Mórchlár ceol traidisiúnta RnaG ag ceiliúradh 10 mbliana ar an aer

Craolfar anocht an chéad chlár i sraith dhá chuid a dhéanfaidh ceiliúradh ar an gclár Ceol Binn ó na Beanna, ar cuireadh tús leis 10 mbliana ó shin

Mórchlár ceol traidisiúnta RnaG ag ceiliúradh 10 mbliana ar an aer

Craolfar anocht ar Raidió na Gaeltachta an chéad chlár i sraith dhá chuid a dhéanfaidh ceiliúradh ar mhórchlár ceol traidisiúnta an stáisiúin Ceol Binn ó na Beanna, atá ag craoladh le 10 mbliana anuas an tseachtain seo.

Is í an craoltóir agus fliúiteadóir aitheanta Neansaí Ní Choisdhealbha, atá i mbun an chláir ó thús ama, a chuirfidh an dá eagrán speisialta i láthair anocht agus Dé Céadaoin ag 7pm.

Mar chuid den cheiliúradh, thug Ní Choisdhealbha, atá ina hEagraí Ceoil le Raidió na Gaeltachta, cuireadh do cheoltóirí “a d’fhás aníos leis an gclár” píosa ceoil a thaifeadadh do bhreithlá 10 mbliana an chláir.

I measc na gceoltóirí a bheas le cloisteáil tá Ciarán Ó Maonaigh, Caitlín Nic Gabhann agus Cathal Ó Curráin, atá sa ghrúpa The High Seas, fear an chonsairtín Jack Talty, an fidléir aitheanta Bríd Harper, an boscadóir Darren Breslin, muintir Hernon agus Macdara agus Micheál Ó Raghallaigh.

Beidh rogha an láithreora ó chartlann Ceol Binn ó na Beanna le cloisteáil le linn an dá chlár chomh maith leis an chuid is fearr den cheol a bhailigh Ní Choisdhealbha féin thar na blianta.

Tá stór mór ceoil bailithe ag Neansaí Ní Choisdhealbha le linn a tréimhse 10 mbliana mar eagraí ceoil i Raidió na Gaeltachta agus í i mbun taifeadta ag féilte ceoil, ceolchoirmeacha agus ócáidí eile.

Ag labhairt di faoi cheiliúradh 10 mbliana an chláir, dúirt Neansaí Ní Choisdealbha gur “pribhléid mhór” di an deis a bheith aici a bheith ag obair ar chlár a chuireann “ardán” ar fáil do cheoltóirí ar fud na tíre.

“Tugann an clár Ceol Binn ó na Beanna ardán do cheoltóirí óga agus ceoltóirí nach raibh le cloisteáil roimhe seo, do cheoltóirí gairmiúla atá ag iarraidh a gcuid saothar a chur os comhair an phobail, agus freisin tugann sé deis domsa a bheith ag tochailt do sheanseoda luachmhara i gcartlanna na tíre, agus i seantaifid eile a thagann mo bhealach ó am go ham. 

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na héisteoirí, agus na ceoltóirí, as a gcuid tacaíochta le deich mbliana anuas, mar murach iad ní bheadh muid anseo,” a dúirt Neansaí Ní Choisdhealbha.

 

Fág freagra ar 'Mórchlár ceol traidisiúnta RnaG ag ceiliúradh 10 mbliana ar an aer'