Ná bí ag obair le páistí ná le hainmhithe… ná le neacha ón saol eile

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: bhí fórsaí osnádúrtha togha i bhfinscéalta na cianaoise, ach cothaíonn siad fadhbanna go leor nuair a chuireann siad a ladar isteach i bhficsean nua-aimseartha

Ná bí ag obair le páistí ná le hainmhithe… ná le neacha ón saol eile

‘Ná bí ag obair le páistí ná le hainmhithe’ a deirtear in earnáil na scannánaíochta. Níl sé éasca páistí ná ainmhithe a láimhseáil i bhficsean scríofa ach an oiread. Níl mé ag rá go bhfuil sé dodhéanta – tá neart samplaí ar fáil i litríocht an domhain a chruthódh a mhalairt – ach tá sé deacair. 

I gcás pháistí, caithfidh scríbhneoir ficsin i gcónaí a bheith san airdeall nach gcuirfidh sé focail ina mbéal nó smaointe ina n-aigne nach bhféadfadh duine (an-)óg a bheith aige. 

I gcás ainmhithe – bhuel, níl aon chaint ag ainmhithe agus cuireann sé sin srian lena bhféidearthachtaí mar charachtair fhicseanúla. Ach réimse na bhfabhalscéalta a fhágáil as an áireamh, níl ach dornán saothar litríochta ar m’eolas ina bhfuil an phríomhpháirt ag ainmhí agus a bhfuil fiúntas ag baint leo. Tá ‘An Carria’ agus cuid de na gearrscéalta eile sa chnuasach le hEithne Ní Ghallchobhair, Súil, ar chuid acu sin.

Ach ba mhaith liom cur leis an nath cainte sin as earnáil na scannánaíochta. Ná bí ag obair le páistí ná ainmhithe… agus ná bí ag obair le neacha ón saol eile ach an oiread. Theip ar nach mór chuile iarracht dá ndearna mé féin ról a thabhairt do charachtair osnádúrtha i mo chuid ficsin.

Trí bliana ó shin tháinig mé de bhus i gcathair Miami Beach agus an nóiméad a theagmhaigh mo bhróg leis an gcosán thosaigh carachtar a thug le tuiscint dom gur neach ón saol eile é ag deachtú scéil dom. Bhí glór chomh mealltach agus chomh húdarásach sin aige – samhlaigh leagan macho de Stoc na Cille as mórshaothar an Chadhnaigh – nach raibh rogha agam ach suí síos ar an toirt agus nótaí a thógáil. Ach faoin am a raibh leathleabhar nótaí líonta agam, ba léir nach raibh sna ráitis a bhí á mbéiceach isteach i mo chluas ag an gcarachtar seo ach toit agus gaoth; ní dheachaigh an scéal in áit ar bith.

An tseachtain seo, agus mé i mbun eagarthóireachta ar úrscéal nua atá lonnaithe sa Bhrasaíl, shocraigh mé dhá radharc móra a ghearradh amach ina raibh an scéal á mhilleadh ag neacha ón saol Afra-Bhrasaíleach eile. Nuair a deirim milleadh, sin é go díreach atá i gceist agam: bhí an dá radharc mealltach go leor ó thaobh na bhfeiniméan cultúrtha agus reiligiúnda a bhí á léiriú iontu, ach bhí an plota á sceitheadh ag na neacha osnádúrtha lena dteachtaireachtaí rabhaidh do dhuine de na príomhcharachtair. 

Smaoinigh faoi: nuair a bhíonn geis ar laoch éigin sa Rúraíocht, nó go deimhin i miotais na sean-Ghréige, bíonn a fhios agat láithreach go mbrisfear an gheis sin agus go dtarlóidh rud éigin uafásach don laoch bocht. Is cosúil gur thaitin a leithéid le lucht éisteachta na cianaoise – deireadh an scéil a bheith ar eolas acu sula raibh deis ag an seanchaí a bhéal a oscailt – ach ní dóigh liom gurb é sin a thaitníonn le léitheoirí an lae inniu.

Ach feictear dom go gcothaíonn neacha ón saol eile fadhb níos tromchúisí fós i saothair fhicsin nua-aimseartha. Baintear cuid d’fhreagracht na gcarachtar daonna as a ngníomhartha féin dá nguaillí nuair a thosaíonn an saol eile ag tabhairt comhairle dóibh; déantar fichillíní díobh seachas laochra agus lagaítear an saothar ar fad dá bharr.

Fág freagra ar 'Ná bí ag obair le páistí ná le hainmhithe… ná le neacha ón saol eile'