheas ag imirt sna cluichí leathcheannais. Fágann sin go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an bPro 12 arís. Is é an t-aon seans anois atá ag Cúige Laighean agus ag Cúige Mumhan ar aon chorn an séasúr seo.

Nach mór a thit laochra rugbaí an limistéir seo.

Cuireann sé seo ar fad leis an teannas a bheas i measc na gceithre chúige agus iad ag tabhairt faoina chéile i ‘nDerbys na Nollag’ an deireadh seachtaine seo. Siar go Gaillimh a bheas triail na nUltach inniu le tabhairt faoi na Connachtaigh, foireann atá sa dara háit sa bPro 12 faoi láthair. Is fada an lá ó bhí an stádas atá anois acu ag fir an Iarthair, má bhí sé ariamh acu. Níos tábhachtaí fós i gcomhthéacs an chluiche áirithe seo, is iad Cúige Chonnacht atá in uachtar na gcúigí ar fad. Tá seacht mbua as naoi gcluiche acu sa bPro 12 go dtí seo. Tá na hUltaigh sa cúigiú háit ar an tábla le cúig bhua as naoi gcluiche.   

Sin atá staitisticí an chomórtais seo ach, mar sin féin, ní féidir torthaí na deireadh seachtaine seo caite a chur as an áireamh.

Seans dá bhrí sin gur leis na cuairteoirí a bheas an buntáiste, fiú agus iad ag imirt as baile. Is cinnte freisin go mbeidh na buanna iontacha a bhí acu ar Toulouse, faoi dhó in imeacht coicíse mar spreagadh iontach do na hUltaigh. Ag an am céanna, is cinnte go mbeidh tionchar ollmhór ag an lascadh a fuair siad ó Newcastle ar Chúige Chonnacht.

Tá ochtú nóiméad an-chrua roimh fhir Phat Lam más leo cur leis na gaiscí ar fad atá déanta ar na mBóthar Beag acu le tamall anuas.

Amárach, an 27 Nollaig, tabharfaidh na Muimhnigh, foireann atá sa tríú háit, faoi na Laighnigh, dream atá sa ceathrú háit ar an tábla. Beidh na Muimhnigh ag iarraidh an crá croí a bhain leis an gcluiche deiridh a d’imir siad i Stáid Thuamhumhan a ruaigeadh as a gcuimhne. Ar an lá sin coicís ó shin fuair imreoirí na Mumhan léasadh uafásach ó Leicester Shasana. Má bhí an fhoireann go dona an lá sin, is measa fós a bhí imirt Ian Keatley. Diabhal mórán feabhais a bhí orthu an deireadh seachtaine seo caite agus iad ag cailliúint arís i gcoinne Leicester thall i Sasana.

Cé go raibh na Laighnigh sa mbaile, i Stáid Aviva, theip orthu siúd freisin an ceann is fearr a fháil ar Toulon don dara seachtain as a chéile. Ní hamháin sin ach níl fáil de bharr gortaithe ar Sexton ná ar Ross. Cuimhnigh freisin ar an mbrú atá anois ar Chullen agus ar Foley: níl mé cinnte an mbeidh an bainisteoir a chailleann an cluiche seo in ann an fód a sheasamh.

Tá cluiche iontach i ndán dúinn dá bharr sin.

Fág freagra ar 'Na Connachtaigh ag iarraidh fanacht chun tosaigh i gcath na gCúigí'