Múineann gá seift ach tá an iomarca cúraimí leagtha ar Heather Humphreys

Tá bearna áiféiseach sa chóras léirithe ag cás Helen McEntee agus níl réiteach ceart aimsithe fós

Múineann gá seift ach tá an iomarca cúraimí leagtha ar Heather Humphreys

Is cúis áthais é go bhfuil socrú déanta chun ligean don Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee dul ar shaoire mháithreachais. Ba chóir go mbeadh socrú ceart reachtúil déanta lena haghaidh roimhe seo ach b’fhearr réiteach luath éigin a bheith ann ná a bheith gan réiteach ar bith.

Dáiríre ní saoire mháithreachais atá á tairiscint di mar a thuigtear na focail sin de ghnáth. Beidh sí saor óna cúraimí mar aire agus ar lántuarastal ar feadh sé mhí ó 30 Aibreán (tá sí ag súil lena leanbh an mhí dár gcionn) ach beidh sí ina comhalta rialtais i gcónaí.

Maith dhom a léitheoir dhil an míniú casta seo a leanas ach seo mar atá. 

Beidh Helen McEntee ina haire gan a bheith ina haire. Ní féidir an cur i gcéill seo a chosaint ach amháin ar bhonn riachtanais: dúirt an Taoiseach roimhe seo go mbeadh reachtaíocht agus b’fhéidir leasú ar an mBunreacht ag teastáil chun cead a thabhairt d’aire agus d’ionadaí tofa ar bith dul ar ghnáthshaoire mháithreachais.

De réir an tsocraithe a d’fhógair sé sa Dáil Déardaoin, beidh Helen McEntee ina haire ach gan ‘cúram aire’ uirthi go dtí mí na Samhna. Idir an dá linn, beidh a comhghleacaí Heather Humphreys freagrach as an Roinn Dlí agus Cirt, le cabhair na n-airí stáit Hildegarde Naughton agus James Browne.

Fágann sin go mbeidh trí phost rialtais ag Heather Humphreys agus í ag feidhmiú (1) mar aire coimirce sóisialta, (2) mar aire forbartha tuaithe agus pobail, agus (3) mar aire dlí agus cirt.

Deir an seanfhocal nach féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal, ach ceapann Micheál Martin go mbeidh Humphreys ábalta freastal ar thrí cinn. Is féidir gan dabht neamhaird a thabhairt ar an seanfhocal i gcúrsaí polaitíochta ach amháin i gcás freagracht aire i ranna lena mbaineann brú as cuimse agus práinn leo go minic: An Roinn Airgeadais, An Roinn Gnóthaí Eachtracha, An Roinn Dlí agus Cirt agus (faoi láthair) An Roinn Sláinte.

Bíonn clár cuimsitheach oibre ag gach aire rialtais (nó ba chóir go mbeadh) ach ní hionann an fhreagracht a bhaineann leis na ranna atá san áireamh thuas. Ar an gcéad dul síos, is leithne agus is doimhne a raon agus a dtionchar ar shaol na tíre, tionchar nach féidir a thuar scaití.

Féach mar shampla, an leasú gan mhoill ar an dlí a dúirt Helen McEntee a bhí riachtanach tar éis don Chúirt Achomhairc a rialú i mí Dheireadh Fómhair nach bhféadfaí páistí a ionsaítear a ainmniú dá dtabharfaí duine os comhair cúirte agus ionsaí curtha ina leith. 

Dúradh sa bhreithiúnas nár cheadaigh Acht na bPáistí an páiste a ainmniú fiú sa gcás go gciontófaí duine nó dá mbeadh an páiste marbh.

Chuir an breithiúnas alltacht ar chách. Gheall an t-aire agus an Taoiseach go mbrostófaí reachtaíocht leasaithe breis agus trí mhí ó shin. Céard a tharla? Níl bille foilsithe fós.

Ní hionann sin agus a rá gur neamhshuim nó mí-éifeacht is cúis leis an moill. Idir an dá linn, bhí roinn Helen McEntee ag déileáil le reachtaíocht chun coraintín éigeantach a chur i bhfeidhm. Bhí sí ag déileáil chomh maith leis an gcíréib i Sráid Ghrafton; le leasú atá geallta ar an dlí a bhaineann le foréigean baile; le reachtaíocht a mhol sí chun uaireanta oscailte na dtithe tábhairne a shíneadh tar éis na paindéime; le marú George Nkencho nuair a chuaigh Gardaí go dtí a theach; le reachtaíocht a chuirfidh srian ar róchúiteamh ar dhíobháil phearsanta; le reachtaíocht a neartóidh an dlí a bhaineann le mí-úsáid pháistí; le plean a d’fhógair sí an mhí seo caite inar sonraíodh breis agus 200 rud eile a chuirfí i ngníomh as seo go ceann bliana srl.

Bí cinnte freisin go raibh agus go mbeidh an tAire Dlí agus Cirt ag déileáil le cúrsaí práinneacha eile nach bpléitear go poiblí ar feadh i bhfad, nó riamh.

B’fhearr mar sin i bhfianaise na gcúraimí go léir atá luaite thuas gan aire a chur i gceannas a bheidh freagrach as dhá roinn eile ag an am céanna. D’fhéadfaí iar-aire rialtais – leithéidí Richard Bruton, Michael Ring nó Charlie Flanagan – a chur isteach mar lán-aire rialtais ar feadh sé mhí. Níl aon easpa Teachtaí Dála eile i bhFine Gael (Naughton nó Browne atá á gcur chun na roinne go sealadach, nó leithéidí Josepha Madigan, Paul Kehoe, Damien English agus go leor eile) ar leor a dtaithí chun dul i bhfeighil na roinne ar feadh sé mhí.

Ba chóir go mbeadh dea-thoradh amháin ar an sop in áit na scuaibe a d’fhógair an Taoiseach Déardaoin. Tá bearna áiféiseach léirithe sa chóras. Ba chóir go ndíreodh an réiteach faoi dheifir aird ar an riachtanas ionas go dtógfar an bhearna – le reifreann más gá – sula mbeidh gá le réiteach áiféiseach eile arís.

Tá Tionól na Saoránach ag plé moltaí faoi láthair chun comhionannas inscne a chur chun cinn. 

D’iarr an rún Oireachtais faoinar bunaíodh é ar an Tionól moltaí a dhréachtú “le rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach na mban, agus comhdheiseanna ceannaireachta dóibh, a chinntiú ar gach leibhéal cinnteoireachta san áit oibre, sa pholaitíocht agus sa saol poiblí.”

Go deimhin.

Fág freagra ar 'Múineann gá seift ach tá an iomarca cúraimí leagtha ar Heather Humphreys'