‘My hours listening to RnaG have served me well’ – daltaí na hArdteiste sásta go maith le scrúduithe na Gaeilge

Tá Páipéar 1 agus Páipéar 2 na Gaeilge críochnaithe agus seachas corrghearán is léir go raibh na daltaí sásta go maith leis an scrúdú

‘My hours listening to RnaG have served me well’ – daltaí na hArdteiste sásta go maith le scrúduithe na Gaeilge

Reáchtáladh scrúduithe Gaeilge na hArdteiste inniu agus inné agus, más fíor a raibh le rá ag formhór na ndaltaí ar na meáin shóisialta go dtí seo, seans go mbeidh aiféala ar an 50% a chinn gan an scrúdú traidisiúnta a dhéanamh.

Páipéar 1 a bhí faoi chaibidil ag na daltaí inné agus, mar is iondúil, bhí roinnt daoine ag gearán gur canúint Dhún na nGall a bhí ag an té a bhí le cloisteáil sa chluastuiscint.

Chuir dalta amháin an-dua air féin ag réiteach don chluastuiscint chéanna agus “uaireanta an chloig” caite aige ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta. B’fhiú an trioblóid, áfach.

Den chuid is mó, bhí an chuma ar an scéal go raibh go leor de na daltaí a thug faoi Pháipéar 1 thar a bheith sásta leis na hábhair a tugadh dóibh sa cheapadóireacht.

Bhí ‘Fadhbanna móra na linne seo’, ‘An tAthrú Aeráide’ agus ‘Buntáistí agus míbhuntáistí na teicneolaíochta’ i measc na roghanna ó thaobh aistí de agus is léir go raibh formhór na ndaltaí ullamh.

Is ar maidin a thug na daltaí faoi Pháipéar 2 agus bhí go leor ann a bhí an-sásta arís leis an ábhar a roghnaíodh don scrúdú.

Ar an bpáipéar ardleibhéil, bhí rogha ag na daltaí idir léamhthuiscint faoi John Hume nó ceann a chaith súil siar ar scéalta móra 2020 amhail Black Lives Matter agus toghchán uachtaránachta Mheiriceá.

 

Bhí an t-iardhalta Gaelscoile agus cúl báire Liverpool Caoimhín Kelleher luaite sa léamhthuiscint sa scrúdú gnáthleibhéil, rud a shásaigh ar a laghad duine amháin de lucht tacaíochta na hÉireann.

Sa bhfilíocht, bhí Géibheann le Caitlín Maude ar an bpáipéar ardleibhéil arís, ábhar faoisimh do go leor.

Fág freagra ar '‘My hours listening to RnaG have served me well’ – daltaí na hArdteiste sásta go maith le scrúduithe na Gaeilge'