Ná bac ‘cabhair na gcomharsan’ ní dhéanfaidh éinne leas na hÉireann ach muid féin

Maidir le Brexit, tá muid sáinnithe ar an imeall ag brath ar dhaoine nár léirigh aon bhá linn cheana

Ná bac ‘cabhair na gcomharsan’ ní dhéanfaidh éinne leas na hÉireann ach muid féin

Enda Kenny le Theresa May. Pictiúr: RollingNews.ie

In ainneoin an dreach cairdiúil a bhí ar an Taoiseach, Enda Kenny, agus Príomh-Aire na Breataine, Theresa May, agus an chaint ar fad ar chairdeas, is léir fós nach bhfuil an rialtas sásta dul i mbun idirbheartaíochta as a stuaim féin leis na Sasanaigh d’fhonn réiteach aontaithe a chur os comhair an Aontais Eorpaigh maidir le fadhb na teorann ar an oileán seo.

’Sea, tá an rialtas ag cloí lena scéal go bhfuil a gcuid oifigeach ar a ndícheall ar fud na hEorpa ag insint dár bpáirtnéirí faoin tionchar ar leith a bheas ag an mBreatimeacht ar an tír seo.

Ní mé cé chomh díograiseach is atá siad i mbun na n-iarrachtaí sin, ach is léir nach bhfuil tíortha lároirthear na hEorpa chun mórán airde a thabhairt ar ár gcuid fadhbanna ar aon chuma.

Is amhlaidh an dearcadh ag an Spáinn, mar ní theastaíonn ó Phríomh-Aire na tíre sin, Mariano Rajoy, go mbeadh eiseamláir ar bith maidir le neamhspleáchas ag muintir na Catalóine ná muintir Thír na mBascach de thoradh an Bhreatimeachta.

Tá leisce ar rialtas na hÉireann, mar sin féin, aon cheo a dhéanamh a thabharfadh le fios nach cuid dhílis ‘d’Fhoireann na hEorpa’ muid, is tá siad ag brath ar dhea-thoil Michel Barnier, Guy Verhofstadt is Angela Merkel féachaint i ndiaidh leas na tíre seo.

Cinnte bíonn an rialtas ag labhairt amach ina gcoinne siúd a dteastaíonn uathu pionós a ghearradh ar na Sasanaigh as an dánacht a bheith iontu imeacht ón Aontas, mar tuigeann an rialtas gur orainne a thiocfadh cuid mhaith den phionós sin óir déanann muid níos mó trádála leis an mBreatain, mar chéatadán dár n-olltáirgeacht intíre, ná aon tír eile san Aontas.

Is é an rud is tábhachtaí ar fad ar ndóigh ná ceist na críochdheighilte.  Aithníonn daoine ciallmhara i Sasana féin nach féidir teorainn cheart a dhéanamh den teorainn ar an oileán seo, agus dá bharr sin tá molta ag ball sinsearach de na Daonlathaigh Liobrálacha, Vince Cable, gur chóir Éire Aontaithe a chur ar bun.

Ach cé go mbíonn an rialtas ag rá go dteastaíonn soiléiriú uathu ó na Sasanaigh maidir le céard atá uathu, is ag an Aontas a bheidh an focal scoir mura gcinntíonn muide a mhalairt.

Is cóir dúinn gan dabht dul i mbun idirbheartaíochta le Sasana – ar bhonn neamhfhoirmeálta más gá – chun réiteach a aontú eadrainn a chuirfí faoi bhráid an Aontais. Níl aon chomhartha ann go bhfuil an rialtas sásta a leithéid a dhéanamh.

Agus cén t-éileamh mar sin is cóir a bheith á dhéanamh againn?  Deir Sinn Féin gur cheart stádas faoi leith don Tuaisceart san Aontas a lorg.  Cibé teorainn chrua a bheas ann ansin, is idir Éire ar fad agus an Bhreatain a bheadh sé.

Tá Sinn Féin ag dul thar fóir, ar ndóigh, nuair a deir siad go bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta i mbaol (mar gheall ar Bhreatimeacht), ach tá fadhbanna faoi leith ann a chaithfidh an dá rialtas a phlé is a shocrú.

Ach arís eile, níl aon chomhartha ann go bhfuil an rialtas fiú ag smaoineamh faoina leithéidí d’fhadhbanna, gan trácht ar fheachtas a bhunú ar mhaithe lena bhfuascailt.

Anuas air sin fad, agus níos tábhachtaí fós,  tá impleachtaí ag an Bhreatimeacht don gheilleagar ó dheas, go háirithe i réimse talmhaíochta.

Cheana féin cuireann an tír seo níos mó airgid isteach san Aontas ná mar a fhaigheann muid amach, ach is é margadh na Breataine an margadh is tábhachtaí dúinn. Cuirfear an margadh sin i mbaol mura ndéanann muid comhaontú faoi leith leis an mBreatain amhail an Comhaontú Saorthrádála Angla-Éireannach i 1965.

Gan dabht ba é an socrú is fearr – fiú dóibh siúd atá i bhfabhar fanacht san Aontas – ná go mbeimis mar bhall comhlach. Thabharfadh ballraíocht chomhlach cead isteach sa mhargadh aonair dúinn, ach thabharfadh sé cead dúinn freisin socruithe faoi leith a dhéanamh leis an mBreatain.

Ach cén fáth go gceadódh an tAontas a leithéid de shocrú dúinn? An bhfuil aon tionchar againn i ndáiríre sna cúrsaí seo?

Bhuel, mar a mhínigh iar-ambasadóir na hÉireann chun Cheanada, Ray Bassett, d’fhéadfadh muid bagairt a dhéanamh go leanfadh muid sampla na Breataine agus go n-imeodh muid as an Aontas muid féin, nó ar a laghad go n-imeodh muid as limistéar an euro.

Fear é Bassett atá i bhfabhar fanacht san Aontas ach fear é freisin a thuigeann nach dtabharfaidh ár bpáirtnéirí cluas éisteachta dá laghad dúinn ach amháin sa chás go gceapann siad a gcuid pleananna féin a bheith i mbaol.

Aithníonn tráchtairí eacnamaíochta go bhfuil an euro i riocht lag cheana féin agus gur tubaiste a bheadh ann dó dá n-imeodh aon stát as an limistéar. 

Mar a chéile atá cás an Aontais féin, mar teastaíonn ó roinnt pionós a ghearradh ar na Sasanaigh le foláireamh a thabhairt do dhream ar bith a bheadh ag smaoineamh ar a sampla a leanúint.

Bheadh boic mhóra an Aontais ag iarraidh tubaiste a sheachaint, ach ní cosúil go bhfuil an misneach ag an rialtas bagairt den chineál sin a thriail.

Tá muid sáinnithe ar an imeall ag brath ar dhaoine nár léirigh aon bhá dúinn cheana i gcás ghéarchéim na baincéireachta, mar shampla, chun teacht i gcabhair orainn maidir leis an mBreatimeacht.

Agus níl a fhios ag an Rialtas céard is féidir leo a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Ná bac ‘cabhair na gcomharsan’ ní dhéanfaidh éinne leas na hÉireann ach muid féin'

  • Éadóchasach

    Mar eolas do bhur léitheoirí: Tá ‘fíricí malartacha’ in úsáid ag Eoin Ó Murchú.

    Níl sé fíor a thuilleadh go bhfuil ‘margadh na Breataine an margadh is tábhachtaí dúinn.’ Is é margadh an Aontais an margadh is tábhachtaí dúinn; tá margadh an Aontais i bhfad níos tábhachtaí na margadh na Breataine, agus tá sé sin fíor le blianta anuas.

    De réir na bhfigiúirí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (.i. figiúirí na bliana 2015), chuaigh 39.4% d’onnmhairí na tíre seo go dtí tíortha eile an Aontais Eorpaigh (.i. tíortha seachas an Ríocht Aontaithe). Sa bhliain chéanna, níor chuaigh ach 13.9% desna honnmhairí sin go dtí an Ríocht Aontaithe agus Tuaisceart Éireann (.i. 12.3% go dtí an Ríocht Aontaithe agus 1.6% go dtí Tuaisceart Éireann).

    Is é margadh an Aontais an margadh is tábhachtaí dúinn ó thaobh na hallmhaire de, leis. Tháinig 34.8% dár n-allmhairí ón Aontas Eorpach sa bhliain 2015. Níor tháinig ach 24.1% díobh ón Ríocht Aontaithe. Fiú má chuirtear an méid allmhaire a tháinig ó Thuaisceart Éireann (.i. 1.6%) anuas air sin, ba é margadh an Aontais an margadh is tábhachtaí dúinn.

    Mar eolas do bhur léitheoirí, agus d’Eoin Ó Murchú leis…