Ní hí Theresa May an t-aon cheannaire Eorpach amháin a atoghadh le gairid a bhfuil deacrachtaí móra aici. Trí mhí ó shin, atoghadh an nua-liobrálach Mark Rutte ina phríomhaire san Ísiltír, ach níor éirigh leis comhrialtas a bhunú ó shin. Dé Luain, theip ar na cainteanna a bhí ar bun idir páirtí Rutte, an VVD, agus trí pháirtí eile nuair a tharraing ceann de na páirtithe sin, an páirtí glas agus sóisialach GroenLinks, amach.
Ceist na dteifeach ba chúis le teip na gcainteanna. Ní raibh ceannaire óg GroenLinks, Jesse Klaver (nó Justin Trudeau na hÍsiltíre mar a thugtar air go hidirnáisiúnta), sásta tacaíocht a thabhairt do rialtas nach dtabharfadh ‘barántas docheistithe’ nach dtabharfaí droim láimhe, gan deis ar thearmann, d’oiread agus duine amháin a bhainfeadh an Eoraip amach agus é ar a theitheadh ó chogadh.
Dea-theist ar Jesse Klaver é gan dabht nach raibh sé sásta géilleadh ar cheist atá an-tábhachtach don eite clé san Ísiltír.
Ach cá bhfios nach cinneadh straitéiseach a bhí ann, leis.
Bhí a pháirtí ar cheann de bhuaiteoirí móra an olltoghcháin ar an 15 Márta: d’éirigh le GroenLinks 14 suíochán a bhaint amach, 10 suíochán sa bhreis ar an líon a bhí acu roimhe sin. Ach, mar a chuirfeadh Comhaontas Glas agus Páirtí Lucht Oibre na hÉireann ar a súile dóibh gan amhras, is mairg don pháirtí beag sóisearach ar an eite clé a ghabhfadh isteach i gcomhrialtas nua-liobrálach.
Deacracht ar leith a bhaineann le toradh an olltoghcháin dheireanaigh san Ísiltír ná a scaipthe is a bhí an vóta: rinneadh míreanna mearaí den tírdhreach polaitiúil. Níl aon pháirtithe móra fágtha; ina ionad sin tá seacht gcinn de pháirtithe meánmhéide ann agus sé cinn de pháirtithe beaga bídeacha.
Theastódh ceithre pháirtí meánmhéide ar a laghad chun comhrialtas a chur le chéile a mbeadh tromlach acu sa pharlaimint, ach tá an dara páirtí is mó sa tír, PVV an pholaiteora Ioslamafóibigh agus frith-Eorpaigh Geert Wilders, as an áireamh agus geallúintí tugtha ag ceannairí na bpáirtithe eile nach rachaidh siad isteach i gcomhrialtas leis.
Is dóichí ná a mhalairt anois go n-iarrfar ar Pháirtí an Lucht Oibre, a ndearnadh slad orthu san olltoghchán (chaill siad 29 suíochán), nó ar an bPáirtí Sóisialach (SP) páirt a ghlacadh i gcainteanna comhrialtais le VVD nua-liobrálach Mark Rutte, le daonlathaigh Chríostaí an CDA agus le páirtí i gceartlár an speictrim pholaitiúil, D66. Tá páirtí fíorchoimeádach Críostaí, ChristenUnie, sásta páirt a ghlacadh i gcainteanna comhrialtais ach is deacair a shamhlú go rachadh D66, páirtí atá go mór i bhfabhar cearta eotanáise, isteach i gcomhrialtas le páirtí a bheadh ag iarraidh deireadh a chur le reachtaíocht na hÍsiltíre a cheadaíonn an eotanáis.
Déarfainn féin gur mó an seans go n-éireodh le comhrialtas a mbeadh Páirtí an Lucht Oibre mar chuid de – ach déarfainn freisin gurbh ionann sin agus buille an bháis don pháirtí sin.
Pé comhrialtas a bhunófaí, is cinnte nach thar oíche a tharlódh sé. Idir an dá linn, leanfaidh an Ísiltír ar aghaidh gan treo agus rialtas sealadach i bhfeidhm a bhfuil srianta móra lena chumhacht (ní féidir billí nua a dhréachtú, mar shampla). Is mór an trua sin, a dúirt Mark Rutte, agus ceisteanna móra le réiteach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
D’aontódh chuile dhuine san Ísiltír, beag beann ar a thuairimí polaitiúla, leis an bpríomhaire atofa faoin méid sin.
Fág freagra ar 'Míreanna mearaí Mark Rutte – an Ísiltír trí mhí ag fanacht ar chomhrialtas'