MIONLÉIRMHEAS: Radhairc ar iargúil na hAstráile

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, iargúil na hAstráile agus ré órga Hollywood

MIONLÉIRMHEAS: Radhairc ar iargúil na hAstráile

Abhainn bholgtha (an Warrego), in Queensland

Adam Ferguson: Big Sky
GOST Books a d’fhoilsigh
Toisí (portráid) 290 x 350 mm
88 lch, 46 íomhá
Clúdach crua
ISBN 978-1-915423-44-3
ISBN (sínithe) 978-1-915423-45-0

Is iomaí tagairt sna hamhráin do Botany Bay agus imircigh ó Éirinn ag triall ar an Astráil. Ba in aghaidh a dtola ar feadh i bhfad a sheoladar thar loch amach. Maireann a sliocht sna cathracha cois cósta. Níl mórán tagairtí againn, áfach, don iargúil cé nach rud neamhchoitianta é sloinne Éireannach a bheith ag Bundúchasaigh na hAstráile.

Chaith na Sasanaigh go hainnis ar fad leis na Bundúchasaigh agus tá tagairtí ann do Bhundúchasaigh a bheith sáite sa ghaineamh, gan ach an cloigeann le feiceáil os cionn talún agus an cloigeann céanna in úsáid mar liathróid rugbaí ag na coilínigh chun cic a chleachtadh.

Ní ritheann sé riamh le coilínigh go bhfuil go leor le foghlaim againn ó na Bundúchasaigh. Bhí Bundúchasaigh rompu san Astráil le 65,000 bliain, creid é nó ná creid. Speiceas fodhaonna ab ea iad i súile na gcoilíneach. Ní fhéadfadh cultúr ná creideamh a bheith ag speiceas den sórt sin!

Guth sa ghaineamhlach: Tréadaí Liútarach.

An bhfuil jab uait san Astráil? Má tá seithe righin ort, cad faoi mharú cangarúnna? Is ar mhaithe le feoil agus seithe a mharaítear iad.

Bíonn buíonta sealgairí amuigh gach oíche sa tóir ar na cangarúnna.

Pictiúrlann tiomáin isteach in Utah, Meiriceá, agus daoine ag breathnú ar Na Deich nAitheanta

An Domhan Trí Shúile Hollywood

LIFE. Hollywood
Taschen 
a d’fhoilsigh
Clúdach crua, dhá imleabhar

Toisí: 10.4 x 14.2 orlach.

708 lch

ISBN 978-3-8365-8959-8
Luach:250 US$

Hitchcock

Tá sráidbhailte san India agus is bandéithe a gcreideann an pobal iontu iad na haisteoirí a ghlacann páirt na mbandéithe i scannáin Bollywood. Is minic áit lárnach ina saol ag aisteoirí Hollywood ag muintir an Iarthair leis.

Déanann an leabhar seo dhá ré órga ar leith a cheiliúradh, ré órga an tseachtanáin LIFE (1936 -1972) agus ré órga Hollywood.

Bardot, bandia

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Radhairc ar iargúil na hAstráile'