Na chéad ‘Ambasadóirí’ do Love Leabhar Gaeilge ainmnithe

Bláthnaid Ní Chofaigh, Caitlín Nic Aoidh agus Mícheál Ó Ciaraidh le bheith ina n-ambasadóirí ar an bhfeachtas ‘Love Leabhar Gaeilge’ i mbliana

Na chéad ‘Ambasadóirí’ do Love Leabhar Gaeilge ainmnithe

Bláthnaid Ní Chofaigh, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus beirt láithreoirí de chuid TG4, Caitlín NicAoidh agus Mícheál Ó Ciaraidh, a bheidh ina n-ambasadóirí ar an fheachtas ‘Love Leabhar Gaeilge’, a chuireann leabhair nuafhoilsithe Gaeilge chun cinn.

Is fiontar é ‘Love Leabhar Gaeilge’ de chuid an chomhlachta margaíochta Gaeltachta Meas Media, atá lonnaithe i gConamara, agus tá sé maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Tá ‘Love Leabhar Gaeilge’ á reáchtáil den chúigiú bliain as a chéile agus seo an chéad uair a mbeidh ambasadóirí ag obair ar an fheachtas.

Dúirt Breandán Ó hEaghra, stiúrthóir MeasMedia, go raibh sé “thar a bheith ríméadach” go bhfuil ambasadóirí “den chéad scoth” ag obair ar an fheachtas chun foilseacháin nua Gaeilge a chur chun cinn.

“Tá Bláthnaid ag obair le fada anois chun próifíl litríocht na Gaeilge a chur chun cinn tríd na meáin ar fad agus tá Caitlín agus Mícheál ag cabhrú linn ag Love Leabhar Gaeilge le blianta beaga anuas chun ócáidí spleodracha a chur chun cinn.

“Beidh na hAmbasadóirí ag cuidiú linn chun an focal a scaipeadh i dtaobh na siopaí leabhar uilig a chuireann leabhair Ghaeilge chun tosaigh, agus i dtaobh na mór-ócáidí ar fad a bheidh ar siúl faoi scáth an fheachtais,” arsa Ó hEaghra.

Is as Gaeltacht Ráth Chairn, i gContae na Mí do Bhláthnaid Ní Chofaigh agus cuireann sí an clár ‘Bláthnaid Libh’ i láthair ar Raidió na Gaeltachta.

Tá Caitlín Nic Aoidh, arb as an Fhál Carrach i nGaeltacht Dhún na nGall í, agus Mícheál Ó Ciaraidh, as Leitir Ceanainn, aitheanta de bharr a gcuid oibre le TG4.

I measc na n-imeachtaí a mbeidh na hambasadóirí ag freastal orthu i mbliana tá An Post Irish Book Awards, tráth a mbronnfar ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ar shaothar nua.

Anuraidh den chéad uair a fógraíodh an rannóg nua do leabhair Ghaeilge agus í dírithe ar leabhair do dhaoine fásta.

Is é Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson a bhuaigh an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ anuraidh.

Leabhar Breac, an teach foilsitheoireachta atá ag Darach Ó Scolaí i gCois Fharraige i gConamara, a d’fhoilsigh Tuatha Dé Danann.

Cuirfear na hAmbasadóirí nua do ‘Love Leabhar Gaeilge’ i láthair ag ócáid i Siopa Leabhar Hodges Figgis, ar Shráid Dawson i mBaile Átha Cliath tráthnóna inniu ag a 2pm.

Fág freagra ar 'Na chéad ‘Ambasadóirí’ do Love Leabhar Gaeilge ainmnithe'

  • Feardorcha

    An mbíonn ambasadóir de dhíth do gach leathscéim Gaeilge? Agus triúr acu i gcónaí, díreach le cinntiú go n-ídeofar níos mó d’airgead na scéime. D’fhéadfadh Caitlín Nic Aoidh siopa Ferrero Rocher a d’oscailt faoin tráth seo.

  • An Fiach Liath

    Cad ina thaobh gur gá Béarla a úsáid chun leabhair i nGaeilgea chur chun cinn? An amhlaidh nach bhfuiltear deisbhéalach go leor le teacht ar abairt nó nath inár dteanga féin?