Muintir na Gaeltachta ag agóid lasmuigh de Theach Laighean agus réiteach ar an ngéarchéim tithíochta á éileamh

An mhoill a bhaineann le foilsiú treoirlínte pleanála don Ghaeltacht a gheall an tAire Tithíochta ceann de na cúiseanna gearáin is mó a bhí ag lucht na hagóide

Muintir na Gaeltachta ag agóid lasmuigh de Theach Laighean agus réiteach ar an ngéarchéim tithíochta á éileamh

Reáchtáladh léirsiú lasmuigh de Theach Laighean tráthnóna chun aird a tharraingt ar an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.

Tháinig léirsitheoirí ó na ceantair Ghaeltachta dhifriúla chomh fada le Baile Átha Cliath lena míshástacht leis an Roinn Tithíochta agus leis an rialtas trí chéile a chur in iúl.

Eagraíodh an agóid an lá céanna a bhfuil an Roghchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht ag cur tús lena phlé ar leasuithe ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt, 2023.

An mhoill a bhaineann le foilsiú treoirlínte pleanála don Ghaeltacht a gheall an tAire Tithíochta ceann de na cúiseanna gearáin is mó a bhí ag lucht na hagóide, mar a mhínigh Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge.

“Táimid anois níos mó ná dhá bhliain ar aghaidh ó gheall an tAire Darragh O’Brien go mbeadh na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta curtha ar fáil. Dhá bhliain níos déanaí agus níl aon radharc orthu fós, rud a fhágann go bhfuil comhthéacs ríthábhachtach in easnamh orainn agus ceann de na billí pleanála is tábhachtaí i stair na tíre seo ag dul trí Thithe an Oireachtais.

“Táimid tinn tuirseach de bheith ag fanacht ar Airí, ag fanacht ar ghealltanais agus ag fanacht ar ghníomh – tá teachtaireacht shoiléir tugtha againn gur gá go mbeadh an Ghaeltacht lárnach sa Bhille seo, agus beimid glórach go mbeidh réiteach ar ghéarchéim tithíochta ár linne.”

Dúirt an tAire O’Brien ag deireadh na bliana seo caite go raibh obair a Roinne3 ar na treoirlínte críochnaithe ach níl aon soiléiriú tugtha maidir le cén uair a fhoilseofar iad. An Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta atá ag cur na dtreoirlínte le chéile.

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga agus ball den Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga ag Conradh na Gaeilge, gur fadhb a bhí san easpa tithíochta fud fad na Gaeltachta agus nach fiú obair a dhéanamh ar an bpleanáil teanga mura mbeidh daoine ann chun an Ghaeilge a labhairt.

“Ó Phort Láirge san oirdheisceart go Tír Chonaill san iarthuaisceart, tá sé ag éirí níos deacra agus níos deacra do mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin. Séantar cead pleanála ar dhaoine ón áit ar an ábhar, dar leis na comhairlí áitiúla, nach bhfuil ‘riachtanas áitiúil’ acu agus tá an sainmhíniú ar goidé an rud atá sa ‘riachtanas áitiúil’ á chúngú agus á thachtadh i rith an ama. Ciallaíonn sé seo nach féidir le lánúineacha óga cead pleanála a fháil ina gceantar dúchais féin,” a dúirt Ó Cnáimhsí.

“Fosta, tagann seo salach ar pholasaí an Rialtais ó thaobh na pleanála teanga de, mar a léirítear in Acht na Gaeltachta 2012. Mura mbeidh daoine sa Ghaeltacht leis an teanga a labhairt, cén mhaith a bheith ag caint ar phleanáil teanga?”

Cé go bhfuiltear fós ag súil leis na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht atá geallta ag an Aire Tithíochta, d’fhéadfadh go bpléifeí cás na Gaeltachta le linn an phlé ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt. Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, roimh an Nollaig go raibh sé ag iarraidh go gcuirfeadh an Rialtas leasuithe chun cinn a chinnteodh go mbeadh cosaint níos láidre tugtha don Ghaeilge sa chóras pleanála.

Tugadh le fios an tseachtain seo caite go bhfuil sé beartaithe ag Roinn na Gaeltachta grúpa oibre nua a bhunú chun an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht a phlé.

Fág freagra ar 'Muintir na Gaeltachta ag agóid lasmuigh de Theach Laighean agus réiteach ar an ngéarchéim tithíochta á éileamh'

  • Páidín Ó Raifeartaigh

    Uch. Go leor polaiteoirí ar an bandwagon libh agus pioc oibre déanta acu le blianta ach an beál bán a oibriú sa rialtas agus sa bhfreasúra.

  • SeánM.

    Treise libh Conradh na Gaeilge ag seasamh an fód go síoraí do mhuintir na gceantar Gaeltachta agus na cosa tugtha leo ag dreamanna eile i bhfolach laistiar dá gcuid polasaithe agus beartais!

  • CCc

    “Tugadh le fios an tseachtain seo caite go bhfuil sé beartaithe ag Roinn na Gaeltachta grúpa oibre nua a bhunú chun an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht a phlé.”

    Níos mó ‘delaying tactics’ mar a scríobh an sochtheangeolaí mór le rá Joshua Fishman do Colmán Ó hUallacháin, le teacht.

    “What does disturb me is the now quite apparent delaying tactics whereby recommendations are neither rejected nor implemented but simply surrounded by administrative silence and inaction. After four years of waiting I have come to the conclusion that I have been used not as a consultant but as an unwitting participant in a master plan to do nothing, i.e. nothing real or decisive… Policy has continued to be mere verbiage, being neither decisive nor informed. I have lately concluded that this then is exactly what the Irish government wants and my regret is that it hasn’t had the courage to say so to me, to you, and to the public.”