Moladh déanta nár chóir aon scoil Bhéarla nua a bhunú i bpríomhchathair na Breataine Bige

Deir comhairleoir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, gur cheart ‘scoileanna lán-Bhreatnaise nó scoileanna dátheangacha amháin’ a bhunú in Caerdydd feasta

Moladh déanta nár chóir aon scoil Bhéarla nua a bhunú i bpríomhchathair na Breataine Bige

Tá ráite ag Comhairleoir sa Bhreatain Bheag nár chóir aon scoil Bhéarla nua a bhunú i bpríomhchathair na Breataine Bige, Caerdydd.

Deir Phil Bale, comhairleoir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, gur cheart don chomhairle machnamh a dhéanamh ar ‘scoileanna lán-Bhreatnaise nó scoileanna dátheangacha amháin’ a bhunú sa chathair as seo amach.   

Dúirt Bale, a bhí ina cheannaire ar an chomhairle ó 2014 go 2017, go gcreideann sé go bhfágann daltaí scoileanna Béarla “gan aon Bhreatnais acu nó gan acu ach an  beagán”.

Ag labhairt dó ag ócáid de chuid Chumann na Breatnaise a bhí ar siúl in Caerdydd le déanaí, dúirt an Comhairleoir Bale go bhfuil straitéis na comhairle ag teacht le sprioc an rialtais go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise ann faoin mbliain 2050 ach “nach bhfuil aon chúis nach bhféadfadh an phríomhchathair dul níos faide ná sin”.

Caithfidh comhairleoirí a bheith “cróga”, a deir sé, agus cinntí á ndéanamh acu maidir le scoileanna nua a bheith ina scoileanna Breatnaise nó ina scoileanna dátheangacha.

Faoi láthair, agus measúnú á dhéanamh faoi cé acu an scoil Bhéarla, Bhreatnaise nó eile a thógfaí i gcathair Caerdydd, féachtar ar an bhfás a mheastar a thiocfaidh ar an daonra sa cheantar agus ar an éileamh a bhíodh go traidisiúnta ar scoileanna Breatnaise ansin.

Dúirt Bale gur cheart don phríomhchathair, má tá sí “dáiríre” faoin líon ard daltaí a fhágann an scoil gan aon Bhreatnais nó ar bheagán Breatnaise a laghdú, machnamh a dhéanamh faoi pholasaí nua a thabhairt isteach go mbunófaí scoileanna Breatnaise nó dátheangacha amháin. 

Tháinig ráiteas an Chomhairleora Bale sna sála ar ráiteas níos diúltaí faoi cheist na Breatnaise sa chóras oideachais a rinne an fear gnó Bruce Robertson.

Tuairiscíodh ar an suíomh Walesonline.co.uk, gur cháin úinéir Trago Mills, a bhfuil siopaí ilrannacha aige sa Bhreatain Bheag agus i Sasana, an córas oideachais sa Bhreatain Bheag toisc teanga eile seachas an Béarla a bheith á teagasc sna scoileanna.

I litir a scríobh Robertson chuig Coimisinéir Teanga na Breatnaise, Meri Huws, i mí na Bealtaine seo caite, agus a foilsíodh sna meáin ó shin, dúirt Robertson gur ábhar imní dó caighdeán litearthachta chuid de na daoine a fuair a gcuid oideachais i scoileanna Breatnaise sa Bhreatain Bheag.

Thagair sé sa litir d’fhostaí a litrigh an focal ‘troscán’ mar ‘fernicher’ agus fianaise á tabhairt aige ar laigí atá sa chóras oideachais.

Dúirt sé chomh maith sa litir gurbh ionann comharthaíocht dhátheangach agus “visual clutter”, ráiteas a chuir olc ar lucht labhartha na Breatnaise a rinne agóid lasmuigh de Trago Mills i dtuaisceart Caerdydd Dé Sathairn.

Fág freagra ar 'Moladh déanta nár chóir aon scoil Bhéarla nua a bhunú i bpríomhchathair na Breataine Bige'