Na boic mhóra tríd i nDún na nGall ach rás Bhéal Átha an Ghaorthaidh rite i gCorcaigh

Caitheann Tuairisc súil siar ar chluichí móra foirne Gaeltachta i nDún na nGall, i gCiarraí, i gCorcaigh, i nGaillimh agus sa Mhí

Na boic mhóra tríd i nDún na nGall ach rás Bhéal Átha an Ghaorthaidh rite i gCorcaigh

Dún na nGall

Tabharfaidh Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill aghaidh ar a chéile i mbabhtaí leathcheannais na Craoibhe Sinsir Peile i nDún na nGall tar éis don dá fhoireann a gcluiche ceathrú ceannais a bhuachan ag an deireadh seachtaine. D’éirigh le boic mhóra uile na craoibhe agus Cill Charthaigh agus Naomh Adhamhnáin tríd go dtí na babhtaí leathcheannais chomh maith.

Bua aon phointe amháin a bhí ag Gaoth Dobhair ar Aodh Ruadh, 0-8 in aghaidh 0-7, a bhuíochas cuid mhaith de thaispeántais Éamon agus Neil McGee. Níor aimsíodh ach cúig phointe sa chéad leath den ghéarchoimhlint seo agus Gaoth Dobhair a bhí chun tosaigh. 0-3 in aghaidh 0-2. Mhéadaigh fir na Gaeltachta an bhearna sin sa dara leath. Bhí neart deiseanna ag Aodh Ruadh comhscór a a fháil nó fiú an cluiche a bhuachan ach chuir a n-easpa cruinnis as go mór d’fhoireann Bhéal Átha Seanaidh.

Thug Gleann tSúilí dúshlán Naomh Conaill sa chluiche ceathrú ceannais a imríodh Dé Domhnaigh ach tháinig fir na nGleanntach slán, 2-10 in aghaidh 0-10. Scóráil Eunan Doherty cúl tábhachtach do Naomh Conaill díreach ag tús an dara leath chun iad a chur chun tosaigh agus cé gur fhan Gleann tSúilí leo as sin go deireadh, chinntigh cúl eile ó Leo McLoone go mbeadh an lá le Naomh Conaill agus áit acu sna babhtaí leathcheannais don naoú bliain as a chéile.

Bua seacht bpointe a bhí ag Cill Charthaigh ar na Cealla Beaga, 1-14 in aghaidh 1-7. D’aimsigh Patrick McBrearty naoi bpointe, seacht gcinn acu ón imirt. Ba é Ryan McHugh a d’aimsigh an cúl do Chill Charthaigh sa chéad leath. Bhí sé phointe idir na foirne ag leath ama, 1-7 in aghaidh 0-4, agus cé gur shlánaigh an t-imreoir contae Hugh McFadden cic éirice do na Cealla Beaga sa dara leath, ní raibh siad in ann an bhearna idir iad féin agus a gcomharsana a iamh.

Bhí bua slachtmhar ag curaidh na bliana seo caite, Naomh Adhamhnáin, ar Naomh Micheál Dé Sathairn, 2-15 in aghaidh 0-5. Scóráil Ciarán Moore agus Conor O’Donnell dhá chúl i bhfoisceacht cúpla nóiméad dá chéile sa dara leath ach bhí an beart nach mór déanta ag an bhfoireann as Leitir Ceanainn faoin am sin agus iad 0-12 in aghaidh 0-4 chun cinn. D’aimsigh Niall O’Donnell ocht bpointe do Naomh Adhamhnáin.

Tá an cluiche ceannais sa Chraobh Idirmheánach bainte amach ag Naomh Columba den chéad uair ó 2011 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaeil Fhánada ag an deireadh seachtaine. Ocht bpointe a bhí idir na foirne ar deireadh, 4-11 in aghaidh 2-9, ach níor lig fir Fhánada tada go héasca lena gcéilí comhraic. Scóráil Aaron Doherty cic éirice do Naomh Columba díreach roimh leath ama, ceann a chuir chun cinn iad, 1-5 in aghaidh 0-6, ag an mbriseadh. Thug fir Ghleann Cholm Cille céim mhór i dtreo an chluiche ceannais nuair a scóráil Kevin McNern dhá chúl as a chéile a d’fhág deich bpointe chun tosaigh iad. Tháinig Gaeil Fhánada ar ais le cúl ó Mark McAteer ach scóráil Ryan Gillespie an ceathrú cúl do Naomh Columba in am cúitimh, cúl a chinntigh a mbua. Tá scliúchas a tharla ag deireadh an chluiche á fhiosrú.

Beidh Naomh Columba leis an gClochán Liath sa chluiche ceannais tar éis dóibhsean an ceann is fearr a fháil ar an Tearmann. Ceithre phointe d’fharasbarr a bhí ag an gClochán Liath ag deireadh na coimhlinte crua, 0-11 in aghaidh 0-7. Scóráil Oisín Bonner 0-4 agus fuair Karl McGee 0-3 do na buaiteoirí agus áit bainte amach acu sa chluiche ceannais don dara bhliain as a chéile.

Ciarraí

Tá áit bainte amach ag an Daingean i mbabhtaí ceathrú ceannais na Craoibhe Sinsir Peile i gCiarraí a bhuíochas do bhua cuimsitheach in aghaidh chumann Uí Chéirín-Uí Rathaille. D’aimsigh Paul Geaney dhá chúl don Daingean agus fuair Barra Ó Súilleabháin an ceann eile sa chluiche a bhuadar 3-15 in aghaidh 0-10. D’fhág sin go raibh Ó Céirín-Ó Rathaille, a bhain cluiche ceannais an chontae amach anuraidh, díbeartha ón gcraobh. Imreoidh an Daingean in aghaidh Chiarraí Thoir an tseachtain seo chugainn chun an chéad áit sa ghrúpa a shocrú.

Ní raibh an rath céanna ar Chiarraí Thiar, a chaill in aghaidh Aibhistín de Staic Dé Sathairn, 2-13 in aghaidh 1-8. Chuaigh Ciarraí Thiar chun tosaigh tar éis 20 nóiméad den chéad leath nuair a scóráil Killian Falvey Abhainn an Scáil cúl dóibh ach scóráil Aibhistín de Staic dhá chúl díreach roimh leath ama chun fir Thrá Lí a chur seacht bpointe chun tosaigh. Níor ghéill siad faic sa dara leath.

Chaill Ciarraí Theas freisin ag an deireadh seachtaine. Raonaithe na Féile a fuair an ceann is fearr orthu 2-13 in aghaidh 0-13. ach tá seans fós ag fir Uíbh Ráthaigh na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach má bhuann siad ar Naomh Breandán agus mura n-éiríonn leis an Teampall Nua i gcoinne Raonaithe na Féile.

Corcaigh

Tá rás Bhéal Átha an Ghaorthaidh i gCraobh Shinsir A Chorcaí rite tar éis do Chnoc na Graí an ceann is fearr a fháil ar chumann Mhúscraí ina gcluiche ceathrú ceannais Dé Sathairn, 1-14 in aghaidh 0-14. Chuir cúl ó Mhicheál Doyle seacht bpointe idir na foirne tar éis 18 nóiméad ach laghdaigh Béal Átha an Ghaorthaidh an bhearna beagáinín roimh leath ama. Ní raibh ach pointe amháin idir na foirne ag tráth amháin sa dara leath ach theip ar fhir na Gaeltachta comhscór a aimsiú agus thug Cnoc na Graí an lá leo ar deireadh.

D’éirigh níos fearr le foirne eile Mhúscraí sa Phríomh-Chraobh Idirmheánach. Tá Cill na Martra cáilithe do na babhtaí leathcheannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil go héasca ar Áth Fhada, 3-14 in aghaidh 1-7. Bhí rith an ráis le fir na Gaeltachta sa chéad leath, iad deich bpointe chun tosaigh théis an chéad 30 nóiméad, 1-9 in aghaidh 0-2. Damien Ó hÚrdail a scóráil an cúl do Chill na Martra agus d’aimsigh Micheál Ó Deasúna péire eile dóibh sa dara leath, cúil a chinntigh an bua.

Beidh Naomh Abán ag imirt sa Phríomh-Chraobh Idirmheánach an bhliain seo chugainn tar éis dóibh Naomh Uinsionn a shárú i gcluiche dícháilithe, 0-8 in aghaidh 0-7. Bhí Naomh Abán pointe chun tosaigh ag leath ama agus cé nár scóráil siad ar feadh breis is 20 nóiméad sa dara leath, rinne siad a ndóthain chun an cluiche a bhuachan.

Gaillimh

Beidh iománaithe Mhaigh Cuilinn ag imirt sa Chraobh Shinsir A i nGaillimh an bhliain seo chugainn tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach don dara bliain as a chéile. In aghaidh Chillín a Díoma-Liatroim a bhí siad Dé Sathairn agus an bua acu, 3-20 in aghaidh 2-22. Scóráil Éanna Noone agus Cian Folan cúil do Mhaigh Cuilinn sa chéad leath ach ba é an ceann a fuair Kevin O’Donovan in am cúitimh sa dara leath an scór cinniúnach a d’fhág go mbeadh an bua ag fir Chonamara le haon phointe amháin.

Bhí údar ceiliúrtha ag iománaithe an Spidéil ag an deireadh seachtaine freisin agus an Caisleán Gearr cloíte acu i gcluiche leathcheannais dícháilithe sa Chraobh Idirmheánach. Scóráil Finnian Ó Laoi cúl sa chéad leath agus bhí naoi bpointe d’fharasbarr ag an Spidéal ag leath ama ach tháinig fir na cathrach ar ais sa dara leath agus theastaigh an dá chúl a fuair Pádraig Ó Conghaile ón Spidéal a raibh an lá leo, 3-16 in aghaidh 0-19.

An Mhí

Rinne Bhulf Tón teacht aniar sa dara leath chun áit i mbabhtaí leathcheannais na Craoibhe Sinsir a bhaint amach i gcontae na Mí. Bhí curaidh na bliana seo caite 0-5 in aghaidh 0-2 chun deiridh ar Ghaeil Cholmcille ag an mbriseadh agus mar bharr ar an mí-ádh, bhí siad fear gann nuair a cuireadh Alan Callaghan den pháirc théis 21 nóiméad. Bhí Gaeil Cholmcille ceithre phointe chun tosaigh faoi dhó sa dara leath ach chríochnaigh Bhulf Tón go láidir agus d’aimsigh siad seacht bpointe as a chéile sna 20 nóiméad deireanach chun an cluiche a bhuachan, 0-11 in aghaidh 0-9.

Fág freagra ar 'Na boic mhóra tríd i nDún na nGall ach rás Bhéal Átha an Ghaorthaidh rite i gCorcaigh'