MIONLÉIRMHEAS: Súil siar ar an gCogadh Fuar

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, an cogadh fuar agus an comhfhios sa duine agus san ainmhí

MIONLÉIRMHEAS: Súil siar ar an gCogadh Fuar

Countdow
Yoffy Press a d’fhoilsigh, 2022.
144 lch
Toisí: 8×10″

Fear darbh ainm Donald Brennan (duine againn féin, is dócha!) a chum an téarma Mutually Assured Destruction, nó MAD (sic) sa bhliain 1962 chun cur síos ar an toradh a bheadh ar chogadh núicléach idir na cumhachtaí móra.

Is é atá sa leabhar Countdown ná grianghraif ó thréimhse an Chogaidh Fhuair a thugann léargas dúinn ar infreastruchtúr ionsaitheach agus cosantach na Stát Aontaithe nuair a bhí an domhan is a bhfuil ann i mbaol ollscriosta.

Grianghraif le Jeanine Michna-Bales agus Adam Reynolds. Réamhrá le Fred Kaplan.

D’imigh sin agus tháinig seo. Tráchtaire nach gcuireann fiacail ann agus í ag tagairt don bhruachaireacht núicléach is ea Caitlin Johnstone:

https://consortiumnews.com/2022/10/19/arguing-that-nuclear-brinkmanship-makes-us-safe/

Ár n-áit dhiamhair i Ríocht na nAinmhithe

Relaxing Chamber
Grianghraif le Eleksei Kazantsev
Téacs leis an Dr Christian Tudorache
Foilsithe ag dienacht, Beirlín, 2022
Teanga: Béarla
172 lch.
Toisí:  7¾x11″

An comhfhios sa duine agus san ainmhí téama an leabhair seo, an t-ainmhí ina shiombail aircitíopúil i gcuimhne na ndaoine:

Rugadh an grianghrafadóir sa bhliain 1975 in Slutsk sa Bhealarúis agus cónaí anois air in Antuairp na Beilge. Tá tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Súil siar ar an gCogadh Fuar'