Ná bíodh ródheifir orainn dul i muinín an reifrinn

B’fhiú machnamh ar rogha níos stuama ná reifrinn a reáchtáil faoi dheifir ar ábhair chasta

Ná bíodh ródheifir orainn dul i muinín an reifrinn

Beimid ag vótáil i mí na Samhna i reifreann nó i reifrinn ar chúrsaí inscne. Nó ní bheimid, b’fhéidir.

Tá críoch an scéil éiginnte fós, ainneoin an ghealltanais faoi vótáil a tugadh trí bliana ó shin i gclár an chomhrialtais.

D’fhógair Leo Varadkar ar an 8 Márta i mbliana go reáchtálfaí reifreann nó reifrinn a bhí beartaithe ar leasú bunreachta a chuirfeadh cothromaíocht inscne chun cinn agus a bhainfeadh amach an tagairt in airteagal 41 do shaol na mban sa teaghlach.

Bhí súil aige, a dúirt sé, go mbeifí ag vótáil i mí na Samhna.

D’athraigh sé a phort deich lá ó shin nuair a dúirt sé go raibh súil aige go vótálfaí i mí na Samhna. D’admhaigh sé áfach go raibh deacrachtaí ag baint le dréachtú an leasaithe (nó na leasuithe) a mholfar.

Níor éirigh le coiste idir-rannach atá i mbun oibre le ceithre mhí teacht ar fhoclaíocht fós a chuirfeadh ar chumas an rialtais moltaí a chur os comhair an phobail a bheadh soiléir agus sábháilte ó thaobh dlí de.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin le gairid go raibh “ábhair chasta” le réiteach. Níl réiteach aimsithe fós áfach agus cúis amhrais á nochtadh go mb’fhéidir nach dtabharfar dóthain ama do vótálaithe leis an rogha a mholfar a mheá i gceart. Is é sin má chuirtear rogha faoina mbráid in aon chor i mbliana.

Beidh an coimisiún toghcháin nua freagrach as feachtas faisnéise faoi ábhar an reifrinn (nó na reifreann – is ar an rialtas atá an milleán go bhfuil an scéal éiginnte) a eagrú roimh ré. Deir an príomhfheidhmeannach Art O’Leary gur deacair a thuiscint cé mar a fhéadfaí tabhairt faoi fheachtas cuí faisnéise mura mbeadh 14-16 seachtain acu leis an obair a dhéanamh i gceart.

Anois, breathnaigh ar an bhféilire.

Abair gur ar an 30 Samhain, an Déardaoin deireanach i mí na Samhna, a reáchtálfar an reifreann, nó na reifrinn. Má ghlactar le meastachán Art O’Leary, mar a ghlac Micheál Martin an tseachtain seo caite, bheadh ar an rialtas cinneadh reifrinn a dhéanamh faoin Déardaoin (16 seachtain) nó ar a dheireanaí faoin 24 Lúnasa (14 seachtain).

Níl seans ar bith ann go ndéanfar an cinneadh ar cheachtar dáta toisc nach bhfuil cruinniú rialtais beartaithe go ceann míosa beagnach. Mura gcuirtear moill ar an vótáil mar sin is éard atá romhainn díospóireacht faoi dheifir ar “ábhair chasta”, mar a thug an Tánaiste orthu.

Neartóidh feachtas róghairid an seans ar éiginnteacht. Cuimhnigh ar fhainic reifrinn a tugadh fadó; uaireanta tugann vótálaithe freagra nach dteastaíonn ó rialtas ar cheist nár cuireadh orthu.

Tá leigheas ar an bhfadhb seachas a bheith ag iarraidh leasuithe a chumadh a chuirfeadh forálacha nua sa Bhunreacht. D’fhéadfaí leasuithe a mholadh a ghlanfadh amach na hairteagail a shíltear a bheith as dáta a bhaineann le teaghlaigh phósta agus le saol mná sa teaghlach.

Tarraingíonn caint ar chúrsaí inscne géar-achrann go minic. In ionad foráil bhunreachta nua faoi chothromaíocht inscne a dhréachtú mar sin, d’fhéadfadh an rialtas a fhógairt go bhfuil barántas cuimsitheach cothromaíochta do chách in airteagal 40:1 a deir:

Áirítear gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí.

Ní aontóidh an rialtas ná an freasúra ar ndóigh le comhairle dá leithéid. Is tábhachtaí agus is fusa forálacha a chur sa Bhunreacht a shíltear a tharraingeoidh meas an phobail – fiú mura rachaidh siad chun tairbhe do mhórán dáiríre, seachas lucht dlí.

Murar féidir leasuithe a chumadh go luath a bheidh sásúil (nó gan bhrí), d’oirfeadh sé dóibh go léir cuimhneamh ar an seanfhocal – B’fhearr rith maith – go dtí reifreann an bhliain seo chugainn – ná drochsheasamh i mbliana.

 

Fág freagra ar 'Ná bíodh ródheifir orainn dul i muinín an reifrinn'