Na 5 chumhrán samhraidh is deise (seachain boladh na bolscaireachta!

Bíonn an cur síos a thugann cuid de lucht déanta na gcumhrán ar a gcuid táirgí cosúil le caint na saineolaithe fíona ag trácht ar bhlas na dí nó bladar an cheantálaí atá ag díol tí

MTM3MTc3ODA5Nzk2NzM2Nzk3

Agus muid i gceartlár an tsamhraidh mheas mé nár mhiste súil – nó le bheith iomlán cruinn faoi, srón a chaitheamh ar chuid de na cumhráin samhraidh is deise atá ar an margadh i mbliana. Bíonn muid ag súil le boladh níos éadroime agus níos glaine ag an tráth seo bliana agus is deas an rud briseadh a thógáil ón ngnáthchumhrán a bhíonn in úsáid go rialta againn. 

Is spórt ann féin é a bheith ag léamh an chur síos a thugann cuid de lucht déanta na gcumhrán ar a gcuid táirgí. Chonaic mé “succulent nectarine, peach and cassis and delicate spring flowers melt into the note of acacia honey” ag comhlacht amháin i mbliana. Chuirfeadh sé i gcuimhne duit in amanna an fhoclaíocht a úsáideann na saineolaithe fíona le tuiscint a thabhairt ar an mblas atá ar bhuidéal áirithe nó an bladar a gheofá i mbróisiúir ó cheantálaí ag moladh tí nó árasáin. 

Ar ndóigh, níl sé éasca cur síos scríofa a dhéanamh ar bholadh agus dá bharr sin is beag a déarfaidh mé faoi na bolaithe is fearr a thaitníonn liomsa an samhradh seo ach go bhfuil siad an-deas go deo!

Seo iad na cúig cinn is mó a thaitin liom féin:

1.Stella McCartney POP

1. Stella McCartney POP

Deir Stella McCartney go bhfuil an ceann seo ‘nua-aimseartha agus dearfach’ agus luaitear boladh ‘violet, tuberose, and plumeria’ leis. Ba dheacair do dhuine an méid sin a bhréagnú, go háirithe an té nach n-aithneodh tuberose nó plumeria óna chéile. Costas – €45

2.Viktor & Rolf La Vie En Rose

2. Viktor & Rolf Flowerbomb La Vie En Rose Eau De Toilette

Bíonn seo ar fáil le linn na bliana ar fad ach athraítear na comhábhair de bheagán do tháirge an tsamhraidh. Deirtear go bhfuil boladh beag den tae glas i leagan na bliana seo. Costas – €69.50

3. Diptiqe eau des sens

3. Diptyque Eau De Sens Eau De Toilette

Ola a thagann ón gcrann oráiste is bunús leis an gceann seo agus deirtear gur boladh ‘grianmhar’ atá i gceist. Costas – €92

4.Jo Malone Nectarine Blossom & Honey

4. Jo Malone Nectarine Blossom & Honey Cologne

Deir déantóir an chinn seo go gcuirfeadh sé margadh na dtorthaí i Covent Garden, Londain, luath ar maidin i gcuimhne duit. Tá boladh álainn, milis air, pé scéal é. Costas – €105

5.Estée Lauder Bronze Goddess

5. Estée Lauder Bronze Goddess

Ceann clasaiceach don samhradh é seo agus bíonn leagan éigin ar fáil gach bliain. Chaith scríbhneoirí na bhfógraí dua leis an míniú sa chás seo:  “A sensuous, sun-drenched blend of bergamot, warm amber, tiare flower, and vanilla combined with delicious creamy coconut”. Sách ráite! Costas – €60

Fág freagra ar 'Na 5 chumhrán samhraidh is deise (seachain boladh na bolscaireachta!'

  • padraig

    6. allas fir fe dhair