Le trí bliana anuas, is ar Bhealach an Doirín a bhí mo thriall mí Lúnasa agus mé ag glacadh páirt sa bhFéile Ealaíne ansin. Agus mé ag siúl trí mo bhaile dúchais an tseachtain seo caite, bhuail an smaoineamh mé gur cineál ‘turas treoraithe’ a bhí ar bun agam agus gan éinne do mo threorú ach mo smaointe stairiúla féin.
Ní hé Bealach a’Doirín an chéad bhaile tuaithe in Éirinn a thosaigh ag tabhairt níos mó suntais dá stair féin, idir sheanfhoirgnimh an bhaile, na daoine a mhair ann fadó agus iarsmaí stairiúla agus réamhstairiúla an cheantair. Ach i mbliana b’fhacthas dom go raibh tréaniarracht ar bun acu leis an mbaile a chur ina bheo arís.
Díreach in am don fhéile a athosclaíodh Teach Uí Dhiolúin, an teach ina mbíodh James Dillon agus a theaghlach ina gcónaí. Teachta Dála, Aire Rialtais agus ceannaire ar Fhine Gael tráth, pearsa mhór ar chuile bhealach ab ea James Dillon. Bhí súilaithne agam air ach ní minic a labhródh an gnáthdhuine leis. Bhí feirm mhór aige ar imeall an bhaile, bainisteoir feirme ina bhun, agus é féin go minic i mBaile Átha Cliath i mbun cúrsaí rialtais.
Aisteach go leor, ní Teachta Dála áitiúil a bhí ann – Muineachán an dáilcheantar a bhí aige. Agus fearacht James Dillon, bhí polaiteoir eile ina chónaí ar an mbaile, a raibh a Dháilcheantar in áit eile. Pearsa mhór staire, ar an bpáirc pheile agus san Dáil ab ea Seán Flanagan. Teachta Dála do Mhaigh Eo Thoir agus do Mhaigh Eo Theas, Aire Sláinte faoi Jack Lynch a bhí ann ach an cháil ba mhó a bhí air, ná gurb é Seán Flanagan captaen fhoireann peile Mhaigh Eo a bhuaigh Craobh Uile-Éireann i 1951. Agus nuair a deir daoine ‘51’ bíonn a fhios ag gach duine cad faoi a bhfuilimid ag caint.
Teach príobháideach é an teach i gcónaí – i Sráid an Phuint – ach níor tháinig mórán d’athrú air ó bhí muintir Flanagan ina gcónaí ann.
Tugann an bosca poist le fios nach inniu ná inné a tógadh an baile. Is léir gur cuireadh ann é nuair a bhí Edward VII i réim i Sasana agus le lámh an sprionlóra, greanadh an SÉ do Shaorstát Éireann ar an mbosca nuair a cuireadh brat péint uaine air. Rud é seo atá feicthe uair nó dhó thart anseo i mBaile Átha Cliath agam, ach níor thug mé aon suntas dó faoin tuath go dtí go raibh mé do mo threorú féin thart ar an mbaile.
Agus ar mo bhealach amach as na sráideanna, ag dul i dtreo teach Uí Nuadháin, chuaigh mé thar an teach mór a bhí ina óstán tráth – an Abbeyfield Hotel, mar a bhí tráth. Ach roimhe sin, bhí teach eile ansin ar tugadh an ‘Abbey’ air agus bhí cara mór liom féin ina cónaí ann. Is iomaí lá samhraidh a chaith mé féin agus í féin ag spraoi sna páirceanna thart timpeall an tí agus ag déanamh luascáin sa chrann mór seiceamair amach ar a aghaidh.
Roinnt mhaith blianta ó shin, nuair a osclaíodh an t-óstán nua, bhí ardnósachas aisteach ag baint leis an leagan amach. D’fheistigh siad lampa mór a bhí ar a laghad deich dtroithe ar leithead, i halla fáilte an óstáin.
Nuair a shiúlamar isteach an lá ar osclaíodh é, bhí mo chara (a bhí imithe ar imirce le fada an lá, taobh thiar díom).
Ghlac sí canúint ardnósach agus d’fhógair ‘Ó tá áthas an domhain orm gur choinnigh siad an chandelier,’ agus bhris gach duine amach ag gáire.
Shiúil mé isteach an geata ach ní óstán atá in Abbeyfield a thuilleadh. Le fada an lá tá sé iompaithe ina lárionad ‘EROC’ do theifigh agus daoine ag iarraidh tearmainn. Chonaic mé crann beag feistithe le paidreacha nó beannachtaí b’fhéidir – scríofa in Araibis – díreach mar a bheadh crann in aice tobar beannaithe, áit ar bith sa tír.
B’fhéidir gur cuimhneach libh go raibh an lárionad go mór sa nuacht blianta ó shin nuair a labhair bean ghnó áitiúil, Mary Gallagher, amach i gcoinne daoine a bhí ag clamhsán faoi theifigh agus a leithéidí. Chuaigh mé thar shiopa Mary Gallagher agus bhí cuma thruamhéalach ar an áit. Ba chuimhin liom cuairt a thabhairt uirthi agus agallamh a chur uirthi na blianta ó shin ach fiú amháin an t-am sin bhí deireadh ag teacht le ré na siopaí beaga sna bailte.
Bhí mé in ann siúl thar thithe a raibh siopaí nó tithe ósta iontu uair amháin agus bheadh duine in ann a dhéanamh amach ón gcuma atá ar an doras tosaigh nó an fhuinneog, b’fhéidir, go raibh siopa ansin tráth.
Amach liom thar mo sheanteach féin agus cúpla ciliméadar síos an bóthar, sheas mé i mbaile beag Mainistir Éidín nó Aodáin, nó Mainistir Réadáin, de réir logainm.ie, agus mar is dual dom, chaith mé súil ar na huaigheanna ansin. Thug mé faoi deara go raibh a n-áit féin ag muintir Mhic Diarmada – na MacDermots – an dream a raibh teideal ‘Prionsa Chúil Ó bhFinn’ orthu uair amháin. Caitlicigh a bhí iontu, ar ndóigh agus faoin am go raibh aon aithne agamsa orthu, ní mórán de mhaoin an tsaoil a bhí acu. Thagadh an ‘Mac’ thart ó theach go teach lena veainín beag agus úlla óna úllord féin á ndíol aige.
Istigh sa séipéal beag ar an mbaile céanna, sheas mé os comhair an chuimhneacháin do dhuine de chlann Mhic Diarmada, Hugh Maurice MacDermot, agus nárbh é an 9 Lúnasa a bhí ann. An lá céanna, ar maraíodh an fear óg 19 mbliana i gceann de na cathanna ba mhó cáil, droch-cháil, Cath Gallipoli, sa Chéad Chogadh Domhanda, 110 bliain ó shin go díreach.
Bhí deireadh ag teacht le mo thuras treoraithe agus bhí sméara dubha ag fás go tréan chuile áit thart orm. B’fhéidir nach suim le daoine iad níos mó, dúirt mé liom féin.
Ar ámharaí an tsaoil nach raibh cúpla mála plaisteach le zip ar a mbarr, coinnithe i mbúit an chairr agam. Nach mbíonn gá le híocaíocht nó síneadh láimhe éicint a thabhairt don treoraí ag deireadh an lae?
Bhí meascán deas, ní féidir ‘subh’ a thabhairt air, ach bhí blas den scoth air nuair a tugadh ar ais go Baile Átha Cliath é.
Fág freagra ar 'Mo thuras treoraithe ar Bhealach an Doirín'