Moladh go ndéanfaí scrúduithe cainte le linn laethanta saoire na Cásca de bharr ganntanas múinteoirí

Is sa Ghaeilge, sa bhFraincis agus sa Ghearmáinis is mó atá ganntanas scrúdaitheoirí don scrúdú cainte

Moladh go ndéanfaí scrúduithe cainte le linn laethanta saoire na Cásca de bharr ganntanas múinteoirí

Tá léargas eile fós tugtha ar ghéarchéim na múinteoirí Gaeilge agus príomhoidí ag moladh anois go mbogfaí scrúduithe cainte na hArdteiste go dtí laethanta saoire na Cásca i bhfianaise na heaspa mór scrúdaitheoirí do na scrúduithe cainte.

Tá an easpa chomh mór sin go bhfuil achainí déanta ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar phríomhoidí na tíre múinteoirí a spreagadh chun cur isteach ar obair mar scrúdaitheoirí do scrúduithe cainte na hArdteiste.

Is sa Ghaeilge, sa bhFraincis agus sa Ghearmáinis is mó atá ganntanas scrúdaitheoirí.

Mhol an Cumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha go reáchtálfaí na scrúduithe cainte le linn laethana saoire na Cásca agus iad den tuairim gur thúisce a thiocfaí ar scrúdaitheoirí le linn na laethanta sin toisc nach mbeadh brú ar scoileanna ionadaithe a aimsiú dóibh.

Dúirt an Coimisiún Um Scrúduithe Stáit go mbeadh sé “an-chasta” na scrúduithe cainte a reáchtáil le linn saoire na Cásca agus nárbh léir go mbeadh dóthain scrúdaitheoirí ar fáil agus múinteoirí ar saoire.

Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag súil go n-éireoidh lena bhfeachtas earcaíochta is déanaí agus go mbeidh dóthain scrúdaitheoirí acu do na scrúdithe cainte i mí Aibreáin.

Dúirt Ard-Rúnaí an TUI John MacGabhann le déanaí go raibh ag teip ar scoileanna folúntais do mhúinteoirí Gaeilge a líonadh le múinteoirí a bhí cáilithe chun an Ghaeilge a theagasc, fadhb atá ag cruthú deacrachtaí móra don scrúdú cainte.

“Má scaoileann scoil le múinteoirí Gaeilge chun na scrúduithe [cainte] a dhéanamh, níl aon dul as, geall leis, ach go dteipfidh orthu macasamhail seirbhíse a chur ar fáil toisc go bhfuil ganntanas múinteoirí ionaid cáilithe ann,” a dúirt sé.

Dúirt leasArd-Rúnaí an ASTI, Moira Leydon, gur “fíor-údar imní” an ganntanas múinteoirí do na scrúduithe cainte sa Ghaeilge agus i dteangacha eile.

“Bhí fadhbanna anuraidh againn nuair a bhí an coimisiún ag lorg scrúdaitheoirí agus is amhlaidh gur ag géarú a bheidh na fadhbanna sin arís,” a dúirt Moira Leydon.

Léirigh figiúirí a foilsíodh le déanaí nach bhfuil formhór mór na múinteoirí a cheaptar i scoileanna áirithe  d’fholúntais pháirtaimseartha mar mhúinteoirí Gaeilge cáilithe chun an teanga a theagasc.

De réir suirbhé a rinne Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha i measc na scoileanna faoina gcúram, le linn na scoilbhliana seo líonadh 62% de na folúntais sin le múinteoirí nach raibh cáilithe chun an Ghaeilge a mhúineadh. Bhí 28% de na múinteoirí a earcaíodh chun an Ghaeilge a mhúineadh cáilithe chuige sin agus níor líonadh 10% de na folúntais a bhí ann do mhúinteoirí Gaeilge.

Fág freagra ar 'Moladh go ndéanfaí scrúduithe cainte le linn laethanta saoire na Cásca de bharr ganntanas múinteoirí'