Mná Naomh Anna agus Laochra Bhéal Feirste le feiceáil i sraith nua TG4

Tabharfaidh an dara sraith den chlár ‘Ár gClub’ léargas ar thrí chumann, Naomh Anna, Leitir Móir i nGaillimh, Ráth an Iúir i Loch Garman, agus Laochra Loch Lao i mBéal Feirste

Mná Naomh Anna agus Laochra Bhéal Feirste le feiceáil i sraith nua TG4

Daithí Mac Gabhann agus imreoirí Laochra Loch Lao

Cuirfear tús leis an dara sraith den chlár Ár gClub ar TG4 anocht agus cumann Gaeltachta agus cumann lán-Ghaeilge faoi chaibidil sa tsraith nua.

Díreoidh an tsraith ar na pobail lena mbaineann siad agus ar na heachtraí a thit amach i dtrí chumann éagsúla in 2019, Naomh Anna, Leitir Móir i nGaillimh, Laochra Loch Lao i mBéal Feirste, agus Ráth an Iúir i Loch Garman.

Thuill an chéad sraith den chlár, a craoladh anuraidh, moladh as an léargas a thug sé ar an mbród, an dílseacht agus an tsuim a chothaíonn an club CLG i measc an phobail.

I gConamara, díreoidh an tsraith ar fhoireann pheile na mban Naomh Anna agus iad ag imirt i nGaillimh. Leanfar beirt imreoirí ón gcumann freisin, Sarah Ní Loingsigh agus Ríona Ní Fhlatharta, agus iad mar chuid d’fhoireann shinsir pheile an chontae a bhí páirteach i gcluiche ceannais na hÉireann chomh maith.

I mBéal Feirste, casfar le baill de Laochra Loch Lao, an cumann lán-Ghaeilge a tháinig ar an bhfód i gceart in 2017. Rachaidh lucht an chláir ina dteannta go dtí Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáladh i gCorca Dhuibhne. Casfar le duine an-speisialta de lucht tacaíochta na Laochra, Daithí Mac Gabhann, agus an cumann ag iarraidh aird a tharraingt ar an bhfeachtas atá ar bun maidir leis an tábhacht a bhaineann le deonú orgán.

Buailfear i Loch Garman le Clár Ní Conchúir, bean a bhuaigh Craobh Camógaíocht na hÉireann trí huaire le foireann an chontae. Tá Clár ag iarraidh filleadh ar fhoireann Ráth an Iúir tar éis di páiste a bheith aici agus é mar sprioc aici imirt lena cuid deirfiúracha ar feadh bliain amháin eile.

Sé chlár san iomlán atá i gceist sa tsraith nua atá déanta ag an gcomhlacht léiriúcháin Aniar do TG4. Craolfar an tsraith ag 8pm gach Dé Máirt.

Fág freagra ar 'Mná Naomh Anna agus Laochra Bhéal Feirste le feiceáil i sraith nua TG4'