Mirror, mirror on the wall…seo chugainn ‘scátháin fhíorúla’ gan snáth a bhaint díot!

Leis an teicneolaíocht 3D is cuma cén treo a chasann tú beidh tú le feiceáil agus an blús nó an treabhsar nua fáiscthe ort ag na scáileáin dhraíochta seo

Mirror, mirror on the wall…seo chugainn ‘scátháin fhíorúla’ gan snáth a bhaint díot!

Ar sheas tú riamh i siopa éadaí agus drogall ort tabhairt faoin siúlóid chuig an seomra gléasta le feisteas éigin a thriail ort? Leisce nó tuirse tar éis lá fada ag siopadóireacht a d’fhágfadh duine in ísle brí le go mbeadh amhras orthu arbh fhiú an tairbhe an trioblóid dul sa seans leis an ngúna amháin eile sin nó an bharréide nach raibh tú iomlán cinnte faoi.

Bhuel, tá dea-scéala agam duit; thug an comhlacht Lidl le fios le gairid go mbeidh ‘scátháin fhíorúla’ in úsáid acu ina gcuid siopaí sa tír seo go luath.

Níl mé ag rá gur i Lidl is mó a cheannaíonn léitheoirí Tuairisc.ie a gcuid éadaí ach bí cinnte nach fada go mbeidh an teicneolaíocht nua-aimseartha atá le n-úsáid ag an chomhlacht ollmhór Gearmánach in úsáid go coitianta i siopaí faisin ar fud fad na tíre.

Céard atá i gceist leis na ‘scátháin fhíorúla’ agus cén chaoi a n-oibríonn siad?

Is ceart a rá ar dtús nach scátháin iad ar chor ar bith ach scáileáin leictreonacha. Nuair a sheasann tú os comhair ceann acu feiceann tú íomhá díot féin mar a d’fheicfeá i scáthán nó ar scáileán teilifíse.

Nuair a thugann tú ball éadaí éigin de chuid an tsiopa chuig an scáthán fíorúil feicfidh tú íomhá díot féin agus an t-éadach sin á chaitheamh agat! Leis an teicneolaíocht 3D is cuma cén treo a chasann tú beidh an blús nó an treabhsar sin fáiscthe ort ag an scáileán draíochta seo.  

Ní gá duit aon imní a bheith ort faoi na toisí cearta a bheith aimsithe agat beidh tomhas déanta ag na léasair agus na ceamaraí sa scáthán fíorúil ar do mhéid agus do chruth trí scanadh a dhéanamh ort agus beidh an rogha cheart déanta duit.

Beidh a fhios agat gan snáth a bhaint díot an oireann an dath, an stíl agus an cruth atá ar an mball éadaigh seo duit. Ar ndóigh, níl tú teoranta d’aon earra amháin ag an am céanna sa domhan fíorúil seo agus is féidir leat gúna, bróga agus oiriúintí eile a thriail ort féin le chéile. Is féidir freisin an ‘scáthán fíorúil’ a úsáid le grianghraf díot féin sa bhfeisteas nua a sheoladh chuig cara le tuairim bhreise a fháil an oireann sé duit.

Tá leaganacha éagsúla den teicneolaíocht atá i gceist á bhforbairt agus a n-úsáid anseo agus ansiúd le breis agus 10 mbliana anuas ach is é an fógra ag Lidl an chéad uair, go bhfios dom, go mbeidh a leithéid in úsáid i siopaí sa tír seo. Tá Ralph Lauren agus Tommy Hilfiger imeasc na gcomhlachtaí móra atá ag úsáid na ndeiseanna seo ina gcuid siopaí i Meiriceá le tamall anuas.

Tá cleachtadh againn cheana féin ar ghné amháin den teicneolaíocht chéanna seo, na scagairí ar Snapchat a thugann deis duit íomhánna a athrú agus a leasú. 

Níl úsáid na scáthán fíorúil teoranta do shaol an fhaisin agus an fheistis amháin – tá siad chomh húsáideach céanna agus tástáil á déanamh ar tháirgí smididh.  Go deimhin, tá tús curtha ag an saoi smididh Charlotte Tilbury lena n-úsáid ina cuid siopaí i Londain le gairid. Is féidir an toradh a bheadh ar roghanna éagsúla smididh a fheiceáil gan lámh a leagan ar an smideadh atá ort cheana féin.

Ar ndóigh, is féidir samhail a fháil ar d’fhón póca trí aipeanna éagsúla den chosúlacht a bheadh ar bhall éadaí éigin ort gan an baile a fhágáil ar chor ar bith. Is féidir fiú na spéaclaí ó Specsavers a fheiceáil ar d’éadan féin trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht atá acu ar an suíomh gréasáin.

Nuair a bheidh fáil orthu go coitianta is céim iontach chun cinn a bheidh sna scátháin fhíorúla dóibh siúd ar mhaith leo siopadóireacht cheart a dhéanamh sa mbaile mór ach nach dtaitníonn an strus agus stró a bhaineann le bheith ag síor-athrú éadaí leo. Go háirithe nuair a bhuaileann an tuirse agus an leisce iad i ndeireadh an lae.

Fág freagra ar 'Mirror, mirror on the wall…seo chugainn ‘scátháin fhíorúla’ gan snáth a bhaint díot!'